Straitéis úr AE um Margadh Aonair Digiteach
Le Margadh Aonair Digiteach chuirfí tomhaltóirí agus gnólachtaí ar a gcumas tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a thairgtear leis na teicneolaíochtaí Idirlín agus digiteacha.
GNÍOMH
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis um margadh aonair digiteach don Eoraip (COM(2015) 192 final an 6.5.2015)
ACHOIMRE
Le Margadh Aonair Digiteach chuirfí tomhaltóirí agus gnólachtaí ar a gcumas tairbhe iomlán a bhaint as na deiseanna a thairgtear leis na teicneolaíochtaí Idirlín agus digiteacha.
CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?
Leagtar amach an straitéis ann do mhargadh aonair digiteach, ceann de 10 dtosaíocht bheartais an Choimisiúin Eorpaigh ina chlár oibre i gcomhair post, cothroime agus an athraithe dhéimeagrafaigh.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar amach 16 ghníomh spriocdhírithe sa straitéis bunaithe ar 3 cholún:
-
1.
Rochtain níos fearr do thomhaltóirí ar earraí agus ar sheirbhísí digiteacha ar fud na hEorpa. Faoin gcolún seo molfaidh an Coimisiún:
-
rialacha chun ríomhthráchtáil trasteorann a dhéanamh níos fusa;
-
athbhreithniú ar an Rialachán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí chun rialacha tomhaltóirí a chur i bhfeidhm níos gaiste agus níos comhsheasmhaí;
-
seachadadh beartán trasteorann níos éifeachtaí agus níos inacmhainne;
-
chun deireadh a chur le geobhlocáil* gan údar agus mar sin rogha agus rochtain do thomhaltóirí Eorpacha ar líne a mhéadú;
-
buarthaí féideartha iomaíochta a théann i gcion ar mhargaí ríomhthráchtála Eorpacha a aithint;
-
dlí um chóipcheart níos nua-aimseartha, níos Eorpaí;
-
athbhreithniú ar an Treoir maidir le Satailítí agus Cáblaí chun measúnú a dhéanamh ar cibé ar cheart a scóip a leathnú chun tarchur ar líne craoltóirí a chur san áireamh nó nár cheart.
-
an t-ualach riaracháin ar ghnólachtaí a tharlaíonn i ngeall ar chórais CBL éagsúla a laghdú.
-
2.
Na dálaí cearta agus cothrom na féinne a chruthú chun go n-éireoidh le líonraí digiteacha agus seirbhísí nuálacha. Molann an Coimisiún:
-
athchóiriú iomlán a dhéanamh ar rialacha teileachumarsáide AE;
-
athbhreithniú a dhéanamh ar chreat na meán closamhairc chun é a dhéanamh feiliúnach don 21ú haois;
-
anailís a dhéanamh ar ról na n-ardán ar líne amhail innill chuardaigh, na meáin shóisialta srl., sa Mhargadh Aonair Digiteach agus measúnú a dhéanamh ar an dóigh le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach;
-
muinín agus slándáil sna seirbhísí digiteacha a mhéadú, go háirithe láimhseáil sonraí pearsanta. Áireofar air sin athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Príobháideachas agus Cumarsáid Leictreonach
-
comhpháirtíocht le tionscal maidir le cibearshlándáil lena gcumhdaítear teicneolaíochtaí agus slándáil líonraí ar líne.
-
3.
Acmhainneacht fáis an gheilleagair dhigitigh a uasmhéadú. Déanfaidh an Coimisiún:
-
“saorshreabhadh tionscnamh sonraí” a mholadh chun saorghluaiseacht sonraí in AE, chomh maith le tionscnamh um “
Néalríomhaireacht Eorpach
” a chur chun cinn;
-
tosaíochtaí maidir le caighdeáin agus idir-inoibritheacht gléasanna, feidhmchlár, stóir shonraí agus líonraí atá ríthábhachtach don Mhargadh Aonair Digiteach a shainiú;
-
tacú le sochaí digiteacha cuimsitheacha sa chás go bhfuil na scileanna cearta ag saoránaigh chun deiseanna an Idirlín a ghabháil agus a seansanna post a fháil a mhéadú.
Cuirfidh an Coimisiún na gníomhartha sin i bhfeidhm faoi dheireadh 2016.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach an Margadh Aonair Digiteach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
PRÍOMHTHÉARMAÍ
* Geobhlocáil: sa chás go ndiúltar rochtain do chustaiméirí ar líne ar shuíomh gréasáin bunaithe ar a suíomh nó go ndéantar iad a athródú chuig stór áitiúil le praghas difriúil.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Doiciméad oibre fhoireann an Choimisiúin: Straitéis um margadh aonair digiteach don Eoraip - Anailís agus fianaise a ghabhann leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Straitéis um margadh aonair digiteach don Eoraip (SWD(2015) 100 final an 6.5.2015)
Nuashonraithe 17.08.2015
Top