EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint

An Ghníomhaireacht Eorpach um Chosaint

ACHOIMRE AR:

Chinneadh (CBES) 2015/1835 — reacht, suíochán agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN CINNEADH SEO?

Leagtar síos sa chinneadh seo rialacha maidir le feidhmiú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (GEC), rud a chuireann creat dlíthiúil agus institiúideach ar fáil chun a chur ar chumas thíortha an Aontais Eorpaigh (AE) comhoibriú le chéile chun cumais mhíleata a fhorbairt i gcomhthéacs chomhbheartas eachtrach agus slándála AE, agus go háirithe, i gcomhthéacs chomhbheartas slándála agus cosanta AE (CBES).

PRÍOMHPHOINTÍ

Is iad seo a leanas tascanna an GEC:

  • cur le cuspóirí cumas míleata na dtíortha AE a aithint agus a gceangaltais chumais a mheas;
  • comhchuibhiú riachtanas oibríochtúil a chur chun cinn (e.g. trí chomhchuibhiú riachtanas míleata a chur chun cinn agus a chomhchuibhiú nó trí sholáthar cost-éifeachtach agus éifeachtúil a chur chun cinn bunaithe ar an dea-chleachtas a aithint agus a scaipeadh);
  • tionscadail a chur i bhfeidhm chun cuspóirí cumas míleata a chomhlíonadh agus chun a chinntiú go ndéantar cláir chomhordaithe a chur i bhfeidhm ag tíortha AE;
  • tacú le taighde ar theicneolaíocht chosanta agus comhghníomhaíochtaí taighde a chomhordú/phleanáil;
  • cur le bonn tionsclaíoch earnáil chosanta AE a neartú chun éifeachtúlacht an chaiteachais mhíleata a fheabhsú;
  • féachaint le comhleanúnachas a bhaint amach maidir le beartais AE eile a bhfuil impleachtaí cosanta acu;
  • comhar cosanta níos dlúithe a chothú idir tíortha AE;
  • tacú le hoibríochtaí CBES.

Rialachas GEC:

  • Tá ceanncheathrú ag GEC sa Bhruiséil agus déanann Comhairle AE maoirseacht pholaitiúil agus rialú air. Tugann GEC cuntas don Chomhairle agus faigheann sé treoirlínte uaithi.
  • Is é Ceannaire na GníomhaireachtaArdionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, atá i gceannas ar an mBord Stiúrtha agus a chruthaíonn nasc idir GEC agus an Chomhairle.
  • Príomhfheidhmeannach GEC, le cuidiú ón Leas-Phríomhfheidhmeannach, freagrach as maoirseacht a dhéanamh ar obair GEC agus as an obair sin a chomhordú. Ceaptar ag an mBord Stiúrtha iad.
  • Déanann an Bord Stiúrtha cinntí ar son GEC; tá Airí Cosanta ó gach tír AE (ach amháin an Danmhairg) agus ionadaí ón gCoimisiún Eorpach ar an mbord. Tagann baill an bhoird le chéile dhá uair sa bhliain ar a laghad chun cinntí a dhéanamh maidir le cúrsaí áirithe, lena n-áirítear an buiséad bliantúil, an clár oibre agus tionscnaimh nua.

Cistiúchán:

  • Maoinítear costais oibriúcháin GEC ag tíortha AE (ach amháin an Danmhairg) i gcomhréir lena n-ollioncam náisiúnta (OIN).
  • Maoinítear tionscadail aonair ag tíortha AE a ghlacann páirt iontu.

CATHAIN A BHEIDH FEIDHM AG AN GCINNEADH?

Cuireadh an cinneadh i bhfeidhm an 13 Deireadh Fómhair 2015.

CÚLRA

Bunaíodh GEC in 2004. Ó shin i leith, rinneadh roinnt leasuithe ar reacht, ar shuíochán agus ar rialacha oibríochtúla na gníomhaireachta. Daingnítear na hathruithe sin sa chinneadh seo.

GNÍOMH

Cinneadh (CBES) 2015/1835 ón gComhairle an 12 Deireadh Fómhair 2015 lena leagtar amach reacht, suíochán agus rialacha oibríochtúla na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint (IO L 266, 13.10.2015, lgh. 55-74)

Nuashonraithe 15.02.2016

Top