Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Straitéis AE don tSiria

Straitéis AE don tSiria

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht chomhpháirteach (JOIN(2017) 11 críochnaitheach) — Straitéis AE don tSiria

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT CHOMHPHÁIRTEACH?

Leagtar amach gnéithe inti le haghaidh straitéis AE don tSiria (atá le faomhadh ag an gComhairle) ar conas is féidir le AE cuidiú níos fearr agus níos mó a thabhairt i leith réiteach polaitiúil marthanach sa tSiria faoin gcreat reatha arna chomhaontú ag na Náisiúin Aontaithe.

Is é an teachtaireacht an doiciméad straitéiseach is déanaí ina dtugtar aghaidh ar ghéarchéim na Siria. Tagann sí i ndiaidh Straitéis AE ar an tSiria a leagadh amach i Márta 2015 (agus a athbhreithníodh in 2016) mar chuid de straitéis réigiúnach AE don tSiria agus don Iaraic, agus do bhagairt ISIL/Da’esh. Tháinig an doiciméad é féin i ndiaidh teachtaireacht 2013 maidir le cur chuige cuimsitheach ar ghéarchéim na Siria.

PRÍOMHPHOINTÍ

Spriocanna straitéiseacha

Leagtar amach 5 sprioc straitéiseacha sa teachtaireacht:

  • Aon Siria amháin — tír a bheidh aonaithe agus comhtháite go críochach do shaoránaigh uile na Siria.
  • Siria dhaonlathach — rialtas dleathach agus córas polaitiúil iolraíoch ina dtugtar urramú do smacht reatha agus do chearta an duine — ar bhonn saoránacht chothrom.
  • Siria éagsúil agus uilechuimsitheach — tír ilchultúrtha ina mothaíonn na grúpaí eitneacha agus reiligiúnacha ar fad go bhfuil a bhféiniúlachtaí á gcosaint agus go bhfuil rochtain chothrom acu ar an rialtas.
  • Siria láidir agus slán — stát éifeachtach ina bhfuil institiúidí feidhmiúla, agus ina bhfuil fócas ar shlándáil agus ar sheirbhísí na saoránach, arm náisiúnta amháin agus fórsaí póilíneachta agus slándála cuntasacha.
  • Siria chobhsaí — córas polaitiúil cobhsaí agus geilleagar láidir, ina soláthraítear oideachas agus cúram sláinte mar is ceart dá dhaonra, chomh maith le bheith mealltach d’infheistíocht eachtrach, dea-chaidreamh a choimeád lena chomharsana agus a bheith ina pháirtí cuiditheach sa chomhphobal idirnáisiúnta.

Táthar ag súil go mbeidh filleadh sábháilte, sollúnta agus deonach dídeanaithe agus daoine díláithrithe eile mar thoradh ar na spriocanna sin a bhaint amach.

Cuspóirí

Sa teachtaireacht déantar measúnú ar na rioscaí agus na bagairtí atá ann de dheasca chogadh na Siria ar chroí-leasanna AE, agus ar an gcobhsaíocht réigiúnach agus dhomhanda. Mar fhreagairt, leagtar amach inti liosta de chuspóirí AE lena n-áirítear:

  • deireadh a chur leis an gcogadh trí phróiseas aistrithe polaitiúil arna idirbheartú ag na páirtithe sa choinbhleacht le tacaíocht ó Thoscaire Speisialta na Náisiún Aontaithe don tSiria agus ó phríomhghníomhairí idirnáisiunta agus réigiúnacha;
  • aistriú bríoch agus uilechuimsitheach a chur chun cinn sa tSiria trí thacaíocht chun an freasúra polaitiúil a neartú, ar aon dul le Rún 2254 Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus Communiqué na Ginéive;
  • daonlathas, cearta an duine agus saoirse cainte a chur chun cinn trí eagraíochtaí na sochaí sibhialta i Siria a neartú;
  • próiseas náisiúnta athmhuintearais a chur chun cinn ar bhonn iarrachtaí forbartha síochána agus aontoisceachas foréigneach agus seicteachas a chomhrac, lena n-áirítear cur chuige maidir le ceartas idirthréimhseach ina cheart cuntasacht as coireanna cogaidh a chuimsiú;
  • beatha a shábháil trí dhul i ngleic le riachtanais dhaonnúlacha na Siriach is leochailí ar mhodh tráthúil, éifeachtach, éifeachtúil agus ar bhonn prionsabail;
  • tacú le hathléimneacht dhaonra na Siria, institiúidí na Siria agus shochaí na Siria.

Gníomhaíochtaí

Chun na cuspóirí sin a chur i bhfeidhm, bunaítear sa teachtaireacht líon gníomhaíochtaí a dhéanfar i ndlúthchomhar le páirtithe réigiúnacha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta. Áirítear orthu sin:

  • tionscnamh, arna chomhordú leis na Náisiiún Aontaithe, chun plé polaitiúil a bhunú le príomhghníomhairí ón réigiún chun comhthuiscint don staid deiridh sa tSiria agus na coinníollacha don phróiseas athmhuintearais agus atógála a shainaithint;
  • le Tionscnamh Tacaíochta AE le haghaidh Phróiseas Síochána na Siria tá ardán nithiúil á fhorbairt chun tacú leis an bpróiseas síochána agus an sos cogaidh, na páirtithe freasúra a neartú agus cur leis an bplé leis an tsochaí shóisialta;
  • plé a spreagadh idir grúpaí freasúra pháirtithe leasmhara na Siria, amhail eagraíochtaí na sochaí sóisialta, ceannairí reiligiúnacha agus treibhe, an pobal gnó agus cumainn ban, chun a dtuairimí a chorprú in ardán polaitiúil;
  • cúnamh a thabhairt do ghnéithe éagsúla shochaí na Siria chun tacú le cómhaireachtáil shíochánta agus athléimneacht an phobail mar réamhriachtanas chun Siria dhaonlathach a fhorbairt amach anseo.

Luathphleanáil le haghaidh atógála agus aistrithe

Chun a bheith réidh le gníomhú go tapa agus go héifeachtach a luaithe is a thosaíonn aistriú polaitiúil, leagtar amach céimeanna sa teachtaireacht faoina gcumhdaítear iad seo a leanas:

  • pleanáil i ndiaidh an chomhaontaithe — áirítear leis sin leanúint le bheith páirteach sa chleachtadh pleanála i ndiaidh an chomhaontuithe arna dhéanamh ag Tascfhórsa Idirghníomhaireachta na Náisiún Aontaithe agus cur leis an gcleachtadh sin;
  • ról AE in atógáil na Siria — d’fhéadfadh smachtbhannaí a thógáil, comhar a atosú agus maoiniú a chur ar fáil bheith i gceist leo sin.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Gnéithe le haghaidh Straitéis AE don tSiria (JOIN(2017) 11 críochnaitheach, 14.3.2017)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Glacann an Chomhairle Straitéis AE don tSiria (preaseisiúint), 3 Aibreán 2017

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Gnéithe le haghaidh Straitéis réigiúnach AE don tSiria agus don Iaraic chomh maith le bagairt Da’esh (JOIN(2015) 2 críochnaitheach, 6.2.2015)

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — I dtreo chur chuige cuimsitheach AE maidir le géarchéim na Siria (JOIN(2013) 22 críochnaitheach, 24.6.2013)

Nuashonraithe 07.12.2017

Top