EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (2014-2020)

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Clár don chomhshaol agus do ghníomhú ar son na haeráide (LIFE) (2021-2027)' for an updated information about the subject.

Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) (2014-2020)

Leagtar amach faoin rialachán seo an cúigiú leagan de Chlár LIFE, príomhchreat cistiúcháin an Aontais Eorpaigh (AE) do bheartas comhshaoil agus athraithe aeráide. Dírítear ann ar thosaíochtaí nithiúla comhshaoil agus athraithe aeráide agus ar réimsí inar gá gníomhú.

ACHT

Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) a bhunú agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007.

ACHOIMRE

Féachtar leis an Chlár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) don tréimhse 2014-2020 cur le forbairt inbhuanaithe agus le cuspóirí agus spriocanna na gclár seo a leanas a bhaint amach: an Straitéis Eoraip 2020, an Seachtú Clár Gníomhaíochta Comhshaoil an Chomhphobail agus tionscnaimh ábhartha eile don chomhshaol agus don athrú aeráide de chuid an AE.

Cruthaítear dhá fhochlár faoin chlár seo (Comhshaol agus Athrú Aeráide). Cuirtear tionscadail chomhtháite ar bun freisin, a fheidhmítear ar mhórscála agus a thosaíonn ar leibhéal réigiúnach nó ilchathrach. Féachtar leis na tionscadail seo beartas comhshaoil agus athraithe aeráide a chur i bhfeidhm trí phleananna agus straitéisí a chur i bhfeidhm bunaithe ar reachtaíocht AE agus trí na beartais seo a chomhtháthú níos mó i réimsí beartais eile. An cuspóir ná leas a bhaint as cistí comhlántacha, cistí AE ach go háirithe, chun amhlaidh a dhéanamh.

I measc na ngnéithe nua tá dhá ionstraim airgeadais nuálacha lena maoinítear tionscadail trí bhíthin iasachtaí agus caipitil ghnáthscaireanna: PF4EE (Infheistíocht Phríobháideach don Éifeachtúlacht Fuinnimh) agus NCFF (An tSaoráid Nádúrtha um Infheistíocht Chaipitil), arna chomhmhaoiniú ag an Choimisiún agus ag an Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) ar scála trialach.

Caithfear 81% ar a laghad d’acmhainní LIFE ar thionscadail.

Áirítear le príomhchuspóirí LIFE:

  • leas a bhaint as mar chatalaíoch chun athruithe cheapadh beartais a dhéanamh i ndáil leis an chomhshaol agus le hathrú aeráide;
  • cur i bhfeidhm agus comhtháthú chuspóirí comhshaoil agus athraithe aeráide i mbeartais eile agus i gcleachtas Ballstát AE a chur chun cinn;
  • rialachas níos fearr;
  • nasc sainiúil le tosaíochtaí AE: éifeachtúlacht acmhainní, cailliúint na bithéagsúlachta, agus oiriúnú agus maolú aeráide.

Tá trí réimse thosaíochta san fhochlár comhshaoil (75% den bhuiséad):

  • an comhshaol agus an éifeachtúlacht acmhainní;
  • an nádúr agus an bhithéagsúlacht (caitear 55% den bhuiséad ar dheontais ghníomhartha faoin fhochlár comhshaoil);
  • rialachas comhshaoil agus faisnéis.

Cuimsíonn na tosaíochtaí seo seacht dtosaíocht théamacha: nádúr agus bithéagsúlacht; uisce, lena n-áirítear an mhuirtimpeallacht; dramhaíl; éifeachtúlacht acmhainní, lena n-áirítear ithir agus foraoisí agus an comhshaol glas agus ciorclach; an comhshaol agus an tsláinte, lena n-áirítear ceimiceáin agus torann; caighdeán an aeir agus astaíochtaí, lena n-áirítear an timpeallacht uirbeach; agus faisnéis agus rialachas.

Tá trí réimse thosaíochta san fhochlár athraithe aeráide (25% den bhuiséad):

  • maolú (cuireann sé le laghdú ar astaíochtaí gáis cheaptha teasa);
  • oiriúnú (tacaíonn seo le hiarrachtaí chun an teacht aniar i leith athraithe aeráide a mhéadú);
  • rialachas agus faisnéis aeráide LIFE (m.sh. feasacht a mhúscailt maidir le cúrsaí aeráide).

Leithdháiltí náisiúnta

Le linn an chéad chlár oibre ilbhliantúil (2014-2017), cuirtear leithdháiltí náisiúnta i bhfeidhm ar thionscadail “traidisiúnta” amháin (.i. dea-chleachtas, taispeántas, triail nó faisnéis, feasacht agus scaipeadh) agus ar an NCFF faoin fhochlár comhshaoil. Ó 2018 ar aghaidh, roghnófar na tionscadail seo ar bhonn fiúntais amháin.

Raon críochach

Is féidir le tíortha nach tíortha den AE iad páirt a ghlacadh sa chlár LIFE, bunaithe ar chomhaontú sonrach leis an Choimisiún. Is féidir dul i mbun gníomhaíochtaí cláir lasmuigh den AE, agus comhoibriú le comhlachtaí idirnáisiúnta, i gcúinsí áirithe.

Is é buiséad iomlán an Chláir LIFE 2014-20 ná beagnach €3,456.7 milliún.

Breis faisnéise:

Láithreán Gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Chomhshaoil de chuid an Choimisiúin Eorpaigh maidir le LIFE agus le cur i láthair.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013

1.1.2014

-

IO L 347, 20.12.2013, lgh. 185-208

ACHTANNA GAOLMHARA

Cinneadh Réime 2014/203/AE ón gCoimisiún an 19 Márta 2014 maidir le glacadh le clár oibre ilbhliantúil LIFE don tréimhse 2014-17. (IO L 116, 17.4.2014, lgh. 1-56).

Nuashonraithe 16.06.2014

Top