Drochbhagairtí sláinte trasteorann a chomhrac
ACHOIMRE AR:
Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE maidir le drochbhagairtí sláinte trasteorann
CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?
-
Leagtar síos ann rialacha maidir le faireachas eipidéimeolaíoch, faireachán agus réamhrabhadh ar aon drochbhagairtí sláinte trasteorann agus iad a chomhrac, lena n-áirítear ullmhacht agus pleanáil freagartha maidir leis na gníomhaíochtaí sin, chun beartais náisiúnta a chomhordú agus a chomhlánú.
-
Is é is aidhm leis tacaíocht a thabhairt do chomhar agus do chomhordú idir tíortha an Aontais Eorpaigh (AE) chun:
-
feabhas a chur ar chosc agus rialú leathadh dianghalair an duine thar theorainneacha thíortha AE; agus
-
drochbhagairtí sláinte trasteorann eile a chomhrac chun cur le hardleibhéal cosanta sláinte poiblí in AE.
-
Soiléirítear ann chomh maith na modhanna um chomhar agus um chomhordú idir na gníomhairí éagsúla ar leibhéal AE.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Clúdaítear faoi Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE:
-
bagairtí bitheolaíocha amhail galair theagmhálacha*, frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh agus biotoscainí.
-
bagairtí ceimiceacha, comhshaoil agus anaithnide;
-
ullmhacht agus pleanáil freagartha, agus béim ar chomhordú ar fud AE chun neartú a dhéanamh ar bhearta náisiúnta aonair;
-
comhsholáthar chun cur ar chumas tíortha vacsaíní agus cógais a stoc-charn.
-
faireachas eipidéimeolaíoch* agus monatóireacht ad hoc;
-
córas mear-rabhaidh a bhunú chun fógra a thabhairt maidir le rabhaidh ar leibhéal AE maidir le drochbhagairtí sláinte trasteorann, “Córas Réamhrabhaidh agus Luathfhreagartha”;
-
nósanna imeachta maidir le héigeandálaí a láimhseáil;
-
Coiste Slándála Sláinte a bhunú ina mbeidh ionadaithe náisiúnta chun tacú le malartú faisnéise, pleanáil ullmhachta agus freagairtí ar ghéarchéimeanna a chomhordú, agus cumarsáid a dhéanamh le gairmithe poiblí agus sláinte.
-
Chuir tíortha AE a leibhéil ullmhachta agus freagartha náisiúnta in iúl don Choimisiún faoin 7 Samhain 2014, agus gach 3 bliana ina dhiaidh sin.
-
Chuir an Coimisiún tuarascáil isteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle an 7 Nollaig 2015, agus eiseoidh sé tuarascálacha comhchosúil gach 3 bliana ina dhiaidh sin, maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta.
-
Tá príomhról ag an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú maidir le bagairtí reatha agus na bagairtí atá ag teacht chun cinn ar shláinte an duine ó ghalair theagmhálacha a shainaithint, a mheasúnú agus a chur in iúl.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?
-
Tá Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE i bhfeidhm ón 6 Samhain 2013.
CÚLRA
-
Tá laghdú tagtha ar rátaí na ngalar ionfhabhtaíoch nó d’fhan siad cobhsaí in AE le blianta beaga anuas. Mar sin féin, is féidir le hionfhabhtuithe nua teacht chun cinn faoi mar a léiríodh le VEID/SEIF sna 1980í, athraitheacha nua ar ghalar Creutzfeldt-Jakob sna 1990í, eipidéim an ghéarshiondróim throim riospráide (SARS) in 2003, agus níos déanaí, an fliú paindéime (H1N1) in 2009, ráig víris Ebola in 2014 nó ráig víris Zika in 2016. Fadhb sláinte poiblí atá ag fás is ea an fhrithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbaigh chomh maith. Nuair a bhraitear iad, cabhraíonn luathfhreagairt ar fud AE, nó luathfhreagairt dhomhanda fiú leo ar fad.
-
Cuireann an Córas Réamhrabhaidh agus Luathfhreagartha ar chumas an Choimisiúin agus na n-údarás freagrach ar leibhéal náisiúnta cumarsáid a dhéanamh i gcónaí, ionas gur féidir leo rabhadh a thabhairt maidir le rioscaí sláinte poiblí, measúnú a dhéanamh orthu agus na bearta* a theastódh chun an tsláinte phoiblí a chosaint a chinneadh.
-
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
- I ndiaidh na ráige de COVID-19 agus d’fhonn bearta a thabhairt isteach dul i ngleic le tionchar na géarchéime, ghlac an Coimisiún Eorpach an méid seo a leanas:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Galar teagmhálach: galar ionfhabhtaithe arb é ba chúis leis gníomhaí tógálach a tharchuirtear ó dhuine go duine trí theagmháil dhíreach le duine ionfhabhtaithe nó trí bhealach indíreach amhail neamhchosaint ar ainmhí veicteora, táirge nó timpeallacht, nó malartú sreabháin, atá éillithe le gníomhaí tógálach.
Faireachas eipidéimeolaíoch: bailiú córasach, taifeadadh, anailís, léirthuiscint agus scaipeadh sonraí maidir le galair theagmhálacha agus ceisteanna sláinte speisialta lena mbaineann.
Beart sláinte poiblí: cinneadh nó gníomh arb é is aidhm leo leathadh galar nó éillithe a chosc, monatóireacht a dhéanamh air nó é a rialú, dianrioscaí ar an tsláinte phoiblí a chomhrac nó a dtionchar ar an tsláinte phoiblí a mhaolú.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le drochbhagairtí sláinte trasteorann agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1-15)
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Tuarascáil maidir le cur chun feidhme Chinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le drochbhagairtí sláinte trasteorann agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (COM(2015) 617 final, 7.12.2015)
Nuashonraithe 28.05.2020
Top