Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An ceart chun cúnaimh dhlíthiúil in imeachtaí coiriúla

An ceart chun cúnaimh dhlíthiúil in imeachtaí coiriúla

Iarrtar leis an mholadh seo inrochtaineacht, cáilíocht agus éifeachtúlacht an chúnaimh dhlíthiúil a fheabhsú do dhaoine faoi dhrochamhras nó do chúisithe in imeachtaí coiriúla agus do dhaoine iarrtha in imeachtaí um barántas gabhála Eorpach.

ACHT

Moladh ón gCoimisiún an 27 Samhain 2013 maidir leis an gceart chun cúnaimh dhlíthiúil do dhaoine faoi dhrochamhras nó do chúisithe in imeachtaí coiriúla.

ACHOIMRE

Féachtar leis an mholadh seo rochtain éifeachtach ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí um barántas gabhála Eorpach a áirithiú, rud a dhéantar tríd an gceart chun cúnaimh dhlíthiúil do dhaoine faoi dhrochamhras, do chúisithe nó do dhaoine iarrtha (saoránaigh ina dhiaidh seo) a neartú.

Ba cheart do na Ballstáit na bearta a chuirtear i bhfeidhm a chur in iúl don Choimisiún, bearta a nglactar leo mar thoradh ar an mholadh laistigh de 36 mhí ón mholadh a chur in iúl dóibh.

Incháilitheacht le haghaidh cúnaimh dhlíthiúil a mheas

Ba cheart cúnamh dlíthiúil a thabhairt do shaoránaigh mura bhfuil dóthain acmhainní airgeadais acu chun íoc as costais na cosanta agus na n-imeachtaí (tástáil acmhainne), agus/nó nuair a bhíonn cúnamh dá leithéid de dhíth ar mhaithe le ceartas (tástáil tuillteanas).

  • Tástáil acmhainne: ba cheart go ndéanfaí measúnú ar staid eacnamaíoch an iarratasóra bunaithe ar thosca oibiachtúla amhail ioncam, caipiteal, srl. agus ar chostas dlíodóra chosanta.
  • Tástáil tuillteanas: ba cheart go gcuirfí san áireamh sa tástáil seo coimpléascacht an cháis, staid phearsanta agus shóisialta an duine, tromchúiseacht na coire agus déine an phionóis fhéideartha. Meastar go gcomhlíontar an critéar tuillteanas má chuirtear pianbhreith choimeádta i bhfeidhm mar chuid den phionós nó más gá cúnamh dlíthiúil a sholáthar.

Éifeachtúlacht an chúnaimh dhlíthiúil

Ba cheart go ndéanfadh údarás neamhspleách cinneadh go pras maidir le cúnamh dlíthiúil a sholáthar, ionas gur féidir le saoránaigh a gcosaint a ullmhú. Ba cheart go mbeadh de cheart ag saoránaigh cinntí a athbhreithniú a dhiúltaíonn dá n-iarratas ar chúnamh dlíthiúil.

Ba cheart go mbeadhfaisnéisfaoin chúnamh dlíthiúilinrochtana agus intuigthe go réidh ag saoránaigh, lena n-áirítear faisnéis faoin chaoi ar féidir iarratas a dhéanamh agus faoin áit ar gá iarratas a dhéanamh, faoi chritéir thrédhearcacha incháilitheachta, agus faoin fhéidearthacht gearáin a chur isteach.

Cáilíocht an chúnaimh dhlíthiúil

Ba cheart go gcuirfí i bhfeidhm i mBallstáit uile AE córas creidiúnaithe le haghaidh dlíodóirí cúnaimh dhlíthiúil. Ba cheart go dtabharfadh an córas seo spreagadh do dhlíodóirí oiliúint leanúnach ghairmiúil a dhéanamh.

Ní mór go n-áiritheodh Ballstáit AE go gcuirfí oiliúint chuí ar an phearsanra a dhéanann cinntí maidir le cúnamh dlíthiúil in imeachtaí coiriúla.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Moladh ón gCoimisiún

-

-

IO C 378 an 24.12.2013

ACHTANNA GAOLMHARA

Treoir 2013/48/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir leis an cheart rochtana ar dhlíodóir in imeachtaí coiriúla agus in imeachtaí um barántas gabhála Eorpach, agus maidir leis an cheart chun tríú páirtí a chur ar an eolas nuair a chailltear an tsaoirse agus chun cumarsáid a dhéanamh le tríú páirtithe agus le húdaráis chonsalachta nuair a chailltear an tsaoirse [IO L 294, an 6 Samhain 2013, lgh. 1-12].

Togra le haghaidh Treorach ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cúnamh dlíthiúil sealadach do dhaoine faoi dhrochamhras nó do chúisithe a chailleann a saoirse agus le cúnamh dlíthiúil in imeachtaí um barántas gabhála Eorpach (COM(2013) 824 final - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil).

Nuashonrú is déanaí: 17.06.2014

Top