Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha AE maidir le rúin trádála a chosaint

Rialacha AE maidir le rúin trádála a chosaint

 

ACHOIMRE AR:

Treoir (AE) 2016/943 — maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Leagtar amach ann rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) lena gcomhchuibhítear dlíthe náisiúnta maidir le rúin trádála a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach.
  • Tá sé beartaithe go mbeidh éifeacht dhíspreagthach leis i gcoinne rúin trádála a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach, gan an bonn a bhaint de chearta agus de shaoirsí bunúsacha.

PRÍOMHPHOINTÍ

Fáil dhleathach

Meastar fáil rúin trádála a bheith dleathach má fhaightear é mar seo a leanas:

  • aimsiú nó cruthú neamhspleách;
  • breathnóireacht, staidéar, díchóimeáil nó tástáil ar tháirge nó ar réad atá curtha ar fáil don phobal nó atá i seilbh fhaighteoir na faisnéise go dleathach, agus nach bhfuil ceangal dlíthiúil ar an bhfaighteoir sin fáil an rúin trádála a shrianadh;
  • feidhmiú cheart na n-oibrithe nó ionadaithe na n-oibrithe i leith faisnéise agus comhairliúcháin faoi dhlí AE agus faoi dhlíthe agus cleachtais náisiúnta;
  • aon chleachtas eile a chloíonn le cleachtais ghnó mhacánta mar a sheasann cúrsaí.

Bíonn sé dleathach rún trádála a fháil, a úsáid nó a nochtadh freisin nuair a bhíonn sé riachtanach nó ceadaithe faoi dhlí AE nó faoin dlí náisiúnta.

Fáil, úsáid nó nochtadh neamhdhleathach

Bíonn sé neamhdhleathach rún trádála a fháil gan chead ó úinéir an rúin trádála má fhaightear é mar seo a leanas:

  • rochtain neamhúdaraithe, goid nó cóipeáil a dhéanamh ar dhoiciméid, réada, ábhair, substaintí nó comhaid leictreonacha atá faoi rialú dleathach úinéir an rúin trádála;
  • aon iompar eile a meastar é mar a bheith contrártha do chleachtais ghnó mhacánta mar a sheasann cúrsaí.

Bíonn sé neamhdhleathach an rún trádála a úsáid nó a nochtadh gan cead ón úinéir sna cásanna seo a leanas:

  • má fhaigheann duine an rún trádála go neamhdhleathach;
  • má sháraíonn duine comhaontú rúndachta nó aon cheanglas eile gan an rún trádála a nochtadh;
  • má sháraíonn duine dualgas conarthach nó dualgas de chineál eile chun úsáid an rúin trádála a theorannú.

Beidh an fháil, an úsáid nó an nochtadh neamhdhleathach freisin más rud é go raibh eolas ag an duine lena mbaineann, nó más rud gur cheart go raibh an t-eolas aige go bhfuarthas an rún trádála go díreach nó go hindíreach ó dhuine eile ag a raibh an rún trádála á úsáid nó á nochtadh go neamhdhleathach.

Eisceachtaí

I gcás ina líomhnaítear go bhfuair, gur úsáid nó gur nocht duine rún trádála, agus go ndearna sé amhlaidh ar na cúiseanna seo a leanas, éilítear sa treoir nach mór aon iarratas ar bhearta, ar nósanna imeachta nó ar bhearta ceartaitheacha a dhíbhe:

  • an ceart a fheidhmiú maidir le saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil mar atá leagtha amach sa Chairt um Chearta Bunúsacha, lena n-áirítear saoirse agus iolrachas na meán a urramú;
  • mí-iompar, éagóir nó gníomhaíocht mhídhleathach a nochtadh , ar an gcoinníoll gur chun críche leas an phobail a chosaint a rinneadh é;
  • nochtadh ag oibrithe dá n-ionadaithe, ar an gcoinníoll go raibh gá leis an nochtadh sin chun go gcomhlíonfadh na hionadaithe sin a gcuid feidhmeanna;
  • leas dlisteanach, mar atá aitheanta faoi dhlí AE nó faoin dlí náisiúnta, a chosaint.

Bearta, nósanna imeachta agus bearta ceartaitheacha

Ní mór do thíortha AE bearta, nósanna imeachta agus bearta ceartaitheacha a chur ar fáil lena n-áirithítear go bhfuil sásamh faoin dlí sibhialta* ar fáil d’íospartaigh fála, úsáide agus nochta rún trádála.

Maidir leis na bearta, nósanna imeachta agus bearta ceartaitheacha, éilítear sa treoir:

  • go bhfuil siad cóir, éifeachtach agus athchomhairleach;
  • nach bhfuil siad róchasta ná róchostasach, ná nach bhfuil teorainneacha ama míréasúnta ná moilleanna gan údar ag baint leo.

Maidir leis an tréimhse teorann d’éilimh, ní bheidh sé níos mó ná 6 bliana.

Féadfaidh sealbhóirí rúin trádála iarratas a dhéanamh ar bhearta ceartaitheacha* faoin dlí sibhialta má dhéantar an rún trádála sin a fháil, a úsáid nó a nochtadh go neamhdhleathach lena n-áirítear iad seo a leanas:

  • damáistí a dhámhachtain;
  • urghairí lena gcuirtear cosc ar an gcosantóir an rún trádála a úsáid nó a nochtadh; agus
  • earraí a sháraíonn an rún trádála a aistarraingt.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá an treoir i bhfeidhm ón 5 Iúil 2016. B’éigean do thíortha AE í a ionchorprú sa dlí náisiúnta faoin 9 Meitheamh 2018.

CÚLRA

Tuilleadh faisnéise:

  • Rúin trádála ” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh;
  • Preasráiteas ” ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Sásamh: éagóir faoin dlí a chur ina ceart, a mhaolú nó a réiteach. D’fhéadfaí a áireamh leis na modhanna cúiteamh as an éagóir nó cúiteamh as díobhálacha arna ndéanamh; aisghabháil nó aisíoc as dochar nó díobháil nó damáistí.
Bearta ceartaitheacha: an chaoi trína ndéanann cúirt ceart a fhorfheidhmiú, pionós a fhorchur, nó ordú cúirte eile a dhéanamh lena toil a fhorchur.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach (IO L 157, 15.6.2016, lgh. 1-18)

Nuashonraithe 22.11.2016

Top