EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Náisiúnaigh neamh-AE — ligean isteach agus cónaí i gcomhair taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, meánoideachais agus obair au pair

Náisiúnaigh neamh-AE — ligean isteach agus cónaí i gcomhair taighde, staidéir, oiliúna, seirbhís dheonach, meánoideachais agus obair au pair

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2016/801 — coinníollacha ligean isteach agus cónaí do náisiúnaigh neamh-AE chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus obair au pair

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le ligean isteach agus cónaí do thaighdeoirí, mic léinn, oiliúnaithe, saorálaithe, daltaí scoile agus au pair ó thíortha neamh-AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

  • Tá feidhm ag an treoir maidir le ligean isteach agus cónaí náisiúnach neamh-AE chun críocha taighde, staidéar, cúrsaí oiliúna agus rannpháirtíocht sa tSeirbhís Dheonach Eorpach (SDE).
  • Féadfaidh tíortha AE iad féin a chinneadh rialacha ar leibhéal AE a chur i bhfeidhm ar náisiúnaigh neamh-AE ar mian leo teacht chuig AE le haghaidh malartú daltaí, tionscadal oideachais, gníomhaíocht dheonach lasmuigh den tSeirbhís Dheonach Eorpach nó ar shocrúchán au pair.

Iontráil

  • Ní mór d’iarratasóirí coinníollacha ginearálta agus coinníollacha a bhaineann le catagóir araon a chomhlíonadh.
  • Áirítear ar na coinníollacha ginearálta:
    • doiciméad taistil bailí don tréimhse fanachta atá beartaithe;
    • fianaise ar acmhainní dóthanacha chun costais mhaireachtála agus costais taistil aisfhillte a íoc;
    • árachas sláinte.
  • Is iad seo a leanas samplaí de choinníollacha sonracha “comhaontú óstála” nó conradh le haghaidh taighdeoirí, nó glacadh institiúide oideachais do mhic léinn.

Cearta

  • Tá an ceart go gcaitear leo mar a chaitear le saoránaigh AE bunaithe den chuid is mó ar Threoir 2011/98/AE. Ciallaíonn sé sin, mar shampla, go bhfuil taighdeoirí — ach amháin i gcásanna inar féidir le tíortha AE eisceachtaí a chur i bhfeidhm — i dteideal go gcaitear leo faoi mar a chaitear le saoránaigh AE.
  • Féadfaidh mic léinn oibriú lasmuigh dá n–am staidéir – níl cead ag tíortha AE a n–uaireanta oibre a theorannú go dtí faoi bhun 15 huaire in aghaidh na seachtaine.
  • Tá an ceart ag mic léinn agus taighdeoirí fanacht ar feadh 9 mí ar a laghad i ndiaidh a dtaighde nó a staidéar a chríochnú, chun obair a lorg nó gnó a chur ar bun.
  • Tá cead ag baill teaghlaigh taighdeoirí teacht chun cónaí leo faoi choinníollacha sonracha.

Soghluaisteacht

  • Féadfaidh taighdeoirí, agus mic léinn atá cumhdaithe faoi chláir ina gcuirtear gluaiseacht náisiúnach neamh-AE laistigh den AE chun cinn (e.g. tá comhaontú idir 2 institiúid oideachais nó níos mó i dtír AE amháin nó i roinnt tíortha AE), cuid dá staidéar nó taighde a dhéanamh i dtír AE eile.
  • Braitheann an nós imeachta nach mór cloí leis ar an tréimhse atá le caitheamh thar lear acu. Tá cead ag baill teaghlaigh taighdeoirí teacht ina gcuideachta faoi na coinníollacha céanna le tír AE eile.

Nós imeachta agus trédhearcacht

Leagtar amach sa treoir rialacha maidir le hiarratais a phróiseáil:

  • Ní mór do thíortha AE spriocdhátaí sonracha a chomhlíonadh agus iarratais á láimhseáil acu.
  • Ní mór faisnéis a chur ar fáil maidir le coinníollacha ligean isteach agus cónaí, lena n–áirítear an t–íosmhéid airgid a theastaíonn in aghaidh na míosa.
  • Féadfaidh tíortha AE táillí a ghearradh as iarratais a láimhseáil. Mar sin féin, ní cheadaítear iad sin a bheith díréireach nó iomarcach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 22 Bealtaine 2016.

Le Treoir (AE) 2016/801 rinneadh athbhreithniú ar Threoir 2004/114/CE agus ar Threoir 2005/71/CE agus cuireadh in ionad na dtreoracha sin í. B’éigean dlí a dhéanamh de na rialacha nua i dTreoir (AE) 2016/801 i dtíortha AE faoin 23 Bealtaine 2018.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2016/801 maidir leis na coinníollacha ligean isteach agus cónaí náisiúnach neamh-AE chun críocha taighde, staidéar, oiliúna, seirbhíse deonaí, scéimeanna malartaithe daltaí, tionscadal oideachais agus obair au pair (athmhúnlú) (IO L 132, 21.5.2016, lgh. 21-57)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2004/114/CE ón gComhairle an 13 Nollaig 2004 maidir leis na coinníollacha faoina ligtear náisiúnaigh tríú tír isteach chun críocha staidéar, malartuithe daltaí, oiliúna neamhchúitithe nó seirbhíse deonaí (IO L 375, 23.12.2004, lgh. 12-18)

Treoir 2005/71/CE ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2005 nós imeachta sonrach chun náisiúnaigh tríú tíortha a ligean isteach chun críocha taighde eolaíoch (IO L 289, 3.11.2005, lgh. 15-22)

Nuashonraithe 05.10.2017

Top