Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Nuálaíochtaí dírithe ar othair a spreagadh i gcórais sláinte AE

Nuálaíochtaí dírithe ar othair a spreagadh i gcórais sláinte AE

Is féidir le nuálaíochtaí sa chúram sláinte cur le sláinte agus folláine othar agus an phobail trí tháirgí, seirbhísí agus cóireálacha úra a oibríonn níos fearr, atá níos saoire b’fhéidir, nó na cinn atá ann cheana a chur ar fáil. D’fhéadfadh bealaí níos éifeachtaí chun gníomhaíochtaí na hearnála sláinte a eagrú, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus feabhas ar dhálaí oibre na foirne a bheith mar thoradh orthu. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh conclúidí maidir leis an ábhar tábhachtach seo.

GNÍOMH

Conclúidíón gComhairle maidir le nuálaíocht chun tairbhe othar (2014/C 438/06) (Iris Oifigiúil C 438 an 6.12.2014, lgh. 12-15).

ACHOIMRE

Is féidir le nuálaíochtaí sa chúram sláinte cur le sláinte agus folláine othar agus an phobail trí tháirgí, seirbhísí agus cóireálacha úra a oibríonn níos fearr, atá níos saoire b’fhéidir, nó na cinn atá ann cheana a chur ar fáil. D’fhéadfadh bealaí níos éifeachtaí chun gníomhaíochtaí na hearnála sláinte a eagrú, a bhainistiú agus monatóireacht a dhéanamh orthu agus feabhas ar dhálaí oibre na foirne a bheith mar thoradh orthu. Ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh conclúidí maidir leis an ábhar tábhachtach seo.

CAD A DHÉANTAR SNA CONCLÚIDÍ?

Tugtar cuireadh iontu do rialtais náisiúnta agus don Choimisiún Eorpach, le chéile nó astu féin, chun breathnú ar bhealaí éagsúla le nuálaíocht leighis a fhorbairt chun tairbhe na n-othar.

PRÍOMHGHNÉITHE

Spreagtar rialtais an Aontais Eorpaigh (AE) chun:

  • “cur chuige saolré” a fhorbairt do chógais nuálacha. Cumhdaíonn sé sin luathchomhairle, praghsáil agus aisíocaíocht agus measúnú ar éifeachtúlacht na dtáirgí úra;
  • an straitéis um measúnú na teicneolaíochta sláinte lena béim ar chomhar ar fud AE a chur i bhfeidhm;
  • faisnéis maidir le praghsanna agus costais cógas úr a chomhroinnt;
  • scrúdú a dhéanamh ar cheart leasú a dhéanamh ar an reachtaíocht faoi chógais atá ann cheana ionas go mbeidh rochtain thráthúil ag othair ar dhrugaí úra.

Eatarthu, tugtar cuireadh do rialtais AE agus don Choimisiún chun:

  • scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí údarú margaíochta maidir le cógais úra a thabhairt chun tosaigh, agus ardleibhéal sábháilteachta d’othair a chinntiú ag an am céanna;
  • faisnéis a chomhroinnt maidir le luathrochtain othar ar chógais úra, lena n-áirítear úsáid atruach (*) cógas neamhúdaraithe;
  • a chíoradh ar cheart breisluach teiripeach cógas úr a chur san áireamh i mbeartais náisiúnta um phraghsáil nó nár cheart.

Tá an tAontas Nuálaíochta ar cheann de na seacht thionscnamh shuaitheanta sa Straitéis Eoraip 2020, straitéis 10 mbliana an Aontais Eorpaigh um fhás eacnamaíoch. Is é is aidhm leis seo leas a bhaint as bealaí nuálacha chun dea-shláinte a chur chun cinn. In 2011, lainseáil sí a comhpháirtíocht phíolótach um nuáil maidir leis an aosú gníomhach folláin.

Is é is aidhm leis seo an meánfhad ama a bheidh daoine aonair ábalta maireachtáil i mbail shláintiúil a mhéadú 2 bhliain faoi 2020.

CÚLRA

Is féidir leis a bheith costasach agus am-íditheach cógais nuálacha a fhorbairt. Baineann rioscaí móra airgeadais leis chomh maith. D’fhéadfadh easpa infheistíochta i dtaighde agus forbairt (T & F) bheith mar thoradh air sin agus bíonn sé an-deacair do chuideachtaí beaga táirgí úra a chur ar an margadh.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

(*) Úsáid atruach: rogha chóireála lena gceadaítear cógas neamhúdaraithe a úsáid. Is d’othair a bhfuil galar orthu agus nach bhfuil teiripí údaraithe sásúla ar bith ann dóibh nó d’othair nach féidir dul isteach i dtriail chliniciúil atá cláir um úsáid atruach. Tá siad beartaithe chun an fháil a bheidh ag othair ar roghanna cóireála úra atá á bhforbairt a éascú.

Nuashonraithe 08.05.2015

Top