EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh gnó

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Staidreamh gnó Eorpach' for an updated information about the subject.

Staidreamh gnó

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Féachtar ann lena chinntiú go ndéanfaidh an tAontas Eorpach (AE) staidreamh struchtúrach gnó d’ardcháilíocht a bhailiú, a thiomsú agus a tharchur chuig Eurostat de réir caighdeán agus formáidí comhaontaithe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cad is staidreamh struchtúrach gnó ann?

Sa staidreamh struchtúrach gnó déantar cur síos ar struchtúr, ar phríomhghnéithe agus ar fheidhmiú gnóthas agus is uirlis thábhachtach í do lucht ceapadh beartais. Cuidíonn sé le cinnteoireacht gnó, chomh maith.

Cén fáth a bhfuil staidreamh struchtúrach gnó ann?

Tá staidreamh inchomparáide, iontaofa, foirfe agus tráthúil ríthábhachtach do cheapadh beartais éifeachtach. Ag baint úsáid as staidreamh struchtúrach gnó mar bhunús is féidir anailís feidhmíochta a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha agus earnálacha éagsúla. Is cuid thábhachtach i gcónaí é an staidreamh struchtúrach gnó chun éifeachtacht beartas a sheiceáil in earnálacha, amhail margadh inmheánach AE agus cur i bhfeidhm straitéis Eoraip 2020.

Cad a chuimsítear sa staidreamh struchtúrach gnó?

Cuimsítear gnéithe áirithe ann amhail:

  • struchtúr agus forbairt ghníomhaíochtaí gnó (monaraíocht, tógáil, dáileadh agus seirbhísí, ach, mar shampla, gan talmhaíocht, ná foraoiseacht, ná iascaireacht ná riarachán poiblí a chur san áireamh;
  • tosca táirgthe a úsáidtear (saothar, caipiteal, srl.) agus eilimintí eile lenar féidir gníomhaíocht gnó, iomaíochas agus feidhmíocht a mheas;
  • forbairt ar ghnóthais agus ar mhargaí ag leibhéal réigiúnach, náisiúnta, AE agus idirnáisiúnta – úsáideach chun earnálacha ar leith a thuiscint agus chun gníomhaíocht agus feidhmíocht trasna margaí a chur i gcomparáid lena chéile;
  • láimhseáil gnómaidir le taighde agus forbairt, le cosaint comhshaoil, lehinfheistíocht, srl. ; agus
  • fiontair bheaga agus mheánmhéide (m.sh. chun measúnú fiontraíochta a dhéanamh).

Staidreamh struchtúrach gnó a bhailiú agus a tharchur?

Gach bliain, bíonn ar Bhallstáit AE méid áirithe “tacair sonra” (bunaithe ar mhéid na cuideachta, ar an réigiún, srl.) a sheoladh chuig Eurostat a bailíodh ag institiúidí staidrimh náisiúnta. Tiomsaítear na tacair sonraí seo ag úsáid aicmiúchán NACE, aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha san Aontas Eorpach. Déantar caighdeán na sonraí a sheiceáil sula bhfoilsítear iad (saor in aisce) ar láithreán gréasáin Eurostat.

Conas mar a úsáidtear staidreamh struchtúrach gnó?

Soláthraítear faisnéis ag staidreamh struchtúrach gnó ar na hábhair seo a leanas:

  • an rachmas a chruthaítear le gach gníomhaíocht, a mhiondealaítear de réir fostaí, agus táirgiúlachta;
  • treochtaí struchtúracha sna hearnálacha gnó;
  • gníomhaíochtaí a bhfuil tíortha/réigiúin ag sainfheidhmiú iontu, agus conas a ndéantar iad seo a struchtúrú sna margaidh dhifriúla.

Comhlíontacht

De réir tuarascála ón gCoimisiún sa bhliain 2014 tá comhlíontacht dlí “an-mhaith” nó “go maith” sa chuid is mó de Bhallstáit AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 29 Aibreán 2008.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (IO L 97, 9.4.2008, lgh. 13-59)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 295/2008 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle i ndáil le cur i bhfeidhm Rialacháin (CE) Uimh. 295/2008 maidir le staidreamh struchtúrach gnó (COM(2014) 243 final, 24.4.2014)

Nuashonraithe 07.11.2016

Top