Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Tá an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) ar cheann de phríomhchonarthaí AE, mar
aon leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE). Tá sé
mar bhunús le dlí AE, trí chuspóir AE, rialachas a institiúidí lárnacha, a
leagan amach.
Tá CAE bunaithe ar Chonradh Maastricht lenar sonraíodh céim nua den
lánpháirtiú Eorpach trí dhul níos faide ná an bunchuspóir eacnamaíoch
(cómhargadh). Réitíodh an bealach leis do lánpháirtiú polaitiúil le haistriú ó
Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) go dtí an tAontas Eorpach (AE).
Tugadh isteach líon athruithe suntasacha le Conradh Maastricht ar struchtúir, ar
institiúidí agus ar chinnteoireacht, ar réimsí beartais agus ar raon feidhme an
Aontais Eorpaigh nua sin.
Forbairt ghné shóisialta an Chomhphobail Eorpaigh leis an
bPrótacal Sóisialta i gceangal leis an gConradh lena leathnaítear cumhachtaí an
Choimisiúin sa réimse sóisialta.
Bunú phrionsabal na coimhdeachta agus phrionsabal na
comhréireachta, lena n–áirithiú go mbeidh cinntí chomh bainteach
agus is féidir leis an saoránach agus go mbeidh siad teoranta don mhéid is gá
chun na cuspóirí a bhaint amach.
Tabhairt isteach choincheap shaoránacht AE de bhreis agus de bharr ar an tsaoránacht
náisiúnta.
Leasuithe a rinneadh ar an gConradh
Rinneadh Conradh Maastricht a leasú ina dhiaidh sin leis na conarthaí seo a
leanas:
Le Conradh Amstardam (1997) méadaíodh cumhachtaí AE trí
bheartas fostaíochta Comhphobail a chruthú, trí roinnt de na réimsí a bhí faoi
réir comhar idir-rialtais sna réimsí ceartais agus gnóthaí baile a aistriú chuig
na comhphobail, trí bhearta a thabhairt isteach ina ndírítear ar AE a thabhairt
níos gaire dá shaoránaigh agus trí chomhar níos dlúithe idir tíortha áirithe AE
a éascú (comhar feabhsaithe). Leathnaíodh leis chomh maith nós imeachta na comhchinnteoireachta agus an vótáil trí thromlach cáilithe agus rinneadh airteagail na
gConarthaí a shimpliú agus a athuimhriú leis.
Le Conradh Nice (2001) déileáladh go bunúsach leis na
fadhbanna institiúideacha a bhain le méadú nár réitíodh in 1997: comhdhéanamh an
Choimisiúin, ualú na vótaí sa Chomhairle agus leathnú na réimsí um vótáil trí
thromlach cáilithe. Rinneadh na rialacha um nós imeachta maidir le comhar
feabhsaithe a shimpliú leis agus rinneadh an córas breithiúnach níos éifeachtaí
leis.
Rinneadh athchóirithe móra le Conradh Liospóin (2007). Cuireadh deireadh leis an
gComhphobal Eorpach leis — rinneadh an Conradh lena mbunaítear an Comhphobal
Eorpach a athainmniú mar an “Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh”. Cuireadh
deireadh le struchtúr 3 cholún AE roimhe seo leis agus leithdháileadh inniúlachtaí idir AE agus tíortha AE leis. Rinneadh an
dóigh a bhfeidhmíonn institiúidí AE agus an próiseas cinnteoireachta a
athbhreithniú chomh maith, chun oiriúnú do AE méadaithe de 28 tír AE. Rinneadh
athchóiriú chomh maith ar líon bheartais inmheánacha agus sheachtracha AE agus
cuireadh ar chumas na n–institiúidí gníomhú i réimsí beartais nua. Neartaíodh
gné dhaonlathach AE tuilleadh leis.
I ndiaidh 1992, leasaíodh an CAE leis na conarthaí aontachais
éagsúla, lenar méadaíodh líon thíortha AE ó 12 go 28 de réir a chéile.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME LEAGAN NUA AN CHONARTHA?
Arna shíniú an , tháinig Conradh
Liospóin — ina gcuimsítear an CAE agus an CFAE — i bhfeidhm an .
CÚLRA
Tá an Conradh ar an Aontas Eorpach (CAE) bunaithe ar Chonradh Maastricht,
síníodh é an , agus tagann a
leagan reatha, i ndiaidh leasuithe éagsúla, ó Chonradh Liospóin (2007).