Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Conarthaí lamháltais san Aontas Eorpach

Conarthaí lamháltais san Aontas Eorpach

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/23/AE maidir le conradh lamháltais a dhámhachtain

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Leagtar amach inti rialacha an Aontais Eorpaigh (AE) maidir le soláthar ag údaráis chonarthacha na hearnála poiblí agus ag eintitis chonarthacha in earnáil na bhfóntas trí bhíthin lamháltais (e.g. an ceart bonneagar a oibriú, amhail mótarbhealach, nó seirbhís, amhail bealach bus).

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is conarthaí íocaíochta iad lamháltais trína gcuireann údaráis chonarthachaeintitis chonarthacha amháin nó níos mó oibreacha nó soláthar agus bainistiú seirbhísí de chúram ar chuideachta amháin nó níos mó:
    • Is iad údaráis chonarthacha (mar a shainmhínítear in Airteagal 6) údaráis nó comhlachtaí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla faoi rialú an dlí phoiblí;
    • is éard atá in eintitis chonarthacha (mar a shainmhínítear in Airteagal 7) údaráis nó oibreoirí in earnáil na bhfóntas a bhfuil ceann de na gníomhaíochtaí ábhartha ar bun acu agus a dhámhann lamháltas lena gcur i gcrích.
  • Is éard atá i ndámhachtain na n–oibreacha nó na seirbhísí an ceart chun leas a bhaint astú, nó an ceart sin mar aon le híocaíocht. Tugtar le tuiscint leis an gceart chun leas a bhaint astu an riosca oibriúcháin eacnamaíoch a aistriú chuig sealbhóir an lamháltais, a bhaineann, go háirithe, leis an bhféidearthacht go bhféadfadh sé nach ndéanfaidh sealbhóir an lamháltais na hinfheistíochtaí a rinneadh a aisghabháil.
  • Féachtar leis na rialacha maidir le lamháltais a dhámhachtain cur chuige dlíthiúil soiléir a leagan amach. Tá sé mar aidhm acu freisin rochtain éifeachtach ar mhargadh na lamháltas a ráthú do gach gnólacht Eorpach, lena n–áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide, agus deiseanna a thabhairt dóibh infheistíocht a dhéanamh i mórsheirbhísí poiblí amach anseo.
  • Is cuid de phacáiste gníomhartha dlíthiúla an treoir seo, pacáiste arna dhearadh chun rialacha soláthair phoiblí ar fud AE a nuachóiriú. Cuirfidh na hathchóirithe ar chumas na n-údarás poiblí an leas a bhaintear as soláthar poiblí a bharrfheabhsú. Tá luach thart ar €420 billiún ar chonarthaí poiblí atá cumhdaithe ag treoracha AE, rud a fhágann gur príomhthiomántóir do gheilleagar an Aontais iad.
  • Mar atá leagtha amach in Airteagal 8, tá feidhm ag an treoir maidir le lamháltais ar fiú €5,538,000 nó níos mó iad. Déantar an tairseach sin a athbhreithniú gach 2 bliana, mar atá leagtha amach in Airteagal 9.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm léi ón 17 Aibreán 2014 agus b’éigean dlí a dhéanamh di i Ballstáit AE faoin 18 Aibreán 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le dámhachtain conarthaí lamháltas (IO L 94, 28.3.2014, lgh. 1–64).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2014/23/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 08.12.2023

Top