EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Sábháilteacht na n–oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta

Sábháilteacht na n–oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta

 

ACHOIMRE AR:

Treoir 2013/30/AE maidir le sábháilteacht na n–oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

  • Ceanglaítear léi an méid seo a leanas ar oibreoirí oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta san Aontas Eorpach (AE):
    • na bearta riachtanacha chun mórthionóiscí a chosaint a ghlacadh;
    • achmhainní corpartha, daonna agus airgeadais leordhóthanacha chun teorainn a chur leis na hiarmhairtí a bheith ar fáil i gcás go dtarlódh tionóiscí den sórt sin.
  • Baineann sé sin leis na suiteálacha uile atá ann cheana agus na suiteálacha uile a bheidh ann amach anseo.
  • Cuidíonn sí le cosaint na muirthimpeallachta a áirithiú, go háirithe i leith dea–stádas comhshaoil a bhaint amach nó a choimeád, aidhm atá leagtha amach sa treoir réime um straitéis mhuirí – Treoir 2008/56/CE (féach an achoimre), lena mbunaítear creat gníomhaíochta i réimse an bheartais comhshaoil mhuirí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Ceadúnú agus rialú

  • Ní mór d’oibreoirí ceadúnas a fháil ó údarás neamhspleách chun a bheith in ann dul i mbun gníomhaíochtaí ola agus gáis amach ón gcósta. Chun coinbhleacht leasaa chosc, ní mór do Bhallstáit AE deighilt shoiléir a áirithiú idir an rialachán seo maidir le tosca sábháilteachta agus comhshaoil agus na feidhmeanna eile a bhaineann le forbairt eacnamaíoch, le ceadúnú agus le bainistíocht ioncaim.
  • Sula gcuirtear tús le gníomhaíochtaí, bíonn ar oibreoir nó ar úinéir suiteála na nithe seo a leanas a thabhairt don údarás ábhartha:
    • cóip den bheartas corparáideach um chosc ar mhórthionóiscí;
    • sonraí maidir le córas bainistíochta sábháilteachta agus comhshaoil na cuideachta; agus
    • tuarascáil ar mhórghuaiseacha.

Pleananna práinnfhreagartha

  • Ní mór d’oibreoirí chomh maith pleananna inmheánacha práinnfhreagartha a ullmhú chun freagairt do mhórghuais ar bith. Áirítear leis sin anailís ar an gcaoi ar gá déileáil le doirteadh ola.
  • Ina theannta sin, ní mór do na húdaráis náisiúnta pleananna práinnfhreagartha a fhorbairt ina gcumhdaítear suiteálacha agus bonneagar ola agus gáis amach ón gcósta, lena n–áirítear ceantair ina ndlínsí a bhféadfaí dul i gcion orthu.

Faisnéis phoiblí

  • Déantar coinníoll sa treoir nach féidir taiscéaladh a dhruileáil sula dtabharfar deis don phobal bheith ar an eolas go hiomlán agus a dhearcthaí a chur in iúl maidir leis na torthaí a d’fhéadfadh a bheith ag oibríochtaí ar bith amach ón gcósta atá beartaithe.
  • Ní mór do na húdaráis náisiúnta eolas, faisnéis agus taithí a malartú go rialta lena gcontrapháirtithe in áiteanna eile in AE, comh maith le dul i gcomhairle leis an earnáil, páirtithe leasmhara eile agus an Coimisiún Eorpach i bhfianaise tionchar trasteorann féideartha tionóisce.

Ról an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí

Féadfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí, a bunaíodh faoi Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 (féach an achoimre) cabhair a sholáthar do na Ballstáit lena bpleananna práinnfhreagartha a dhréachtú agus le doirteadh ola agus gáis a bhrath agus monatóireacht a dhéanamh orthu.

An sainmhíniú ar dhamáiste uisce a leasú

Le Treoir 2013/30/AE leasaítear an sainmhíniú ar dhamáiste uisce i dTreoir 2004/35/CE maidir le dliteanas comhshaoil (féach an achoimre), á tabhairt i gcomhréir leis na sainmhínithe i dTreoir 2000/60/CE (creat–treoir uisce AE – féach an achoimre) agus Treoir 2008/56/CE (féach thuas). Is éard atá i gceist leis an sainmhíniú ar dhamáiste uisce anois ná damáiste a bhfuil tionchar suntasach aige ar stádas comhshaoil (éiceolaíoch, ceimiceach nó cainníochtúil) achmhainní uisce agus uisce mara.

Rialachán leasaitheach (AE) 2018/1999

Cuireadh Rialachán (AE) 2018/1999 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide ann in ionad Airteagal 25(1) de Threoir 2013/30/AE lena gceanglaítear ar na Ballstáit an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad a thuairisciú go bliantúil don Choimisiún, mar chuid den tuairisciú bliantúil faoi Rialachán (AE) 2018/1999:

  • líon, aois agus suíomh na suiteálacha;
  • líon agus cineál na n–iniúchtaí agus na n–imscrúdaithe a rinneadh, agus aon ghníomhartha forfheidhmithe nó ciontuithe;
  • sonraí maidir le teagmhais a theastaíonn ón gcomhchóras tuairiscithe;
  • aon athrú suntasach ar an gcreat rialála amach ón gcósta;
  • feidhmiúlacht na n–oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta i leith cosaint ar mhórthionóiscí agus srian a chur le hiarmhairtí mórthionóiscí a tharlaíonn.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA TREORACH?

B’éigean dlí a dhéanamh de Treoir 2013/30/AE sna Ballstáit faoin 19 Iúil 2015.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 Meitheamh 2013 maidir le sábháilteacht na n-oibríochtaí ola agus gáis amach ón gcósta agus lena leasaítear Treoir 2004/35/CE (IO L 178, 28.6.2013, lgh. 66–106).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Threoir 2013/30/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat le haghaidh gníomhaíocht phobail i réimse beartas na muirthimpeallachta (Treoir Réime um Straitéis Mhuirí ) (IO L 164, 25.6.2008, lgh. 19-40).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2004/35/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Aibreán 2004 maidir le dliteanas comhshaoil i ndáil le damáiste don chomhshaol a chosc agus a leigheas (IO L 143, 30.4.2004, lgh. 56–75).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1406/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meitheamh 2002 lena mbunaítear Gníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (IO L 208,5.8.2002, lgh. 1–9).

Féach an leagan comhdhlúite.

Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat i gcomhair gnímh ag an gComhphobal sa réimse a bhaineann le beartas uisce (IO L 327, 22.12.2000, lgh 1–73).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 17.12.2021

Top