EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU spending on information about food and animal feed
Caiteachas AE ar fhaisnéis faoin mbia agus faoi bheatha ainmhithe
Caiteachas AE ar fhaisnéis faoin mbia agus faoi bheatha ainmhithe
This summary has been archived and will not be updated. See
'Clár an Mhargaidh Aonair'
for an updated information about the subject.
Caiteachas AE ar fhaisnéis faoin mbia agus faoi bheatha ainmhithe
Is é cuspóir ginearálta an dlí seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) ná cur le sláinte na ndaoine, na n-ainmhithe agus na bplandaí sa bhiashlabhra, ardleibhéal cosanta a chur ar fáil do thomhaltóirí agus don chomhshaol agus lotnaidí a dhíothú. Cuideofar le hiomaíochas agus le poist a chruthú ag an am céanna.
GNÍOMH
Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 lena leagtar síos forálacha maidir le bainistiú caiteachais i ndáil leis an mbiashlabhra, sláinte ainmhithe agus leas ainmhithe, agus i ndáil le sláinte plandaí agus ábhar atáirgthe plandaí, lena leasaítear Treoir 98/56/CE, Treoir 2000/29/CE agus Treoir 2008/90/CE ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 178/2002, Rialachán (CE) Uimh. 882/2004 agus Rialachán (CE) Uimh. 396/2005 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/128/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1107/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Cinneadh 66/399/CEE, Cinneadh 76/894/CEE agus Cinneadh 2009/470/CE ón gComhairle
ACHOIMRE
Is é cuspóir ginearálta an dlí seo de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) ná cur le sláinte na ndaoine, na n-ainmhithe agus na bplandaí sa bhiashlabhra, ardleibhéal cosanta a chur ar fáil do thomhaltóirí agus don chomhshaol agus lotnaidí a dhíothú. Cuideofar le hiomaíochas agus le poist a chruthú ag an am céanna.
CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN?
Sa teachtaireacht seo, nuashonraítear an creat faoina ndéantar na beartais seo a mhaoiniú: beartais maidir le sláinte na n-ainmhithe agus na bplandaí agus maidir le táirgeadh bia.
PRÍOMHPHOINTÍ
Déantar iarracht sa rialachán caiteachas AE sna réimsí seo a leanas a mhaoirsiú:
Leagtar amach sa rialachán na rialacha agus spriocdhátaí a bhaineann le cláir náisiúnta agus le hiarratais ar íocaíocht a chur isteach, a mheas agus a cheadú, agus le hinneachar na gclár agus na n-iarratas sin. Tá an Coimisiún Eorpach freagrach as athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm éifeachtach na mbeart, bearta a fhaigheann ranníocaíochtaí airgeadais ón Aontas Eorpach. Ba cheart an fhógraíocht chuí a úsáid chun ról cistiúcháin AE a chur in iúl don phobal.
Tá sraith rialacha sa rialachán a dhéanann na buiséid is mó atá incheadaithe agus uasrátaí na ndeontas a shoiléiriú, nach sáróidh 50 % de na costais incháilithe de ghnáth. Is féidir an ráta seo a mhéadú chuig:
Is féidir cistiúchán AE a chur ar fáil chun déileáil le géarchéimeanna a bhaineann le sláinte ainmhithe agus plandaí. Tá na galair ar féidir cistiúchán a fháil ina leith, faoi na bearta géarchéimeanna, liostaithe san iarscríbhinn a ghabhann leis an rialachán. Is féidir leis an gCoimisiún Eorpach an liosta seo a nuashonrú chun bagairtí nua a chur san áireamh.
D’eisceacht, d’fhéadfadh AE íoc as na costais a thabhaíonn tíortha AE nuair a chuireann siad bearta práinneacha eile i bhfeidhm, mar shampla bithshlándáil fheabhsaithe i gcás ráige de ghalar, fadhbanna tromchúiseacha lotnaidí, diúscairt conablach, agus íocaíochtaí cúitimh a eascraíonn as feachtais vacsaínithe.
Cuirfidh an Coimisiún Eorpach measúnú meántéarmach isteach faoin 30 Meitheamh 2017, mar aon le tograí reachtaíochta, más iomchuí. Chomh maith leis sin, cuirfidh sé tuarascáil ar éifeacht an rialacháin isteach faoin 30 Meitheamh 2022.
CATHAIN A MBEIDH FEIDHM AG AN RIALACHÁN?
Ón 30 Meitheamh 2014 ar aghaidh.
Féach Rialachán Réime Airgeadais (AE) Uimh. 652/2014 ar láithreán gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh chun tuilleadh faisnéise a fháil.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil |
Rialachán (AE) Uimh. 652/2014 |
30.6.2014 |
- |
Nuashonraithe 25.08.2015