Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha

Aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 — lena n-áirithítear aicmiú seasmhach gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar fud AE

Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 — lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha atá le húsáid ar fud AE chun a áirithiú go mbeidh an staidreamh a bhailítear inchomparáide.
  • Leasaíodh an rialachán roinnt uaireanta. Ba é an príomhleasú Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 lena mbunaítear NACE Athbhreithniú 2, atá i bhfeidhm faoi láthair.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Sainítear sa rialachán aicmiú 4 dhigit de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha, ar a dtugtar NACE* de ghnáth. Tagraíonn an rialachán ina bhunfhoirm do NACE Athbhreithniú 1. Tá NACE Athbhreithniú 2 i bhfeidhm ó 2008 i leith, áfach.
  • Tagann NACE, a tugadh isteach in 1970 ar dtús, le haicmiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha na Náisiún Aontaithe ISIC (Rangúchán Tionsclaíoch Caighdeánach Idirnáisiúnta i dtaca le gach Gníomhaíocht Eacnamaíoch). De dheasca é sin is féidir staidreamh a chur i gcomparáid le staidreamh eile ar fud tíortha agus i réimsí éagsúla.
  • Struchtúr ordlathach is ea struchtúr alfa-uimhriúil NACE agus is iad seo a leanas a 4 leibhéal, mar atá sonraithe in iarscríbhinn an rialacháin:
    • ceannteidil arna sainaithint le cód aibítre (ranna), e.g. Roinn A: Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht;
    • ceannteidil arna sainaithint le cód uimhriúil 2 dhigit (rannáin), e.g. Rannán 01: Táirgeadh barr agus ainmhithe, sealgaireacht agus gníomhaíochtaí seirbhíse gaolmhara agus Rannán 02: Foraoiseacht agus lománaíocht;
    • ceannteidil arna sainaithint le cód uimhriúil 3 dhigit (grúpaí), e.g. Grúpa 01.2: Barra ilbhliantúla a fhás;
    • ceannteidil arna sainaithint le cód uimhriúil 4 dhigit (aicmithe), e.g. Aicme 01.21: Fíonchaora a fhás.
  • In 2009, cuireadh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach in ionad an Choiste um an gClár Staidrimh. Tá sé freagrach as NACE a chur chun feidhme agus a bhainistiú agus as a chur chun feidhme aonfhoirmeach ar fud AE a áirithiú. Áirítear ar an gcoiste ionadaithe thíortha AE agus tá sé faoi chathaoirleach an Choimisiúin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm le Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón 13 Samhain 1990.

Le glacadh Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90, tá NACE Athbhreithniú 2 i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2008 i ngach réimse seachas staidreamh gearrthéarmach agus innéacs na gcostas saothair atá i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2009 i leith.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

NACE: giorrúchán d’ainm aicmiú AE maidir le staidreamh gníomhaíochtaí eacnamaíochta a thagann ón bhFraincis Nomenclature statistique des activités économiques.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha NACE Athbhreithniú 2 agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe ar réimsí sonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lgh. 1-39)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle an 9 Deireadh Fómhair 1990 maidir le haicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha sa Chomhphobal Eorpach (IO L 293, 24.10.1990, lgh. 1-26)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 13.11.2017

Top