EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach (go dtí mí na Nollag 2020)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Garda Teorann agus Cósta Eorpach' for an updated information about the subject.

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach (go dtí mí na Nollag 2020)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2016/1624 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Bunaítear leis Garda Teorann agus Cósta Eorpach lena áirithiú, den chéad uair riamh, go gcuirfear bainistíocht chomhtháite teorainneacha i bhfeidhm go héifeachtach ag teorainneacha seachtracha an Aontais Eorpaigh (AE) chomh maith le teorainneacha thíortha comhlachaithe Schengen (an Íoslainn, an Iorua agus an Eilvéis).
  • Cuimsítear i nGarda Teorann agus Cósta Eorpach seo an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (“an Ghníomhaireacht”), a cruthaíodh ar bhonn na gníomhaireachta teorainneacha reatha in AE (ar a dtugtar Frontex go coitianta), agus údaráis thíortha AE agus thíortha comhlachaithe Schengen atá freagrach as bainistíocht na teorann.
  • Síntear agus neartaítear sainordú Frontex leis freisin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Príomhchúraimí an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh

  • Is é an príomhchúram atá ar an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach oibriú i dtreo bainistíocht chomhtháite teorainneacha san Eoraip mar fhreagracht chomhroinnte na Gníomhaireachta agus na n–údarás náisiúnta atá freagrach as bainistíocht teorainneacha.
  • Is iad seo a leanas príomhghníomhaíochtaí na Gníomhaireachta:
    • cur le feidhmiú éifeachtach rialaithe teorann ag na teorainneacha seachtracha ábhartha, lena n–áirítear gníomhartha chun trasnú teorann go dleathach a éascú agus coireacht trasteorann a bhrath, amhail smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine;
    • cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar do na tíortha rannpháirtíochta trí bhíthin oibríochtaí comhpháirteacha* agus mear–idirghabhálacha teorann;
    • cúnamh teicniúil agus oibríochtúil a sholáthar chun tacú le hoibríochtaí cuardaigh agus tarrthála do dhaoine a bhíonn i nguais ar muir, a d’fhéadfadh tarlú le linn oibríochtaí faireachais teorann ar muir;
    • anailís ar na rioscaí atá ann don tslándáil inmheánach agus anailís ar aon bhagairtí a d’fhéadfadh dul i gcion ar fheidhmiú nó ar shlándáil theorainneacha seachtracha AE;
    • comhoibriú le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus tíortha nach tíortha comhlachaithe de limistéar Schengen iad, ag díriú ar thíortha comharsanachta agus ar thíortha tionscnaimh agus/nó idirthurais le haghaidh imirce neamhrialta;
    • measúnú leochaileachta a dhéanamh, lena n–áirítear an measúnú ar chumas agus ar ullmhacht na dtíortha rannpháirteacha chun aghaidh a thabhairt ar bhagairtí agus ar dhúshláin ag na teorainneacha seachtracha;
    • oibríochtaí um fhilleadh* agus idirghabhálacha a eagrú, a chomhordú agus a sheoladh.

Oibríochtaí tarrthála

De réir coinbhinsiúin idirnáisiúnta amhail an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta um Shábháilteacht Anama ar Muir, beidh aon soithí a bheidh rannpháirteach in oibríochtaí ar muir arna gcomhordú ag an nGníomhaireacht faoi cheangal cúnamh a thabhairt do dhaoine a bheidh i nguais ar muir. Cabhraíonn an Ghníomhaireacht leis na tíortha rannpháirteacha oibríochtaí cuardaigh agus tarrthála a dhéanamh d’fhonn saol daoine a chosaint agus a shábháil i rith oibríochtaí faireachais teorann ar muir.

Faireachán ar shreafaí imirce agus anailís riosca

  • Tugann an Ghníomhaireacht cúnamh lena áirithiú go gcuirfear caighdeáin AE chun bainistíocht teorann a chosaint agus a fhorfheidhmiú chun feidhme ag gach teorainn sheachtrach.
  • Déanfar faireachán leanúnach ar theorainneacha seachtracha thíortha AE agus thíortha comhlachaithe Schengen trí anailís riosca agus measúnuithe leochaileachta éigeantacha d’fhonn laigí a aithint agus aghaidh a thabhairt orthu..

Gardaí teorann agus cósta AE

  • Beidh díorma mearfhreagartha de 1,500 garda teorann agus cósta ar a laghad agus comthiomsú de threalamh teicniúil réidh le haghaidh a thabhairt ar aon chineál brú maidir le himirce neamhdhleathach ag na teorainneacha seachtracha.
  • Nuair is gá, nuair a imscarfar foirne Eorpacha de chuid an Gharda Teorann agus Cósta Eorpaigh ón díorma mearfhreagartha, cuirfear gardaí teorann breise as tíortha AE leo láithreach.

Próiseáil sonraí pearsanta

  • Níl cead ag an nGníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun anailís riosca a dhéanamh, gníomhaíochtaí oibríochta a eagrú lena n–áirítear oibríochtaí comhpháirteacha, mear–idirghabhálacha teorann, oibríochtaí um fhilleadh agus idirghabhálacha um fhilleadh*, agus iad a tharchur chuig na húdaráis inniúla náisiúnta nó gníomhaireachtaí AE, amhail EASO, Europol agus Eurojust.
  • Déanfaidh an Ghníomhaireacht bainistiú ar shonraí pearsanta daoine a bhfuil amhras fúthu go raibh siad páirteach i ngníomhaíochtaí coiriúla, amhail smuigleáil imirceach, gáinneáil ar dhaoine agus sceimhlitheoireacht.

Aisghairm

Déanfar Rialachán (AE) 2016/1624 a aisghaireadh ar an 31 Nollaig 2020 le Rialachán (AE) 2019/1896 lena mbunaítear Garda Teorann agus Cósta Eorpach nua — féach an achoimre agus cuirfear an rialachán sin ina ionad.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig an rialachán i bhfeidhm an 6 Deireadh Fómhair 2016. Tá an díorma mearfhreagartha agus an comhthiomsú de threalamh teicniúil i bhfeidhm ó mhí na Nollag 2016.

CÚLRA

Tá bunú Garda Teorann agus Cósta Eorpaigh ar cheann de na bearta atá leagtha amach faoin gClár Oibre Eorpach maidir leis an imirce d’fhonn bainistiú agus slándáil theorainneacha seachtracha AE a neartú.

Féach freisin

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Oibríochtaí comhpháirteacha: oibríochtaí a chomhordaíonn an Ghníomhaireacht agus lena mbaineann acmhainní daonna agus trealamh teicniúil a sholáthraíonn tír AE amháin nó níos mó.
Oibríochtaí um fhilleadh: i gcás ina ndéanann an Ghníomhaireacht comhordú ar oibríocht lena mbaineann neartú teicniúil agus oibríochtúil a sholáthraíonn tír AE amháin nó níos mó, faoina ndéantar fillithe a chur ar ais ó thír amháin nó níos mó — ar bhonn éigeantach nó deonach.
Idirghabhálacha um fhilleadh: i gcás go gcuireann an Ghníomhaireacht cúnamh teicniúil agus oibríochtúil feabhsaithe ar fáil do thíortha AE, agus gurb é atá i gceist leis foirne idirghabhála Eorpacha um fhilleadh a imscaradh chuig tíortha AE agus oibríochtaí um fhilleadh a chomhordú.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 863/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 2007/2004 agus Cinneadh 2005/267/CE ón gComhairle (IO L 251, 16.9.2016, lgh. 1-76)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2016/1624 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2019/1896 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Samhain 2019 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 agus Rialachán (AE) 2016/1624 (IO L 295, 14.11.2019, lgh. 1-131)

Rialachán (AE) 2016/399 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2016 maidir le Cód an Aontais maidir leis na rialacha lena rialaítear gluaiseacht daoine thar theorainneacha (Cód Teorainneacha Schengen) (IO L 77, 23.3.2016, lgh. 1-52)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 27.08.2020

Top