EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta á nochtadh ag cuideachtaí agus grúpaí móra

Faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta á nochtadh ag cuideachtaí agus grúpaí móra

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/95/AE maidir le faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta a nochtadh

CAD É AIDHM LEIS AN TREOIR?

Ceanglaítear ar chuideachtaí móra áirithe léi faisnéis neamhairgeadais ábhartha a nochtadh chun léargas níos soiléire a chur ar fáil d’infheisteoirí agus do pháirtithe leasmhara eile maidir le forbairt, feidhmíocht, staid agus tionchar a ngníomhaíochta.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá feidhm ag an treoir maidir le cuideachtaí agus grúpaí móra áirithe ina bhfuil níos mó ná 500 fostaí.

Faisnéis

Ceanglaítear ar na cuideachtaí sin athbhreithniú a dhéanamh ar a samhlacha gnó, ar bheartais, ar na príomhrioscaí agus ar na príomhthorthaí, lena n–áirítear ar:

  • cúrsaí comhshaoil;
  • gnéithe sóisialta agus fostaithe;
  • meas ar chearta an duine;
  • ceisteanna um fhrith-éilliú agus breabaireacht.

Mura bhfuil beartas ag cuideachtaí ar cheann de na réimsí sin, ba chóir an fáth nach bhfuil a mhíniú sa ráiteas neamhairgeadais. Ní mór do chuideachtaí chomh maith tuairisc a thabhairt ar a bpolasaí maidir le héagsúlacht an bhoird stiúrthóirí.

Treoirlínte

Ba cheart do chuideachtaí an fhaisnéis sin a nochtadh ina dtuarascáil bhliantúil, cé gur roghnaigh roinnt tíortha AE a cheadú do chuideachtaí an fhaisnéis sin a nochtadh i dtuarascáil ar leith más mian leo. Agus a ráitis á n–ullmhú acu, féadfaidh cuideachtaí treoirlínte náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta a úsáid amhail Comhshocrú Domhanda na Náisiún Aontaithe.

Sholáthair an Coimisiún Eorpach treoirlínte neamhcheangailteacha maidir le conas faisnéis neamhairgeadais a thuairisciú in 2017. In 2019 soláthróidh sé treoirlínte breise ar conas faisnéis faoin aeráid a thuairisciú.

Fochuideachtaí

Níl sé de cheangal ar fhochuideachta ráiteas a dhéanamh má tá an fhaisnéis san áireamh i dtuarascáil a máthairchuideachta (i.e. an chuideachta a rialaíonn bainistíocht agus oibriú na fochuideachta).

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Tá feidhm leis an treoir ón 5 Nollaig 2014. B’éigean dlí a dhéanamh di i dtíortha AE faoin 6 Nollaig 2016 Bhí ar chuideachtaí tuairisciú a dhéanamh i gcomhréir leis an treoir den chéad uair in 2018, agus an bhliain 2017 á clúdach.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/95/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 lena leasaítear Treoir 2013/34/AE maidir le faisnéis neamhairgeadais agus éagsúlachta á nochtadh ag cuideachtaí agus ag grúpaí móra áirithe (IO L 330, 15.11.2014, lgh. 1-9)

DOICIMÉAD GAOLMHAR

Treoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Meitheamh 2013 maidir leis na ráitis airgeadais bhliantúla, na ráitis airgeadais chomhdhlúite agus na tuarascálacha gaolmhara de chuid cineálacha áirithe gnóthas, lena leasaítear Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Treoir 78/660/CEE ón gComhairle agus Treoir 83/349/CEE ón gComhairle (IO L 182, 29.6.2013, lgh. 19-76)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2013/34/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 17.05.2019

Top