EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Gnó á dhéanamh de dhúshláin chomhshaoil ag FBManna

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Gnó á dhéanamh de dhúshláin chomhshaoil ag FBManna

Leagtar amach sa Phlean Gníomhaíochta Glas le haghaidh fiontar beag agus meánmhéide (FBManna) bealaí difriúla chun tacú le forbairtí um ghnólacht ghlas* san Aontas Eorpach. Cruthóidh sé seo geilleagar inbhuanaithe agus cuirfidh sé le hiomaíochas na gcuideachtaí beaga.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Plean Gníomhaíochta Glas le haghaidh FBManna - FBManna a chumasú chun deiseanna gnó a dhéanamh de dhúshláin chomhshaoil (COM(2014) 440 final, 2.7.2014)

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT?

Má úsáideann FBManna a gcuid acmhainní ar bhealach níos éifeachtaí, beidh siad in ann costais a laghdú agus táirgiúlacht a fheabhsú. Is minic nach mbíonn cuideachtaí beaga in ann an chomhairle agus an tacaíocht atá uathu a rochtain áfach. Cuirtear faisnéis i láthair sa Phlean Gníomhaíochta Glas le haghaidh FBManna faoin gcaoi ar féidir leo a gcuid cuspóirí a bhaint amach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Déanann an Coimisiún bearta éagsúla a aithint, lena n-áirítear:

  • faisnéis agus comhairle phraiticiúil. Mar shampla ó Lárionad Sármhaitheasa na hEorpa maidir le hÉifeachtúlacht Acmhainne (a chuirfear ar bun sa bhliain 2015); suirbhéanna uile-Eorpacha Eorabharaiméadar a dhéanann measúnú ar threochtaí éifeachtúlacht fuinnimh; gníomhaíochtaí múscailte feasachta tríd an Líonra Fiontar Eorpach; agus deiseanna gnó ghlais ó chistí struchtúrtha agus infheistíochta AE;
  • comhpháirtíocht ghnó. Tá breis is 23 000 próifíl i mbunachar sonraí an Líonra Fiontar Eorpach, ar féidir iad a úsáid chun soláthar agus éileamh i measc FBManna a mheaitseáil;
  • rochtain ar mhaoiniú. Tá a láithreáin ghréasáin FBManna á nuashonrú ag an gCoimisiún chun faisnéis phraiticiúil airgeadais a chur ar fáil; is féidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta maoiniú a chur ar fáil trí idirghabhálaithe, agus is féidir maoiniú a fháil freisin ó Mhaoiniú Príobháideach don Éifeachtúlacht Fuinnimh agus ó chistí réigiúnacha agus muirí AE;
  • éiceanuálaíocht. Cuireann an Ionstraim um FBManna faoin gclár Fís 2020 trí chéim tacaíochta, mar aon le hoiliúint roghnach, ar fáil le haghaidh FBManna, rud a chabhraíonn leo na smaointe is éiceanuálaí atá acu a chur chun cinn, mar aon lena dtionscnaimh le haghaidh geilleagair chiorclaigh; tá tacaíocht le fáil freisin ó chistí réigiúnacha, talmhaíochta agus iascaigh AE;
  • dea-chleachtais. Tabharfar aitheantas do na comhlachtaí poiblí agus comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a thacaíonn le forbairt margaí glasa ag na Dámhachtainí Cur Chun Cinn Fiontraíochta Eorpach;
  • rochtain ar na margaí. Spreagfar comhlachtaí na gcaighdeán chun coincheap an gheilleagair chiorclaigh a chur san áireamh agus caighdeáin ilnáisiúnta á leagadh amach acu. Chomh maith leis sin, tabharfar tacaíocht d’fhiontraithe glasa chun margaí idirnáisiúnta a rochtain trí Chomhpháirtíochtaí Eorpacha Straitéiseacha Braisle agus trí ghníomhaíochtaí ísealcharbóin i dtíortha meánioncaim.

CÚLRA

Tháinig méadú le 5 bliana anuas ar chostais ábhair timpeall is trí cheathrú de FBManna in AE. Tá 93 % de FBManna ar a laghad ag iarraidh bheith níos tíosaí ar fhuinneamh, ach níl laghdú tagtha ar chostais táirgthe ach le haghaidh níos lú ná leath (42 %) de na FBManna sin. Is léir, mar sin, go bhfuil treoir shoiléir phraiticiúil de dhíth.

EOCHAIRTHÉARMAÍ

* Gnólacht ghlas: gnólacht a tháirgeann earraí nuálacha nó a chuireann seirbhísí nuálacha ar fáil a bhfuil tionchair níos lú acu ar an gcomhshaol agus a úsáideann níos lú acmhainní.

Nuashonraithe 28.08.2015

Top