EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Nochtadh oibrithe do na rioscaí a bhaineann le réimsí leictreamaighnéadacha a theorannú (ó mhí Iúil 2016 ar aghaidh)

Nochtadh oibrithe do na rioscaí a bhaineann le réimsí leictreamaighnéadacha a theorannú (ó mhí Iúil 2016 ar aghaidh)

Leagtar síos sa treoir íoscheanglais sláinte agus sábháilteachta maidir le nochtadh oibrithe do na rioscaí a bhaineann le réimsí leictreamaighnéadacha.

GNÍOMH

Treoir 2013/35/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir le híoscheanglais sláinte agus sábháilteachta a bhaineann le nochtadh oibrithe do na rioscaí a eascraíonn as gníomhaithe fisiceacha (réimsí leictreamaighnéadacha) (An 20ú treoir aonair de réir bhrí Airteagail 16(1) de Threoir 89/391/CEE) agus lena n-aisghairtear Treoir 2004/40/CE.

ACHOIMRE

Is treoir aonair faoi Chreat na Treorach 89/391/CEE an reachtaíocht agus tugtar isteach fúithi bearta chun feabhsúcháin ar shábháilteacht agus ar shláinte na n-oibrithe a spreagadh. Cuirtear an treoir in ionad treorach ó 2004 (2004/40/CE), nár cuireadh i ngníomh toisc go raibh fadhbanna le forálacha na treorach a chur i bhfeidhm, go háirithe san earnáil leighis.

Raon

Déantar foráil sa treoir do bhearta a chosnóidh oibrithe ar na héifeachtaí díobhálacha sláinte uile atá aitheanta, éifeachtaí gearrthéarmacha díreacha agus neamhdhíreacha araon, a bhaineann le réimsí leictreamaighnéadacha. Ní théitear i ngleic inti le héifeachtaí ionchasacha fadtéarmacha, ach má thagann fianaise eolaíochta chun cinn a bhfuil bunús maith léi, breathnóidh an Coimisiún Eorpach ar na gníomhartha a mholfar.

Déantar foráil sna bearta d’íosbhunús cosanta le haghaidh na n-oibrithe uile in AE agus tugtar cead do na Ballstát ceanglais níos déine a chothú nó a chur ar bun. Ní mór do na Ballstáit an treoir a thrasuí ina gcóras náisiúnta dlí faoin 1 Iúil 2016.

Sainmhínithe

Cuimsítear éifeachtaí díreacha bithfhisiceacha sa reachtaíocht. Tarlaíonn na héifeachtaí seo i gcorp an duine mar thoradh ar an duine sin a bheith i réimse leictreamaighnéadach. Áirítear leis na héifeachtaí seo éifeachtacha teirmeacha amhail téamh fíocháin, agus éifeachtaí neamh-theirmeacha amhail na matáin, na néaróga nó na horgáin chéadfacha a spreagadh.

Áirítear le héifeachtaíneamhdhíreacha éifeachtaí a thagann chun cinn nuair a bhíonn oibiacht áirithe, amhail séadairí cairdiacha agus ionchlannáin eile, i réimse leictreamaighnéadach agus nuair a d’fhéadfadh an oibiacht sin dochar a dhéanamh don tsláinte nó don tsábháilteacht.

Leagtar amach sa treoir teorainnluachanna nochta, bunaithe ar bhreithnithe bithfhisiceacha agus bitheolaíocha, chun oibrithe a chosaint ar éifeachtaí díobhálacha sláinte agus céadfacha. Tá leibhéil ghníomhartha leagtha amach inti freisin a n-úsáidtear chun cásanna a aithint ina bhfuil gá le bearta ábhartha cosanta nó coisctheacha.

Oibleagáidí na bhfostóirí

Leagtar síos sa treoir oibleagáidí éagsúla fostóirí. Ní mór d’fhostóirí a chinntiú nach nochtar oibrithe ach amháin do réimsí leictreamaighnéadacha atá laistigh de na teorainneacha a leagtar amach sa treoir. Má sháraítear na teorainneacha seo, caithfidh fostóirí beart coisctheach a dhéanamh láithreach. Tá ann d’eisceachtaí áfach; is féidir leibhéil a shárú i gcúinsí áirithe an-diana.

I gcoitinne, ní mór d’fhostóirí a chinntiú go ndéantar rioscaí a bhaineann le réimsí leictreamaighnéadacha ag an obair a dhíbirt nó a laghdú a mhó is féidir. Is féidir cabhrú leis seo a chinntiú ach measúnuithe riosca agus nochta a dhéanamh go rialta agus úsáid a bhaint as treoracha praiticiúla.

Nuair a aithnítear rioscaí do shláinte na n-oibrithe, ní mór d’fhostóirí plean gníomhaíochta um chosaint agus um bearta coisctheacha a bheith acu. Is féidir bearta teicniúla agus/nó eagraíochtúla a chur san áireamh anseo, go háirithe le haghaidh oibrithe lena mbaineann riosca áirithe.

Ina theannta sin, ní mór faireachán a dhéanamh ar shláinte chun éifeachtaí díobhálacha sláinte a chosc nó a dhiagnóisiú go luath. Má aimsítear ró-nochtadh ní mór d’fhostóirí scrúduithe iomchuí leighis nó faireachán sláinte aonair a chur ar fáil de réir dlí agus cleachtais náisiúnta.

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Treoir 2013/35/AE

29.06.2013

01.07.2016

IO L 179, 29.06.2013, lgh. 1-21

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Treoir 89/391/CEE ón gComhairle an 12 Meitheamh 1989 maidir le bearta a thabhairt isteach chun feabhsúcháin ar shláinte agus ar shábháilteacht na n-oibrithe ag an obair a spreagadh (IO L 183, 29.6.1989, lgh. 1-8).

16.10.2014

Top