Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Leas a bhaint as an taighde agus nuálaíocht Eorpach

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Leas a bhaint as an taighde agus nuálaíocht Eorpach

Sa teachtaireacht seo ón Choimisiún Eorpach maidir le taighde agus nuálaíocht mar fhoinsí fáis inbhuanaithe, breathnaítear ar na bealaí ar féidir tionchar an taighde agus na nuálaíochta (T & N) a spreagadh, a thacaíonn go mór le fás eacnamaíoch todhchaíoch na hEorpa. Dírítear sa teachtaireacht ar an chaoi ar féidir le Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) caighdeán na n-infheistíochtaí sa réimse seo a mhéadú. Ina theannta sin, tugtar faoi deara inti go mbraitheann cumas fáis na hEorpa ar fhorbairt táirgí agus seirbhísí nua agus go bhfuil an Eoraip dea-shuite chun leas a bhaint as an chumas sin.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón Choimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an Chomhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Taighde agus nuálaíocht mar fhoinsí fáis athnuaite (COM(2014) 339 final an 10 Meitheamh 2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

ACHOIMRE

Ag féachaint don straitéis Eoraip 2020 agus do shuirbhéanna bliantúla fáis le déanaí, moltar sa teachtaireacht gur cheart do rialtais tosaíocht a thabhairt do chaiteachas a fheabhsaíonn fás, go háirithe caiteachas ar T & N, agus a ndícheall á déanamh acu chun easnaimh agus fiachais náisiúnta a laghdú (comhdhlúthú fioscach).

Ba cheart na hinfheistíochtaí seo a dhéanamh agus athchóiriú á dhéanamh ar chórais T&N , chun caighdeán, éifeachtúlacht agus tionchar an chaiteachais phoiblí T & N a mhéadú. Cuirtear béim sa teachtaireacht ar a thábhachtach is atá sé éifeacht ghiarála an chaiteachais phoiblí T & N ar infheistíocht ghnó a fheabhsú agus moltar inti athchóirithe T & N a oiriúnú do shaintréithe gach tíre.

Ba cheart do Bhallstáit AE díriú ar thrí phríomhréimse athchóirithe:

  • 1.

    an caighdeán forbartha straitéisí agus caighdeán an phróiseas cheapadh beartas a fheabhsú: mar shampla, straitéis fhoriomlán T & N, lena mbaineann treoir ag an leibhéal polaitiúil is airde, a chruthú agus béim á cur ar líon teoranta na bpríomhneart agus na bpríomhdheiseanna (speisialú cliste);

  • 2.

    caighdeán na gclár a fheabhsú, agus béim á cur ar acmhainní agus ar mheicníochtaí cistiúcháin:mar shampla, cláir náisiúnta T & N a dhíriú níos mó ar dhúshláin shochaíocha agus ar chúraimí na saoránach a réiteach; cistiúchán a leithdháileadh ar bhonn iomaíoch; ábharthacht na gclár T & N, agus rochtain orthu ag gnóthais, a mhéadú;

  • 3.

    caighdeán na n-institiúidí poiblí a théann i mbun T & N a bharrfheabhsú: mar shampla, spreagadh a thabhairt do na hinstitiúidí a fhaigheann cistiúchán poiblí T & N bheith níos fiontraí agus deiseanna/comhpháirtíochtaí nua le gnóthais a chuardach, lasmuigh den Eoraip freisin, agus na taighdeoirí is fearr is féidir a mhealladh chun obair leo.

Chun cabhrú le Ballstáit AE athchóirithe rathúla T & N a dhéanamh, bainfidh an Coimisiún leas as an taithí a bhfuair sé faoin tionscnamh suaitheanta ant-aontas nuálaíochta agus faoin limistéar Eorpach taighde, agus feidhm á baint as na háiseanna a chuirtear ar fáil faoin chlár Fís 2020.

Deirtear sa teachtaireacht go mbraitheann an nuálaíocht rathúil ar chaighdeán na mbeartas poiblí agus ar thimpeallacht láidir nuálach. Cuirtear béim inti ar rath T & N an Aontais Eorpaigh, amhail an t-aontas nuálaíochta a sheoladh, ach deirtear inti gur gá tuilleadh a dhéanamh i réimsí áirithe, amhail an margadh aonair agus cumas nuálaíochta na hearnála poiblí a neartú, rochtain ar mhaoiniú a fheabhsú, scileanna na ndaoine a fhorbairt, agus “taighde beag beann ar theorainneacha” a chothú (.i. taighde in earnálacha nua agus in earnálacha atá ag teacht chun cinn, go mb’fhéidir gur taighde tras-disciplíneach é lena mbaineann cur chuige neamhghnách).

Nuashonraithe 23.09.2014

Top