Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) de chuid an Aontais

Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) de chuid an Aontais

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Leagtar síos leis na rialacha maidir le húsáid a bhaint as Córas Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh (IMI) le haghaidh comhar riaracháin idir údaráis inniúla thíortha AE i réimsí beartais a bhaineann leis an Margadh Aonair.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Is feidhmchlár slán Idirlín é IMI trínar féidir leis na húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla cumarsáid a dhéanamh go tapa agus go héasca lena gcomhghleacaithe san Aontas, san Íoslainn, i Lichtinstéin agus san Iorua maidir le dlí AE um an margadh inmheánach (i.e. na dlíthe a bhaineann leis an margadh aonair atá i bhfeidhm idir tíortha AE agus ina gcinntítear saorghluaiseacht earraí, seirbhísí, caipitil agus daoine agus faoina bhfuil sé de cheart ag daoine bheith ina gcónaí, ag obair, ag staidéar agus i mbun gnó).
  • Cabhraíonn sé leis na húdaráis sin deacrachtaí praiticiúla a shárú a bhaineann go háirithe le héagsúlachtaí sa chultúr riaracháin, leis an bhfeidhm a bhaintear as teangacha éagsúla agus le comhpháirtithe i dtíortha AE eile a shainaithint.
  • Is seirbhís phoiblí shaor in aisce é, arna fhorbairt ag an gCoimisiún, agus tá sé ar fáil i ngach teanga AE, agus tá sé á reáchtáil ó 2008 i leith.

Mórthairbhí don phobal

Trí bhíthin nósanna imeachta a bhrostú agus cumarsáid idir údaráis phoiblí a fheabhsú, laghdaítear le IMI na costais a bhaineann le moilleanna, agus cuirtear ar chumas na n–údarás seirbhís níos fearr a sholáthar do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí. Is uirlis é IMI, mar sin, a chabhraíonn go hindíreach le daoine aonair agus le gnólachtaí lántairbhe a bhaint as na deiseanna a chuirtear ar fáil dóibh i Margadh Inmheánach an Aontais Eorpaigh.

Na réimsí ina mbaintear feidhm as IMI

  • Dhá shampla de na treoracha dá mbaintear feidhm as IMI is iad Treoir 2005/36/CE maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint agus Treoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach.
  • Faoi cháilíochtaí gairmiúla, is féidir le tír AE feidhm a bhaint as córas IMI chun bailíocht na gcáilíochtaí do ghairmithe a dteastaíonn uathu cleachtadh sa tír sin a dhearbhú.
  • I dteannta le cáilíochtaí agus le seirbhísí gairmiúla, is iad a leanas samplaí de na réimsí eile a chumhdaítear in IMI:
  • De dheasca sholúbthacht an chórais, is éasca é a leathnú chuig réimsí eile.
  • liosta réimsí ina n–úsáidtear IMI le fáil ar líne.

Príomhfheidhmeanna

Cuirtear na príomhfheidhmeanna a leanas ar fáil le IMI:

  • malartuithe déthaobhacha faisnéise (sreabhadh oibre ó cheann go ceann) malartuithe slána faisnéise idir dhá údarás inniúla;
  • malartuithe iltaobhacha faisnéise (sreafaí oibre ó cheann amháin go cuid mhór) lena gcuirtear ar chumas údarás faisnéis a sheoladh chuig go leor faighteoirí;
  • stórtha bunachair sonraí ilteangacha inchuardaithe chun faisnéis a chomhroinnt idir na gníomhairí IMI sin;
  • láimhseáil cás SOLVIT sreabhadh oibre chun tacú le réiteach gearán ó shaoránaigh agus ó ghnólachtaí maidir le feidhmiú dhlí AE ag údaráis phoiblí;
  • comhéadan poiblí, lena gcuirtear ar chumas gníomhairí seachtracha idirghníomhú le IMI.

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012

Rinneadh Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a leasú ionas go bhféadfaí IMI a úsáid sna comhthéacsanna a leanas:

  • iarratais ar chárta gairmiúil Eorpach a phróiseáil (Treoir 2013/55/AE lena leasaítear Treoir 2005/36/CE — féach an achoimre);
  • postú oibrithe a sholáthraíonn seirbhísí (Treoir 2014/67/AE — féach an achoimre);
  • nithe cultúrtha a aistríodh go mídhleathach ó thír AE a fháil ar ais (Treoir 2014/60/AE — féach an achoimre);
  • na ceanglais maidir le doiciméid phoiblí áirithe a chur i láthair (Rialachán (AE) 2016/1191 — féach an achoimre);
  • cineálcheaduithe AE maidir le hinnealra soghluaiste nach innealra bóthair é (Rialachán (AE) 2016/1628 — féach an achoimre);
  • an pointe rochtana aonair digiteach lena n–éascaítear rochtain ar líne ar nósanna imeachta agus ar chúnamh do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí (Rialachán (AE) 2018/1724 — féach an achoimre); agus
  • postú tiománaithe san earnáil iompair de bhóthar (Treoir (AE) 2020/1057).

Le Rialachán (AE) 2020/1055 leasaítear an iarscríbhinn a ghabhann le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012, lena gcuirtear Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 maidir le rialacha oibriúcháin le haghaidh cuideachtaí iompair de bhóthar agus cuideachtaí iompair paisinéirí (féach an achoimre) leis an liosta gníomhartha AE a cuireadh chun feidhme trí bhíthin IMI.

Gníomhartha cur chun feidhme

Ghlac an Coimisiún na gníomhartha cur chun feidhme sa leanas:

  • Cinneadh Cur Chun Feidhme 2014/89/AE maidir le treoirthionscadal i ndáil le ceadúnais tiomána traenach (lena gcuirtear chun feidhme Treoir 2007/59/CE — féach an achoimre)
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/743 maidir le treoirthionscadal chun na rialacha um chomhar riaracháin a bhaineann le Rialachán (AE) 2016/679 maidir le sonraí pearsanta a chosaint a chur chun feidhme — féach an achoimre a chur chun feidhme;
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1253 maidir le treoirthionscadal chun na rialacha um chomhar riaracháin atá leagtha amach i gCinneadh 2001/470/CE lena mbunaítear Líonra Breithiúnach Eorpach in ábhair shibhialta agus thráchtála a chur chun feidhme — féach an achoimre a chur chun feidhme;
  • Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/2212 maidir le treoirthionscadal chun na rialacha um chomhar riaracháin atá leagtha amach i Rialachán (AE) 2017/2394 a chur chun feidhme — féach an achoimre.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm le Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ón .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le comhar riaracháin trí Chóras Faisnéise an Mhargaidh Inmheánaigh agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2008/49/CE ón gCoimisiún (“Rialachán IMI”) (IO L 316, , lgh. 1-11)

Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1024/2012 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

nuashonrú is deireanaí

Top