Leasanna muirí an Aontais Eorpaigh a chosaint
ACHOIMRE AR:
Teachtaireacht chomhpháirteach (JOIN(2014) 9 final) — Le haghaidh réimse muirí domhanda atá oscailte agus slán: gnéithe maidir leis an straitéis Eorpach um shlándáil mhuirí
CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?
- Leagtar amach léi creat coiteann le haghaidh comhordú míleata sibhialta idir Ballstáit an Aontais Eorpaigh (AE) agus idir Ballstáit agus an tAontas Eorpach, lena chur ar a gcumas beartais chomhleanúnacha a fhorbairt.
- Áirítear léi chomh maith gur féidir leis an Aontas Eorpach a leasanna muirí straitéiseacha a chosaint ar bhagairtí agus ar rioscaí éagsúla.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tugtar chun suntais sa straitéis príomhleasanna straitéiseacha slándála muirí AE:
- coinbhleachtaí a chosc, an tsíocháin a chaomhnú agus an tslándáil idirnáisiúnta a neartú trí chomhoibriú le comhpháirtithe idirnáisiúnta;
- an tAontas Eorpach a chosaint ar bhagairtí ar an tslándáil mhuirí, lena n áirítear bagairtí ar an mbonneagar criticiúil muirí amhail ceannfoirt agus críochfoirt, píblínte agus cáblaí teileachumarsáide faoi uisce;
- rialú éifeachtúil ar theorainneacha seachtracha AE chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chosc;
- ag cosaint:
- soláthair domhanda AE,
- saoirse loingseoireachta,
- an ceart chun gluaiseachta neamhurchóidí* long a bhfuil bratach na mBallstát ar foluain acu, agus
- sábháilteacht agus slándáil iad siúd ar bord;
- iascaireacht neamhdhleathach, neamhrialaithe agus neamhthuairiscithe a chosc.
Sainaithnítear inti roinnt bagairtí slándála muirí chomh maith lena n áirítear:
- díospóidí muirí teorann, gníomhartha ionsaithe agus coinbhleacht armtha idir tíortha;
- leathadh arm ollscriosta;
- píoráideacht mhuirí agus robáil armtha ar muir;
- an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag doirteadh mídhleathach nó truailliú mara de thaisme ar an gcomhshaol.
Pléifear leasanna straitéiseacha slándála muirí AE agus na bagairtí sa straitéis Eorpach um shlándáil mhuirí trí chur chuige trasearnála* lena mbeidh ceithre chuspóir shainiúla:
- lántairbhe a bhaint as inniúlachtaí ar leibhéal AE agus ar leibhéal náisiúnta;
- comhpháirtíochtaí éifeachtúla agus iontaofa a chur chun cinn sa réimse muirí domhanda;
- costéifeachtúlacht a chur chun cinn; agus
- dlúthpháirtíocht idir na Ballstáit a neartú.
Chun rialachas muirí níos fearr ar leibhéal AE, a bhaint amach leagtar amach ceithre phrionsabal threoracha sa teachtaireacht:
- cur chuige trasearnála
- sláine fheidhmhiúil *
- iltaobhachas muirí *
- meas ar rialacha agus ar phrionsabail*.
Ní mór iad sin a chur i bhfeidhm i gcúig réimse um chomhar feabhsaithe:
- gníomh seachtrach;
- feasacht mhuirí, faireachas muirí agus comhroinnt faisnéise muirí;
- forbairt inniúlachta agus forbairt acmhainne;
- bainistíocht riosca, cosaint bonneagair mhuirí chriticiúil agus freagairt ar ghéarchéimeanna;
- taighde agus nuálaíocht slándála muirí, oideachas agus oiliúint slándála muirí.
Comhlánaítear straitéis AE um shlándáil mhuirí le plean gníomhaíochta a glacadh i mí na Nollag 2014 agus a athbhreithníodh i mí an Mheithimh 2018. Leagtar amach sa phlean gníomhaíochta 90 gníomhaíocht lena dtugtar le chéile gnéithe inmheánacha agus seachtracha maidir le slándáil mhuirí AE.
Dírítear sa chéad chuid, ina gclúdaítear gníomhaíochtaí cothrománacha, ar chúig phríomhréimse:
- comhar idirnáisiúnta
- faireachas muirí
- forbairt cumas (lena n áirítear taighde agus nuálaíocht)
- bainistiú riosca
- oideachas agus oiliúint.
Clúdaítear sa dara cuid gnóthaí muirí réigiúnacha agus domhanda, i gcás go bhféachann an tAontas Eorpach le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda trí fhreagairtí réigiúnacha ar theophointí ar muir ar bhonn intíre — in imchuacha farraige Eorpacha, amhail an Mheánmhuir agus an Mhuir Dhubh — agus go hidirnáisiúnta, i Murascaill na Guine, Corn na hAfraice, an Mhuir Rua nó oirdheisceart na hÁise.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHTHÉARMAÍ
Gluaiseachta neamhurchóidí. An ceart atá ag soitheach dul thar uiscí teorann stáit eile faoi choinníollacha áirithe.
Cur chuige trasearnála. Baineann sé sin le comhar na gcomhpháirtithe uile ó údaráis shibhialta agus mhíleata (póilíní, na breithiúna, rialú teorann, cigireacht custaim agus iascaigh, údaráis chomhshaoil, maoirseacht long, taighde agus nuálaíocht, cabhlaigh) don tionscal (loingseoireacht, slándáil phríobháideach, teicneolaíocht cumarsáide, tacaíocht inniúlachta, na comhpháirtithe sóisialta).
Sláine fheidhmhiúil. Dírítear é sin ar mheasúnú a dhéanamh ar cad iad na feidhmeanna nó cúraimí sonracha a fheidhmíonn comhpháirtithe áirithe is féidir a bhaint amach ar bhealach níos fearr trí oibriú le chéile agus le comhpháirtithe eile.
Iltaobhachas muirí. Príomhphrionsabal i gcás go ndéileáiltear le ceisteanna casta óna dteastaíonn freagairt agus comhar idirnáisiúnta sa réimse muirí. Is é an smaoineamh go bhfuil an tAontas Eorpach níos láidre, agus go bhfuil a leasanna á gcosaint ar an dóigh is fearr, ag labhairt dó d’aon ghuth le comhpháirtithe idirnáisiúnta.
Meas ar rialacha agus ar phrionsabail. Cuireann an tAontas Eorpach meas ar an dlí idirnáisiúnta, ar chearta an duine agus ar dhaonlathas, agus comhlíonadh iomlán
Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige agus a spriocanna chun cinn mar na príomhghnéithe le haghaidh dea-rialachas ar muir bunaithe ar rialacha.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Le haghaidh réimse muirí domhanda atá oscailte agus slán: gnéithe maidir le straitéis an Aontais Eorpaigh um shlándáil mhuirí (JOIN(2014) 9 final an 6.3.2014).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Conclúidí ón gComhairle maidir le hathbhreithniú ar Phlean Gníomhaíochta na Straitéise Eorpaí um Shlándáil Mhuirí (SESM) (26 Meitheamh 2018).
Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Feasacht staide níos fearr trí chomhar feabhsaithe thar raon na n údarás um fhaireachais muirí: na chéad chéimeanna eile laistigh den Chomhthimpeallacht Chomhroinnte Faisnéise do réimse muirí AE (COM(2014) 451 final an 8.7.2014).
Nuashonraithe 05.11.2021