EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Scéimeanna ráthaithe taiscí

Scéimeanna ráthaithe taiscí

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/49/AE maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí chun taisceoirí institiúidí creidmheasa a chosaint

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Féachtar inti le taisceoirí gach institiúide creidmheasa a chosaint, agus cobhsaíocht chóras baincéireachta an Aontais Eorpaigh a chosaint ina iomláine.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is scéimeanna cosanta taiscí (SCTanna) ann ná contrapháirt riachtanach do mhaoirseacht stuamachta ar institiúidí creidmheasa, amhail bainc, agus dlúthpháirtíocht á cruthú idir na hinstitiúidí uile a bhíonn ag feidhmiú sa mhargadh airgeadais céanna nuair a chliseann ar cheann de na hinstitiúidí sin.
  • Ní mór do na Ballstáit AE uile dlíthe a thabhairt isteach lena chinntiú:
    • go gcuirfear SCT amháin nó níos mó ar bun ina gcríoch agus go n-éileofar ar na bainc dul i bpáirt leis nó leo;
    • go mbeidh ann do leibhéal comhchuibhithe cosanta do thaisceoirí.

An leibhéal cumhdaigh

  • Cumhdaítear na taiscí in aghaidh an taisceora in aghaidh an bhainc. Ciallaíonn sé sin go mbaineann an teorainn EUR 100,000 le gach cuntas comhiomlánaithe ag an mbanc céanna.I gcás comhchuntas (m.sh. cuntais ar le lánúin iad), cuirtear teorainn €100 000 i bhfeidhm maidir le gach taisceoir.
  • Féadfar taiscí áirithe – amhail taiscí a bhaineann le himeachtaí saoil (pósadh, colscaradh, scor, iomarcaíocht, easláine nó bás) – a chosaint le haghaidh breis is EUR 100 000 ar feadh tréimhse ama teoranta (3 mhí ar a laghad agus 12 mhí ar a mhéad).

Tairbhithe na ráthaíochta

  • Cosnaítear le SCTanna na taiscí uile atá i seilbh ag daoine aonair agus ag cuideachtaí, is cuma an mhéid atá orthu.
  • Ní chumhdaítear taiscí institiúidí agus údarás airgeadais (ach amháin údaráis áitiúla bheaga).
  • Cumhdaítear taiscí in airgeadraí neamh-AE freisin, rud atá tábhachtach do chuideachtaí beaga agus meánmhéide a ghníomhaíonn i dtíortha éagsúla.

Aisíocaíocht

  • Laghdófar dátaí éaga aisíocaíochta de réir a chéile ó 20 lá oibre i láthair na huaire go dtí 7 lá oibre i dtrí chéim:
    • 15 lá oibre ó 2019 ar aghaidh;
    • 10 lá oibre ó 2021 ar aghaidh;
    • 7 lá oibre ó 2024 ar aghaidh.
  • Idir an dá linn, féadfaidh taisceoirí i ngátar “íocaíocht amach shóisialta” a lorg, ar suim theoranta í, chun íoc as a gcostais mhaireachtála.
  • Taisceoirí ag brainsí bainc i mBallstát AE eile, faigheann siad a n-aisíocaíocht ó SCT na tíre sin (óst-SCT), a ghníomhaíonn mar “ionad ilfhreastail” ar son SCT baile.

Scéimeanna ráthaithe taiscí a mhaoiniú

  • Daingnítear an bunphrionsabal a thacaíonn le SCTanna sa dlí: maoinítear SCTanna ag na bainc. Léiríonn ranníocaíochtaí le SCTanna próifíl riosca na mbanc aonair, i.e. bíonn níos mó le híoc ag bainc a bhfuil níos mó riosca ag baint leo
  • Chuige sin, beidh ar thíortha AE a chinntiú, faoin 3 Iúil 2024, go mbeidh spriocleibhéal de 0.8 % ar a laghad de thaiscí cumhdaithe na mball bainte amach i ndáil le meáin airgeadais SCT (nó timpeall €55 billiún.

Úsáid cistí

  • I bprionsabal, úsáidfear cistí SCTanna chun taisceoirí a chúiteamh nuair a chliseann ar bhanc. Féadfar úsáid a bhaint astu freisin, faoi choinníollacha dochta, chun idiragairt go luath le cliseadh bainc a chosc nó ar mhaithe le bearta réiteach baincéireachta áirithe, m.sh. taiscí a aistriú ó bhanc anásta chuig banc éigin eile.

Faisnéis do thaisceoirí

  • Cuirtear feabhas faoin dlí ar chaighdeán na faisnéise a thugtar do thaisceoirí faoi chosaint a gcuid dtaiscí. Beidh ar na bainc faisnéis shoiléir faoi chosaint taisceoirí a sholáthar do shealbhóirí cuntais gach aon bhliain.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

Bhí sí le corprú ag tíortha AE sa dlí náisiúnta faoin 3 Iúil 2015.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Treoir 2014/49/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón Chomhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le scéimeanna ráthaithe taiscí (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 149-178)

Rinneadh leasuithe agus ceartúcháin comhleanúnacha ar Threoir 2014/49/AEa chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Nuashonraithe 21.11.2016

Top