EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Réim shláintiúil bia agus gníomhaíocht choirp ar fud na hEorpa

Réim shláintiúil bia agus gníomhaíocht choirp ar fud na hEorpa

Cé go bhfuil a bpolasaithe sláinte féin ag tíortha an Aontais Eorpaigh (AE), féachann AE le tacú leo le cuspóirí comhroinnte áirithe. Ach go háirithe, tugtar aghaidh ar eipidéim mhurtaill na hEorpa agus na hiarmhairtí atá léi sna conclúidí seo ón gComhairle a thugann tús áite don réim shláintiúil bia agus do ghníomhaíocht choirp rialta.

GNÍOMH

Conclúidí ón gComhairle ar chothú agus gníomhaíocht choirp (2014/C 213/01) (Iris Oifigiúil C 213, 8.7.2014, lgh. 1-6).

ACHOIMRE

Cé go bhfuil a bpolasaithe sláinte féin ag tíortha an Aontais Eorpaigh (AE), féachann AE le tacú leo le cuspóirí comhroinnte áirithe. Ach go háirithe, tugtar aghaidh ar eipidéim mhurtaill na hEorpa agus na hiarmhairtí atá léi sna conclúidí seo ón gComhairle a thugann tús áite don réim shláintiúil bia agus do ghníomhaíocht choirp rialta.

CAD A DHÉANTAR SNA CONCLÚIDÍ SEO?

Tá níos mó ná leath de dhaonra AE róthrom nó murtallach, nuair a thomhaistear le rangú Innéacs Corpmhaise (ICM) de chuid na hEagraíochta Domhanda Sláinte (EDS) iad. Gach bliain, caitear suas le 7 % de bhuiséid sláinte go díreach ar ghalair atá nasctha le murtall, agus tagann costais indíreacha eile mar thoradh ar tháirgeacht chaillte agus bás roimh am. Tugann na conclúidí seo liosta de ghníomhartha chun aghaidh a thabhairt ar an staid.

PRÍOMHPHOINTÍ

Iarrann na hAirí ar thíortha AE tabhairt faoi pholasaithe agus faoi thionscnaimh,amhail:

  • réim shláintiúil bia agus gníomhaíocht choirp a chothú ar feadh an tsaoil, i.e. roimh thoircheas agus ina dhiaidh, le linn óige, ógántachta, aosachta agus seanaoise;
  • murtall óige (imní fhíor-thromchúiseach ar AE) a laghdú agus úsáid a bhaint as Plean gníomhaíochta AE um murtall i measc leanaí 2014-2020 chun gníomh éifeachtúil a threorú;
  • cuidiú le saoránaigh agus teaghlaigh roghanna oilte a dhéanamh maidir le réim bia agus gníomhaíocht choirp trí fhaisnéis a sholáthar ar an tionchar a bhíonn ag an gcineál saoil ar shláinte;
  • roghanna sláintiúla don réim bia a chur chun cinn, iad a dhéanamh inrochtana agus inacmhainne agus deiseanna a sholáthar sa bhaile, ar scoil agus san ionad oibre;
  • siúil agus rothaíocht a chur san áireamh i bpolasaithe náisiúnta agus fo-náisiúnta agus i bpleanáil uirbeach;
  • Ardán AE um Ghníomhaíocht ar Réim Bia, Gníomhaíocht Choirp agus Sláinte a úsáid mar bhunús le comhar (idir eagraíochtaí tionscail, sláinte agus tomhaltóirí agus an lucht acadúil) maidir le hathfhoirmliú bia (mar shampla, chun aigéid thras-sailleacha a laghdú, leibhéil saillte sáithithe, siúcra agus salainn a laghdú thar na bianna uile agus méid chuí do sciartha).

Le chéile, spreagtar an Coimisiún agus tíortha AE le:

  • tacú le pleananna gníomhaíochta bia agus cothaithe EDS;
  • gníomh a chothú le nochtadh leanaí d’fhógraíocht, do mhargaíocht agus do chothú bianna a mbíonn leibhéil arda de shaillte sáithithe, aigéid thras-sailleacha, siúcra breisithe nó salann iontu;
  • taighde a dhéanamh, mar shampla, faoi chlár sláinte AE.

Tugtar cuireadh don Choimisiún:

  • leanúint dá thacaíocht le hobair an Ghrúpa Ardleibhéil ar Chothú agus Gníomhaíocht Choirp agus Ardán AE um Ghníomhaíocht ar Réim Bia, Gníomhaíocht Choirp agus Sláinte, agus cuidiú tuilleadh le malartú faisnéise ar dhea-chleachtais;
  • tuairisciú ar ais faoi 2017 agus arís i 2020 ar an dul chun cinn atá déanta i gcur chun feidhme an Phlean gníomhaíochta AE um murtall i measc leanaí 2014-2020, agus tionscnaimh eile a bhaineann leis.

Nuashonraithe 02.01.2015

Top