EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár um Cheartas (2014-20)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Clár um cheartas (2021-2027)' for an updated information about the subject.

Clár um Cheartas (2014-20)

Sa chlár seo cuirtear le tuilleadh forbartha ar limistéar ceartais de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) bunaithe ar aitheantas frithpháirteach agus muinín fhrithpháirteach, trí chomhar breithiúnach i gcúrsaí sibhialta agus coiriúla a chothú agus trí chuidiú le hoiliúint a chur ar bhreithimh agus ar chleachtóirí dlí eile.

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Cheartas don tréimhse 2014 go 2020.

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN?

Bunaítear leis an gClár um Cheartas don tréimhse 2014-20. Tagann sé in ionad trí chlár cistiúcháin a chuaigh in éag sa bhliain 2013 (Clár um Cheartas Sibhialta, Clár um Cheartas Coiriúil agus Clár um Chosc Drugaí agus um Fhaisnéis).

PRÍOMHPHOINTÍ

Féachtar sa Chlár um Cheartas lena chinntiú go gcuirtear dlí AE i bhfeidhm go hiomlán agus go comhsheasmhach. Is é an misean atá aige rochtain a éascú ar an gceartas do dhaoine agus do ghnólachtaí ar fud AE, ach go háirithe má chónaíonn siad, má oibríonn siad, má dhéanann siad gnó nó fiú má tá aghaidh á thabhairt acu ar thriail i dtír AE eile.

Cothaíonn Clár 2014-2020 na nithe seo go háirithe:

  • comhar breithiúnach i gcúrsaí sibhialta, lena n-áirítear cúrsaí sibhialta agus tráchtála, dócmhainneachtaí, cúrsaí teaghlaigh (amhail colscaradh) agus comharbais srl.,
  • comhar breithiúnach i gcúrsaí coiriúla amhail coireacht airgeadais (calaois, sciúradh airgid, éillitheacht), cibearchoireacht, coireacht chomhshaoil, gáinneáil ar dhaoine, teacht i dtír gnéasach agus pornagrafaíocht leanaí, srl.,
  • oiliúint bhreithiúnach, lena n-áirítear oiliúint teanga ar théarmaíocht dhlíthiúil, ag féachaint le cultúr coiteann dlíthiúil agus breithiúnach AE a chothú,
  • rochtain éifeachtúil ar an gceartas in AE, lena n-áirítear ceart d’íospartaigh na coireachta agus cearta nós imeachta in imeachtaí coiriúla,
  • tionscnaimh maidir le beartas drugaí (gnéithe a bhaineann le comhar breithiúnach agus le cosc ar an gcoireacht).

Breisluach AE:

Ní mór do na gníomhartha uile a fhaigheann maoiniú breisluach a sholáthar ag leibhéal AE.

Ní mór do na tionscadail a fhaigheann maoiniú:

  • cuidiú le cur i bhfeidhm éifeachtúil agus comhsheasmhach na n-ionstraimí dlí AE (amhail an Barántas Gabhála Eorpach) nó na mbeartas AE,
  • feabhas a chur ar eolas agus tuiscint ar dhlí agus beartais AE, do shaoránaigh agus do ghairmithe dlí araon,
  • comhar trasteorann a chothú agus iontaoibh fhrithpháirteach a fhorbairt i measc na dtíortha AE,
  • feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras breithiúnach agus a gcomhar trí theicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide,
  • uirlisí praiticiúla agus réitigh a chruthú chun déileáil le ceisteanna breithiúnacha trasteorann.

Gníomhartha a mhaoinítear:

  • gníomhaíochtaí oiliúna (malartuithe foirne, seimineáir, uirlisí oiliúna ar líne nó modúil oiliúna a fhorbairt do bhreithiúna agus d’fhoireann bhreithiúnach, srl.),
  • foghlaim fhrithpháirteach, gníomhaíochtaí comhair, malartú ar dhea-chleachtas, athbhreithnithe piaraí, forbairt ar uirlisí teicneolaíochta faisnéise lena n-áirítear feabhsú ar an tairseach AE e-Justice chun feabhas a chur ar rochtain saoránach ar an gceartas,
  • gníomhaíochtaí chun feasacht a ardú, feachtais eolais, comhdhálacha, srl.,
  • tacaíocht do phríomhpháirtithe (príomheagraíochtaí agus gréasáin AE, údaráis na dtíortha AE atá ag cur dlí AE chun feidhme, srl.),
  • gníomhaíochtaí anailíseacha (staidéir, bailiú sonraí, forbairt ar mhodheolaíochtaí coitianta, táscairí, suirbhéanna, treoracha a ullmhú, srl.).

D’fhonn a chinntiú go gcuirtear an clár chun feidhme, glacann an Coimisiún le clár oibre bliantúil le foramharc ar na príomhréimsí maoinithe agus an buiséad atá ceadaithe do gach cuspóir.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Ón 29 Nollaig 2013. Thosaigh an clár an 1 Eanáir 2014.

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

TAGAIRTÍ

Gníomh

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

Rialachán (AE) Uimh. 1382/2013

29.12.2013

IO L 354, 28.12.2013, lgh. 73-83

Nuashonraithe 15.06.2015

Top