EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa — ag obair i gcomhpháirtíochtaí

Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa — ag obair i gcomhpháirtíochtaí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 240/2014 — Cód iompair Eorpach ar chomhpháirtíocht i gcreat Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Le ECCP leagtar síos treoir maidir le comhpháirtíocht i gcur i bhfeidhm CSIEanna. Áirítear le príomhphointí an ECCP:

  • comhpháirtithe ábhartha agus ionadaíocha a roghnú, a ionadaíonn do na catagóirí atá sainithe i Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 (Rialachán na bhForálacha Coiteanna do CSIEanna);
  • nósanna imeachta roghnúcháin trédhearcacha ina gcuirtear san áireamh na sraitheanna éagsúla rialacha institiúideacha agus dlíthiúla a fhaightear i dtíortha AE;
  • íoscheanglais nós imeachta do chomhairliúchán tráthúil, lánbhrí agus trédhearcach le páirtithe leasmhara ábhartha* agus comhaontuithe comhpháirtíochta* agus cláir oibríochta* á n-ullmhú;
  • ionadaíocht ar chomhpháirtithe roghnaithe laistigh de phríomhchoistí cláir (i.e. ullmhúchán, cur i bhfeidhm, faireachán agus meastóireacht);
  • ba chóir comhpháirtíocht a áirithiú trí neartú a dhéanamh ar acmhainn institiúideach na gcomhpháirtithe sóisialta ábhartha agus na n-eagraíochtaí sochaí sóisialta páirt a ghlacadh;
  • an malartú taithí agus foghlaim fhrithpháirteach le héascú ag cuimsiú na CSIEanna ar fad;
  • ról na gcomhpháirtithe i gcur i bhfeidhm an chomhaontaithe comhpháirtíochta, agus feidhmiú agus éifeachtacht na comhpháirtíochta le bheith faoi réir measúnaithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 15 Márta 2014.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Páirtithe leasmhara ábhartha: údaráis inniúla réigiúnacha, áitiúla, uirbeacha agus phoiblí eile, comhpháirtithe eacnamaíochta agus sóisialta (e.g. eagraíochtaí fostóirí agus fostaithe), comhlachais tráchtála, an tsochaí shibhialta (e.g. comhpháirtithe comhshaoil, eagraíochtaí neamhrialtais agus comhlachtaí atá freagrach as cuimsitheacht shóisialta, comhionannas inscne agus neamh-idirdhealú a chur chun cinn).

Comhaontú comhpháirtíochta (CCanna): Ní mór do thíortha AE pleananna straitéiseacha a dhréachtú agus a chur i bhfeidhm le tosaíochtaí infheistíochta faoina gcumhdaítear na cistí agus cláir uile sa tréimhse 2014-2020. Déantar CCanna a idirbheartú idir an Coimisiún Eorpach agus an tír AE, i ndiaidh a gcomhairliúcháin le hionadaithe áitiúla agus réigiúnacha, ionadaithe ó ghrúpaí leasmhara, an tsochaí shibhialta, etc.

Cláir oibríochta (COanna): cuirtear i láthair leo seo tosaíochtaí na tíre agus/nó clúdaítear leo tosaíochtaí don tír nó réigiúin an limistéir lena mbaineann sa tréimhse cláir 7 mbliana 2014-2020. Féadfaidh oibrithe, fostóirí agus comhlachtaí na sochaí sibhialta uile páirt a ghlacadh i gcláreagrú agus bainistiú na COanna.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 240/2014 ón gCoimisiún an 7 Eanáir 2014 i dtaca leis an gcód iompair Eorpach ar chomhpháirtíocht i gcreat Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (IO L 74, 14.3.2014, lgh. 1-7)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 320-469)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 25.10.2016

Top