Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cearta an linbh a chosaint — Treoirlínte 2017

Cearta an linbh a chosaint — Treoirlínte 2017

 

ACHOIMRE AR:

Treoirlínte AE maidir le cearta an linbh a chur chun cinn agus a chosaint (2017)

Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS NA TREORLÍNTE?

  • Nuashonraítear iontu cur chuige an Aontais Eorpaigh (AE) lena bhfuil sé mar aidhm cearta an linbh* a áirithiú i mbeartais agus i ngníomhachtaí seachtracha uile an AE. Chun na críche sin, cuirtear chun cinn sna treoirlínte dearcadh neartaithe córas lena gcuirtear taca faoi na bearta, struchtúir agus gníomhairí nach mór a bheith i bhfeidhm chun cearta gach uile linbh a chosaint.
  • Leagtar béim iontu chomh maith ar an ngá atá le cur chuige bunaithe ar chearta faoi mar atá leagtha amach i gcreat straitéiseach 2012 an AE maidir le cearta an duine agus leis an daonlathas. Féachtar leis an gcur chuige seo na caighdeáin agus na prionsabail maidir le cearta an linbh a chomhtháthú i ndearadh, i gcur chun feidhme, i monatóireacht agus i measúnú gach beartais agus gach cláir.
  • Tá siad bunaithe ar Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe um Chearta an Linbh agus tagann siad le hAirteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ina luaitear nach mór don AE, ina chaidreamh leis an domhan i gcoitinne, a áirithiú go seasann sé lena luachanna agus lena leasanna, go háirithe, cearta an linbh, agus go gcuireann sé chun cinn iad.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá an Mheitheal um Chearta an Duine (COHOM) sa Chomhairle freagrach as tacú le cur chun feidhme na dtreoracha.

Féachtar i dtreoirlínte 2017 (amhail na treoirlínte roimhe sin ó 2007) le hobair nach bhfuil chomh ad hoc a dhéanamh d’obair oifigigh uile institiúidí AE agus thíortha AE maidir le cearta an linbh.

Chun an cuspóir a bhaint amach maidir le cearta an linbh a chosaint, bainfidh an AE úsáid as uirlisí oibriúcháin, amhail:

  • idirphlé polaitiúil, ina n-áirítear cearta an linbh i gcaibidlíochtaí agus i bplé a thionóltar le heagraíochtaí eile agus le tíortha neamh-AE;
  • idirphlé ar chearta an duine ina leagtar béim ar imní an AE maidir le réitigh le haghaidh sáruithe archearta an duine le tíortha neamh-AE agus ina ndéantar scrúdú ar na réitigh sin;
  • ráitis agus démarches (i.e. ionadaíocht taidhleoireachta ar cheist faoi leith ó rialtas amháin go rialtas eile), chun an gá atá le bearta cuí a dhéanamh chun leanaí a chosaint a chur i gcuimhne do thíortha neamh-AE;
  • Straitéisí thíortha AE um chearta an duine agus um dhaonlathas ina dtugtar grinnanailís ar chás leanaí i dtír faoi leith agus ina sainaithnítear easnaimh sna gníomhaíochtaí riachtanacha is gá chun cearta an linbh a chosaint;
  • comhar déthaobhach agus iltaobhach chun cabhair dhaonnúil a dhréachtú agus chun cláir chabhracha a fhorbairt ina mbeidh béim ar chearta leanaí;
  • comhpháirtíocht agus comhordú le geallsealbhóirí idirnáisiúnta, amhail na Náisiúin Aontaithe (NA), eagraíochtaí réigiúnacha, an Fóram Eorpach ar Chearta an Linbh, institiúidí taighde, eagraíochtaí na sochaí sibhialta agus institiúidí airgeadais idirnáisiúnta;
  • An straitéis “Trádáil do chách”, lena ndéantar cinnte de go dtagann an fás eacnamaíoch leis an gceartas sóisialta, urraim do chearta an duine agus caighdeáin chomhshaoil.

Déanfaidh an AE gníomhaíochtaí nithiúla chun na treoirlínte sin a chur chun feidhme, amhail tíortha neamh-AE a spreagadh chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • straitéisí náisiúnta maidir le cearta an linbh a ghlacadh;
  • buiséadú náisiúnta leanbh-íogair a dhearadh, ina mbeidh leanaí le feiceáil i mbuiséid, go háirithe iad siúd atá i gcásanna leochaileacha;
  • institiúidí neamhspleácha ar chearta an linbh a fhorbairt/neartú;
  • sonraí imdhealaithe a bhailiú agus a úsáid, mar go ndéantar éagothroime agus idirdhealú infheicthe leo.

Áirítear iad seo a leanas ar ghníomhaíochtaí don AE:

  • a chinntiú go bhfuil oiliúint ag an bhfoireann ar chur chuige bunaithe ar chearta chun comhar a fhorbairt, ina gcuimsítear cearta uile an duine;
  • leas a bhaint as sraith straitéisí an AE/Unicef um Cheart an Linbh chun cláir leanbh-íogair a neartú i ngach earnáil.

CÚLRA

  • Tá réimse leathan bagairtí agus easpa deiseanna maidir le rochtain ar an oideachas, ar chúram sláinte agus ar chúram sóisialta le sárú ag a lán leanaí. Is íospartaigh iad d’fhostú leanaí, foréigean, mí-úsáid ghnéasach, galair agus coinbhleacht armtha agus tá siad neamhchosanta ar idirdhealú, imeallú agus eisiamh. Tá rioscaí faoi leith le sárú ag cailíní agus teastaíonn aird faoi leith uathu.
  • Tá an AE ina phríomhimreoir maidir le cearta an duine a chosaint (agus cearta an linbh go háirithe) ar fud an domhain. Cuireann sé tionscnaimh eile chun cinn lena bhfuil sé d’aidhm leanaí a chur chun cinn, amhail spriocanna forbartha inbhuanaithe na NA.
  • Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Leanbh: áirítear duine ar bith faoi bhun 18 mbliana d’aois.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoirlínte an AE maidir le cearta an linbh a chur chun chinn (2017) — Ná fág leanbh ar bith do dhiaidh, an Bhruiséil, 2017.

Leagan comhdhlúithe den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I: Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 3 (iar-Airteagal 2 CAF) (IO C 202, 7.6.2016, lch. 17)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Trádáil do chách — I dtreo beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí (COM(2015) 497 final, 14.10.2015)

Nuashonraithe 28.11.2017

Top