EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Conradh Amstardam

Conradh Amstardam

 

ACHOIMRE AR:

Conradh Amstardam lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN GCONRADH?

  • Rinneadh Conradh Maastricht ar an Aontas Eorpach a nuashonrú agus a shoiléiriú leis.
  • Rinneadh na hathruithe suntasacha a tugadh isteach leis a dhearadh chun AE a ullmhú dá mhéadú sa todhchaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Leagtar síos leis an gconradh na haidhmeanna a leanas do AE:

  • dul chun cinn eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn, mar aon le leibhéal ard fostaíochta agus forbairt inbhuanaithe agus chothrom;
  • féiniúlacht AE a dhearbhú ar an ardán idirnáisiúnta;
  • cearta agus leasanna náisiúnaigh AE a threisiú;
  • AE a choinneáil agus a fhorbairt mar limistéar saoirse, slándála agus ceartais;
  • corpas dlí AE (ar a dtugtar an acquis communautaire) a choinneáil agus a fhorbairt.

Comhbheartas eachtrach agus slándála (CBES)

  • Déantar é sin a threisiú ar na bealaí a leanas:
    • comhstraitéisí, gníomhaíochtaí comhpháirteacha, comhsheasaimh agus comhar níos córasaí a éascú idir thíortha AE;
    • na saincheisteanna uile a bhaineann le slándáil AE a chuimsiú, lena n-áirítear forbairt fhorchéimnitheach comhbheartais chosanta, laistigh den CBES;
    • naisc níos dlúithe a fhorbairt leis an eagraíocht cosanta, Aontas Iarthar na hEorpa;
    • ceanglas a chur ar Bhallstáit a seasaimh in eagraíochtaí idirnáisiúnta a chomhordú, go háirithe na Náisiúin Aontaithe;
    • post a chruthú mar Ard-Ionadaí don chomhbheartas eachtrach agus slándála — ról a tugadh d’Ard-Rúnaí na Comhairle;
    • aonad réamhrabhaidh agus pleanála beartais a chur ar bun.

Comhar póilíneachta agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla

  • áirítear an méid a leanas le comhar póilíneachta:
    • cionta coiriúla a chosc, a bhrath agus a imscrúdú;
    • faisnéis ábhartha a bhailiú, a stóráil, a phróiseáil, a anailísiú, agus a mhalartú;
    • comhthionscnaimh oiliúna agus malartuithe oifigeach a eagrú;
    • teicnící imscrúdaithe a mheasúnú, go háirithe chun coireacht eagraithe a bhrath;
    • leas a bhaint as acmhainní Europol i réimsí amhail idirchaidreamh idir ionchúisitheoirí agus imscrúdaitheoirí agus líonra taighde, doiciméadúcháin agus staidrimh a chur ar bun maidir le coireacht laistigh de AE.
  • áirítear an méid a leanas le comhar breithiúnach:
    • eiseachadadh (an mheicníocht trína n-iarrann stáit go gcuirfí daoine ar ais ó stáit eile nuair a chuirtear cionta coiriúla ina leith nó go bhfuil siad ag teastáil chun pianbhreith a chomhlíonadh) idir thíortha AE a éascú;
    • comhoiriúnacht idir rialacha náisiúnta a áirithiú;
    • easaontachtaí dlínse a chosc;
    • íosrialacha a chur ar bun maidir le gníomhartha coiriúla agus pionóis i leith coireacht eagraithe, sceimhlitheoireachta agus gáinneáil aindleathach ar dhrugaí.

Comhar níos dlúithe

Féadfaidh rialtais AE ar mian leo oibriú níos dlúithe le chéile i réimsí áirithe beartais é sin a dhéanamh, ar an gcoinníoll go mbaineann na nithe a leanas leis an gcomhar sin:

  • cuirtear aidhmeanna agus leasanna AE chun cinn leis agus tugtar aird ar a phrionsabail;
  • úsáidtear é mar rogha dheireanach;
  • tá tromlach na dtíortha ar a laghad ina dtíortha AE;
  • níl tionchar aige ar chorpas dlí AE;
  • tugtar meas ar inniúlachtaí, cearta, oibleagáidí agus leasanna tíortha neamh-rannpháirteacha ann.

Víosaí, tearmann, inimirce agus beartais eile a bhaineann le saorghluaiseacht daoine

  • Aistrítear na beartais sin ó chomhar idir-rialtais i dtreo is go mbeidh siad ina gcuid de ghnáth-chinnteoireacht AE. Ní mór do rialtais AE bearta a ghlacadh, laistigh de 5 bliana, chun an méid a leanas a bhaint amach:
    • dul i ngleic le coireacht agus í a chosc, fad is a ndéantar cearta náisiúnaigh neamh-AE a chosaint;
    • comhar riaracháin agus breithiúnach a threisiú;
    • caighdeáin agus nósanna imeachta le haghaidh seiceálacha ag teorainneacha seachtracha AE;
    • rialacha a chur ar bun le haghaidh víosaí;
    • na critéir agus meicníochtaí a chinneadh chun plé le hiarratais ar thearmann.
  • Comhaontú Schengen ar thaisteal gan phas laistigh den AE corpraithe i gcóras dlí AE (cé nach bhfuil an Ríocht Aontaithe (1) ná Éire rannpháirteach sna socruithe sin).

Fostaíocht

  • Déantar tiomantas AE d’ardleibhéal fostaíochta a threisiú ar na bealaí seo a leanas:
    • an aidhm sin a chur san áireamh agus gníomhaíochtaí agus beartais uile AE á ndréachtú agus á gcur chun feidhme;
    • tuarascáil bhliantúil a chur isteach lena measúnú ag ceannairí AE;
    • ceanglas a chur ar gach rialtas faisnéis a chur ar fáil uair sa bhliain maidir leis an ngníomh a ghlac sé ar mhaithe le hardleibhéal fostaíochta;
    • coiste fostaíochta comhairleach a chruthú.

Saincheisteanna institiúideacha

  • Nós imeachta reachtach
    • rinneadh nós imeachta na comhchinnteoireachta, ina ndéanann rialtais AE, trí vótáil tromlaigh cháilithe, agus Parlaimint na hEorpa reachtaíocht a ghlacadh go comhpháirteach, a leathnú go tromlach na réimsí beartais agus tá rialacha soiléire curtha ar bun chun plé le haon díospóidí trí choiste idir-réitigh.
  • Parlaimint na hEorpa
    • tá uasteorainn de 700 feisire ann;
    • dréachtaíonn sí tograí le haghaidh nós imeachta aonfhoirmeach maidir le toghcháin Eorpacha;
    • cuireann sí rialacháin agus coinníollacha ginearálta ar bun maidir le dualgais a bhfeisirí;
    • vótálann sí chun ceapadh Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus an Choimisiúin féin mar chomhlacht a fhaomhadh.
  • An Coimisiún Eorpach
    • in AE ina bhfuil suas le 20 ball, bheadh Coimisinéir ag gach tír, ar an gcoinníoll gur comhaontaíodh ualú náisiúnta na vótaí sa Chomhairle;
    • ní mór athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar leagan amach institiúideach AE bliain amháin ar a laghad sula dtagann an 21ú Ballstát isteach.

Smachtbhannaí

Féadfaidh rialtais AE na cearta atá ag Ballstát de réir an chonartha a bhaint, lena n-áirítear an ceart chun vótála maidir le dréachtreachtaíocht, má mheastar go ndearna sé “sárú tromchúiseach agus leanúnach” ar bhunphrionsabail AE.

Simpliú

Déantar conarthaí éagsúla AE a shimpliú leis an gconradh trí bhreis agus 50 alt atá as feidhm a leasú nó a scriosadh agus athuimhriú a dhéanamh ar an gcuid eile díobh i dtreo is go mbeadh siad níos inléite.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?

Síníodh é an 2 Deireadh Fómhair 1997 agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Bealtaine 1999.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Conradh Amstardam lena leasaítear an Conradh ar an Aontas Eorpach, na Conarthaí lena mbunaítear na Comhphobail Eorpacha agus gníomhartha gaolmhara áirithe (IO C 340, 10.11.1997, lgh. 1-144)

Nuashonraithe 04.04.2018



(1) Tharraing an Ríocht Aontaithe siar as an Aontas Eorpach agus tá sí ina tríú tír (tír nach tír den Aontas Eorpach í) ó bhí an 1 Feabhra 2020 ann.

Top