Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Drochúsáid mhargaidh sna margaí airgeadais a chosc

Drochúsáid mhargaidh sna margaí airgeadais a chosc

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Tá sé mar aidhm leis an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh (RDM) a áirithiú go gcoinneofar reachtaíocht an Aontais Eorpaigh (AE) cothrom le dáta maidir le forbairtí margaidh chun drochúsáid mhargaidh ar mhargaí airgeadais a chomhrac, lena n–áirítear margaí díorthach a bhaineann le tráchtearraí (amhail ór nó cruithneacht).
  • Cuirtear cosc go sainráite leis ar chúbláil tráchtearraí agus tagarmharcanna, amhail Euribor (ráta tairgthe idirbhainc an euro).
  • Neartaítear leis cumhachtaí imscrúdaitheacha agus smachtbhannaí na rialtóirí arna gceapadh ag Ballstáit AE chun feidhmiú cuí a margaí airgeadais áirithiú.
  • Soláthraítear leis leabhar rialacha aonair AE agus hualaí riaracháin ar eisitheoirí beaga agus meánmhéide á laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Drochúsáid sna margaí airgeadais a chosc

Le drochúsáid mhargaidh cuirtear cosc ar an trédhearcacht iomlán a theastaíonn chun tabhairt faoin trádáil i margaí airgeadais comhtháite an lae inniu. Cuirtear cosc ar thrí chineál drochúsáide leis na rialacha:

  • cúbláil mhargaidh*
  • trádáil chos istigh*
  • faisnéis chos istigh a nochtadh go neamhdhleathach*.

Cuirtear rialacha RDM i bhfeidhm ar dhuine nó ar chuideachta ar bith a dhéanann drochúsáid mhargaidh agus ionstraimí airgeadais á dtrádáil acu, cibé acu trí ardáin trádála nó trí chaibidlíocht phríobháideach in idirbhearta thar an chuntar, ar an gcoinníoll go bhféadfadh tionchar a bheith aige ar an méid seo a leanas:

  • ionstraimí airgeadais arna dtrádáil ar ionad trádála; nó
  • ionstraimí airgeadais a mbraitheann a bpraghas nó a luach ar phraghas nó ar luach ionstraime airgeadais a thrádáiltear ar ionad trádála nó a bhfuil éifeacht acu ar phraghas nó ar luach na hionstraime airgeadais sin.

Smachtbhannaí riaracháin

Ceanglaítear leis an RDM ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an chumhacht ag údaráis inniúla smachtbhannaí riaracháin sonracha a fhorchur nó bearta riaracháin a ghlacadh i gcás sárú ar rialacha RDM.

Cumhachtaí imscrúdaitheacha neartaithe rialtóirí

Neartaítear le rialacha RDM cumhachtaí maoirseachta agus imscrúdaitheacha na rialtóirí a cheaptar gach Ballstát chun feidhmiú ceart a gcuid margaí airgeadais a áirithiú. Mar shampla, ar a gcumhachtaí féin, tá siad ábalta cigireachtaí agus imscrúduithe ar an láithreán a dhéanamh agus a iarraidh go ndéanfaí sócmhainní a reo nó seilbh a ghlacadh orthu.

Rialachán leasaitheach

Rialachán leasaitheach (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais (féach an achoimre):

  • soiléirítear leis na rialacha maidir leis an ngá do bhainisteoirí, agus do dhaoine a bhfuil dlúthbhaint acu leo, fógra a thabhairt d’eisitheoir agus d’údarás inniúil na n–idirbheart arna ndéanamh ar a gcuntas féin a bhaineann le hionstraimí airgeadais atá nasctha iad féin le scaireanna agus ionstraimí fiachais a n–eisitheora;
  • foráiltear ann nach mór fógra a thabhairt don eisitheoir agus don údarás inniúil maidir le gach idirbheart in ionstraimí airgeadais os cionn tairseach íosta, ach déantar eisceacht i gcás ina soláthraítear leis an ionstraim airgeadais nasctha neamhchosaint 20% nó níos lú ar scaireanna nó ionstraimí fiachais an eisitheora, nó i gcás nach bhfuil eolas ag an duine a chomhlíonann freagrachtaí bainistíochta nó ag an duine a bhfuil dlúthbhaint aige leo, nó nach bhféadfadh eolas a bheith acu, faoi chomhdhéanamh infheistíochta na hionstraime airgeadais nasctha.

Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2115:

  • coigeartaítear leis rialacha RDM maidir le cineál nua ionaid trádála, margadh fáis fiontar beaga agus meánmhéide (FBManna), fochatagóir um shaoráidí trádála iltaobhacha, a tugadh isteach faoi Threoir 2014/65/AE maidir le margaí in ionstraimí airgeadais (féach an achoimre);
  • déantar na hoibleagáidí a fhorchuirtear ar eisitheoirí i margaí fáis FBManna níos comhréire leis, agus sláine an mhargaidh agus cosaint infheisteoirí á gcaomhnú, agus cuirtear leachtacht chun cinn leis trína cheadú d’aon eisitheoir ar mhargadh fáis FBManna AE conradh leachtachta a dhéanamh.

Gníomharthacur chun feidhme agus tarmligthe

Ó glacadh an RDM, tá na gníomhartha seo a leanas glactha ag an gCoimisiún Eorpach lena bhforlíontar gnéithe áirithe den rialachán nó lena soiléirítear tuilleadh iad.

  • Treoir Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2392 maidir le tuairisciú d’údaráis inniúla maidir le sáruithe iarbhír nó féideartha ar an Rialachán sin;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/378 maidir le caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le huainiú, formáid agus teimpléad tharchur na bhfógra chuig na húdaráis inniúla;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 maidir le díolúine le haghaidh comhlachtaí poiblí agus bainc cheannais áirithe tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, táscairí um chúbláil mhargaidh, na tairseacha um nochtadh, an údarás inniúil le haghaidh fógraí faoi mhoilleanna, an cead do thrádáil le linn tréimhsí dúnta agus cineálacha idirbheart infhógartha bainisteoirí, arna leasú le Rialachán (AE) 2019/461 lena ndíolmhaítear Banc Shasana agus Oifig Bainistíochta Fiachais na Ríochta Aontaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 596/2014;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/523 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis an bhformáid agus an teimpléad le haghaidh fógra agus nochtadh poiblí idirbheart bainisteoirí;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/908 maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis na critéir, an nós imeachta agus na ceanglais chun cleachtas margaidh inghlactha a bhunú agus na ceanglais maidir lena choimeád, lena fhoirceann nó na coinníollacha maidir lena ghlacadh a athrú;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/909 maidir le caighdeáin theicniúla rialála le hábhar na bhfógraí atá le cur isteach chuig na húdaráis inniúla agus maidir leis an liosta fógraí a thiomsú, a fhoilsiú agus a choimeád;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/957 maidir le caighdeáin theicniúla rialála do na socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí chomh maith leis na teimpléid fógartha a úsáidtear chun cleachtais drochúsáide nó orduithe nó idirbhearta amhrasacha a chosc, a bhraith agus a thuairisciú;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/958 maidir le caighdeáin theicniúla rialála le haghaidh cur i láthair oibiachtúil moltaí infheistíochta nó faisnéise eile ina moltar nó ina gcomhairlítear straitéis infheistíochta agus le haghaidh nochtadh leasanna áirithe nó léirithe coinbhleachtaí leasa;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/959 maidir le caighdeáin theicniúla maidir le sondálacha margaidh* maidir leis na córais agus na teimpléid fógartha atá le húsáid na rannpháirtí margaidh a dhéanann an nochtadh agus formáid na dtaifead;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/960 maidir le caighdeáin theicniúla rialála do na socruithe, córais agus nósanna imeachta iomchuí chun rannpháirtithe nocht–mhargaidh a dhéanann sondálacha margaidh;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1052 maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis na coinníollacha is infheidhme maidir le cláir ceannaigh ar ais* agus bearta um chobhsaíocht;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/1055 maidir leis na caighdeáin theicniúla maidir leis an modh teicniúil le haghaidh nochtadh poiblí cuí na faisnéise ón taobh istigh agus chun moill a chur ar nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1158 maidir leis na caighdeáin theicniúla maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha d’údaráis inniúla a mhalartaíonn faisnéis leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA);
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/1406 maidir leis na caighdeáin theicniúla maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha le haghaidh malartú faisnéise agus comhair idir údaráis inniúla, ESMA, an Coimisiún agus eintitis eile;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/1783 maidir le caighdeáin theicniúla rialála ina gcuimsítear doiciméad teimpléid le haghaidh socruithe comhair le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad;
  • Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/1210 maidir leis na caighdeáin theicniúla le haghaidh chur chun feidhme Rialachán (AE) 596/2014 maidir le formáid na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh agus na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a thabhairt cothrom le dáta;
  • Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1959 maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach teimpléad conarthach le haghaidh conarthaí leachtachta i dtaobh scaireanna eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM.

Aisghairm

Cuirtear Rialachán (AE) Uimh. 596/2014, mar aon le Treoir 2014/57/AE lena gceanglaítear ar na Ballstáit go léir a ndlíthe maidir le cionta coiriúla de bharr drochúsáid mhargaidh a chomhchuibhiú (féach an achoimre), in ionad Threoir bhunaidh 2003/6/CE maidir le drochúsáid mhargaidh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm aige, seachas forálacha sonracha, ón 3 Iúil 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cúbláil mhargaidh. Dul isteach in idirbheart nó iompar lena mbaineann an méid seo a leanas: lena ndéantar, nó ar dóigh go ndéanfar, comharthaí bréagacha nó míthreoracha a thabhairt maidir le soláthar / éileamh/ praghas ionstraime airgeadais; lena n–urraítear nó ar dóigh go n–urrófar praghas ionstraime airgeadais ar leibhéal mínormálta nó saorga. D’fhéadfadh sé go mbeadh sé i gceist leis chomh maith: idirbheart nó iompar trí úsáid a bhaint as seifteanna samhailteacha nó as aon fhoirm eile de dhallamullóg; faisnéis mhíthreorach a scaipeadh; faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a tharchur; ionchuir bhréige nó mhíthreoracha a sholáthar; nó gníomh ar bith lena ndéantar ríomh tagarmhairc a chúbláil.
Trádáil taobh istigh. Tagann sé sin chun cinn nuair a bhaineann duine éigin úsáid as faisnéis chos istigh trí idirbheart a dhéanamh, trína chuntas nó trína cuntas féin nó do chuntas tríú páirtí, in ionstraim airgeadais lena mbaineann an bhfaisnéis chos istigh sin. Tá faisnéis chos istigh ina cineál beacht, nach bhfuil poiblithe, a bhaineann le heisitheoir(í) ionstraimí airgeadais agus dá bpoibleofaí í, dhéanfadh sé difear suntasach do phraghsanna.
Faisnéis chos istigh a nochtadh go neamhdhleathach. Tagann sé sin chun cinn i gcás go nochtann duine ag a bhfuil faisnéis chos istigh an fhaisnéis sin do dhuine éigin eile (e.g. trí dhoiciméid rúnda a sceitheadh ina bhfuil faisnéis ón taobh istigh) ach amháin i gcás go ndéantar an nochtadh i ngnathfheidhmiú post, gairm nó dualgas.
Sondálacha margaidh. Teachtaireacht faisnéise sula bhfógrófar idirbheart, chun suim na n–infheisteoirí ionchasacha in idirbheart féideartha a thomhas, agus na coinníollacha a bhaineann leis amhail méid a d’fhéadfadh sé a bheith nó praghsáil d’infheisteoir ionchasach amháin nó níos mó.
Cláir ceannaigh ar ais. Nuair a cheannaíonn cuideachtaí a gcuid scaireanna féin ar ais ón margadh, iad féin nó trí dhuine ag gníomhú ina ainm nó ina hainm féin ach thar ceann na cuideachta. Tagann sé sin chun cinn is minice nuair a bhraitheann cuideachtaí go bhfuil a scaireanna faoina luach.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh) agus lena n–aisghairtear Treoir 2003/6/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2003/124/CE, Treoir 2003/125/CE agus Treoir 2004/72/CE ón gCoimisiún. (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 1-61).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1959 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena bhforlíontar Treoir (AE) 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála lena leagtar amach teimpléad conarthach le haghaidh conarthaí leachtachta i dtaobh scaireanna eisitheoirí a ligtear ionstraimí airgeadais dá gcuid isteach chun a dtrádála ar mhargadh fáis FBM. (IO L 270, 18.10.2022, lgh. 4-11).

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/1210 ón gCoimisiún an 13 Iúil 2022 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le cur i bhfeidhm Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le formáid na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh agus na liostaí de dhaoine ar an taobh istigh a thabhairt cothrom le dáta (IO L 187, 14.7.2022, lgh. 23-30).

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2020/1406 ón gCoimisiún an 2 Deireadh Fómhair 2020 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha le haghaidh malartú faisnéise agus comhair idir údaráis inniúla, ESMA, an Coimisiún agus eintitis eile faoi Airteagal 24(2) agus Airteagal 25 réir Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le drochúsáid mhargaidh (IO L 325, 7.10.2020, lgh. 7-21)

Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/461 ón gCoimisiún an 30 Eanáir 2019 lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 maidir le díolmhú Bhanc Shasana agus Oifig Bainistíochta Fiachais na Ríochta Aontaithe ó raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 80, 22.3.2019, lgh. 10-12).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2018/292 ón gCoimisiún an 26 Feabhra 2018 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha le haghaidh malartú faisnéise agus cúnaimh idir údaráis inniúla de réir Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 55, 27.2.2018, lgh. 34-49).

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2017/1158 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2017 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla maidir le nósanna imeachta agus foirmeacha d’údaráis inniúla a mhalartaíonn faisnéis leis an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí dá dtagraítear in Airteagal 33 de Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 167, 30.6.2017, lgh. 22-30).

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2016/1055 ón gCoimisiún an 29 Meitheamh 2016 lena gcuirtear chun feidhme caighdeáin theicniúla maidir leis an modh teicniúil le haghaidh nochtadh poiblí cuí na faisnéise ón taobh istigh agus chun moill a chur ar nochtadh poiblí na faisnéise ón taobh istigh i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 173, 30.6.2016, lgh. 47-51).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1052 ón gCoimisiún an 8 Márta 2016 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le caighdeáin theicniúla rialála maidir leis na coinníollacha is infheidhme maidir le cláir ceannaigh ar ais agus bearta um chobhsaíocht (IO L 173, 30.6.2016, lgh. 34-41).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/959 ón gCoimisiún an 17 Bealtaine 2016 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le sondálacha margaidh i dtaca leis na córais agus na teimpléid fógartha a úsáidfidh rannpháirtithe nochta-mhargaidh agus le formáid na dtaifead de réir Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 160, 17.6.2016, lgh. 23-28).

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/523 ón gCoimisiún an 10 Márta 2016 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir leis an bhformáid agus an teimpléad le haghaidh fógra agus nochtadh poiblí idirbheart bainisteoirí i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 88, 5.4.2016, lgh. 19-22).

Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/522 ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2015 lena bhforlíontar Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Parlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le díolúine le haghaidh comhlachtaí poiblí agus bainc cheannais áirithe tríú tíortha, táscairí um chúbláil mhargaidh, na tairseacha um nochtadh, an údarás inniúil le haghaidh fógraí faoi mhoilleanna, an cead do thrádáil le linn tréimhsí dúnta agus cineálacha idirbheart infhógartha bainisteoirí (IO L 88, 5.4.2016, lgh. 1-18).

Rialachán cur chun Feidhme (AE) 2016/378 an 11 Márta 2016 lena leagtar síos na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme maidir le huainiú, formáid agus teimpléad tharchur na bhfógra chuig na húdaráis inniúla de réir Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 72, 17.3.2016, lgh. 1-12),

Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349-496).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2014/57/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 maidir le smachtbhannaí coiriúla don drochúsáid mhargaidh (an treoir maidir le drochúsáid mhargaidh) (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 179-189).

Nuashonraithe 06.01.2023

Top