EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Faisnéis maidir le tionscadail um beartas comhtháthaithe arna maoiniú ag AE — rialacha agus samhlacha

Faisnéis maidir le tionscadail um beartas comhtháthaithe arna maoiniú ag AE — rialacha agus samhlacha

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2015/207 — rialacha agus samhlacha do na tuarascálacha atá le cur ar fáil le cláir agus tionscadail atá maoinithe faoi chuspóirí um beartas comhtháthaithe AE

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar amach ann rialacha agus teimpléid tuairiscithe an Aontais Eorpaigh (AE) don chlárthréimhse 2013-2020 atá le húsáid ag Údaráis Bhainistíochta* agus tuarascáil á tabhairt acu don Choimisiún Eorpach maidir le cur chun feidhme clár faoi Chistí Struchtúrtha agus Infheistíochta AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Ní mór do thíortha AE tuarascálacha maidir le dul chun cinn a chur isteach go rialta. Tá an fhormáid in Iarscríbhinn I den rialachán roinnte ina cúig chuid agus is féidir sonraí a chomhbhailiú ó chláir éagsúla go héasca ann chun measúnú éifeachtach a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta san iomlán maidir leis an gcomhaontú comhpháirtíochta* i ngach tír AE.
  • Baineann mórthionscadail le cuid mhór de chaiteachas AE agus tá siad tábhachtach maidir le fás agus poist a bhaint amach. San fhormáid tuairiscithe chaighdeánaithe in Iarscríbhinn II leagtar amach an fhaisnéis a theastaíonn ón gCoimisiún chun mórthionscadal a fhaomhadh. Leis an bhfaisnéis a iarrtar féachtar lena dhearbhú nach ndéanfar poist reatha a dhíláithriú le tionscadal ó shuíomhanna eile laistigh den Aontas Eorpach.
  • anailís costais is tairbhe, lena n-áirítear anailís eacnamaíoch, anailís airgeadais agus measúnú riosca riachtanach d’fhaomhadh mórthionscadail. Ag baint úsáid as an gcur chuige atá leagtha amach in Iarscríbhinn III, ba cheart go léireofaí san anailís costais is tairbhe ar mhórthionscadail go bhfuil an tionscadal inmhianaithe ón taobh eacnamaíoch de.
  • Féadfaidh na húdaráis bhainistíochta pleananna gníomhaíochta comhpháirtíochta a chur isteach ag baint úsáide as an teimpléad atá leagtha amach in Iarscríbhinn IV arb ionann iad agus €10 milliún nó 20 % de thacaíocht phoiblí an chláir nó na gclár. Pacáiste tionscadal is ea iad nach náirítear leo bonneagar a chuireann le clár nó cláir ar bhealach níos sruthlínithe do thairbhithe an deontais.
  • Ceanglaítear leis na cláir tuarascálacha um chur chun feidhme a chur isteach ar bhonn bliantúil ón 31 Bealtaine 2016 go dtí 2023. Sa teimpléad in Iarscríbhinn V leagtar amach an fhaisnéis a theastaíonn ón gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo na sprice maidir le fás agus poist. Sa teimpléad in Iarscríbhinn X leagtar amach an fhaisnéis a theastaíonn ón gCoimisiún chun measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na gclár um chomhar críochach*.
  • Teastaíonn dearbhuithe bainistíochta ó údaráis bhainistíochta maidir le gach clár atá faoina bhfreagrachta ag baint úsáid as an bhformáid atá leagtha amach in Iarscríbhinn VI. Tagraíonn siad sin d’úsáid cheart agus bheartaithe na gcistí agus a n-iniúchadh.
  • Tá teimpléid d’údaráis iniúchóireachta a chuireann i láthair straitéisí iniúchóireachta (Iarscríbhinn VII), tuairimí iniúchóireachta (Iarscríbhinn VIII) agus tuarascálacha bliantúla rialaithe (Iarscríbhinn IX) forordaithe go soiléir.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 14 Feabhra 2015.

CÚLRA

Is é maoiniú an bheartais chomhtháthaithe príomhchuid infheistíochta AE agus tacaíonn sé le cuspóir straitéiseach AE maidir le hinfheistíocht a dhéanamh i bpoist, i ndlúth-ailíniú le spriocanna Eoraip 2020.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Údarás bainistíochta: an comhlacht oifigiúil atá freagrach as an gclár a reáchtáil, tionscadail a roghnú, monatóireacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an bhuiséid agus faisnéis a chur ar fáil don Choimisiún, do na páirtithe agus don phobal.

Comhaontú comhpháirtíochta: Ceanglaítear ar thíortha AE pleananna straitéiseacha a dhréachtú agus a chur chun feidhme lena mbeidh tosaíochtaí infheistíochta faoina gcumhdófar na Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta uile. Déantar comhaontuithe comhpháirtíochta a chaibidliú ag tús na tréimhse 7 mbliana idir an Coimisiún Eorpach agus údaráis náisiúnta, i ndiaidh comhairliúcháin le grúpa leasmhara, an tsochaí shibhialta agus ionadaithe áitiúla agus réigiúnacha.

Comhar críochach Eorpach: Féachtar le clár um chomhar críochach Eorpach réigiúin agus cathracha ó thíortha AE éagsúla a spreagadh chun oibriú le chéile, eolas a chomhroinnt agus foghlaim óna chéile chun feabhas a chur ar chomhtháthú agus ar cháilíocht na beatha trí chláir, tionscadail agus líonraí comhpháirteacha.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) 2015/207 gCoimisiún an 20 Eanáir 2015 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis na samhlacha don tuarascáil ar dhul chun cinn, leis an bhfaisnéis a chur isteach maidir le mórthionscadal, leis an bplean gníomhaíochta comhpháirtíochta, leis na tuarascálacha um chur chun feidhme maidir le sprioc na hinfheistíochta le haghaidh fáis agus post, leis an dearbhú bainistíochta, leis an straitéis iniúchóireachta, leis an tuairim iniúchóireachta agus an modheolaíocht chun an anailís costais agus tairbhe a dhéanamh de bhun Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil leis an tsamhail do na tuarascálacha um chur chun feidhme agus sprioc an chomhair chríochaigh Eorpaigh (IO L 38, 13.2.2015, lgh. 1-122)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos na forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 320-469)

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1303/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (AE) Uimh. 1299/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 maidir le forálacha sonracha i dtaca le tacaíocht ó Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa do sprioc an chomhair chríche Eorpaigh (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 259-280)

Nuashonraithe 13.09.2016

Top