Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Praghsanna agus costais fuinnimh san Eoraip

Praghsanna agus costais fuinnimh san Eoraip

Sa teachtaireacht seo tá tuarascáil maidir le praghsanna agus costais fuinnimh san Eoraip mar aon le moltaí faoin chaoi ar féidir billí fuinnimh a rialú.

ACHT

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Praghsanna agus costais fuinnimh san Eoraip. [COM(2014) 21 final an 22.1.2014 - gan a bheith foilsithe san Iris Oifigiúil].

ACHOIMRE

Ceapadh mion-anailís an Choimisiúin Eorpaigh ar phraghsanna agus ar chostais fuinnimh san Eoraip chun cabhrú le lucht déanta beartas tuiscint a fháil ar chomhthéacs na n-arduithe praghsanna le déanaí agus ar an tionchar a bhíonn acu ar thomhaltóirí agus ar an saol polaitiúil.

Is mórábhar cúraim polaitiúil arduithe ar phraghsanna fuinnimh. Is ualach breise costais iad do theaghlaigh agus do thionscail a bhfuil an-bhrú á chur orthu agus téann siad i gcion ar iomaíochas domhanda na hEorpa.

An aidhm atá leis an tuarascáil ná go n-úsáidfí í chun cabhrú leis an Aontas Eorpach (AE) creat um aeráid agus um fhuinneamh 2030 a fhorbairt, ar creat uaillmhianach inchreidte é atá costéifeachtach agus nach dtéann faoi iomaíochas na hEorpa.

Tá cuir chuige áirithe á moladh ag an Choimisiún lena chinntiú go mbeidh saoránaigh agus tionscal na hEorpa in ann déileáil go héifeachtach le dúshlán phraghas an fhuinnimh agus go mbeidh an AE in ann a iomaíochas a chothú, sa lá atá inniu ann agus suas chomh fada le 2030 agus ina dhiaidh sin araon.

Is iad seo a leanas cuid de na príomhthograí lena gcuirfear srian le billí fuinnimh:

  • ní mór go gcuirfeadh Ballstáit AE margadh inmheánach AE i gcrích lena chinntiú gur féidir infheistíochtaí a dhéanamh ar bhealach éifeachtach iomaíoch;
  • ba cheart do thomhaltóirí tí agus do thionscal, gnóthais bheaga agus mheánmhéide ach go háirithe, scrúdú a dhéanamh ar a gcostais a laghdú, trí athrú chuig soláthraithe fuinnimh níos saoire;
  • ní mór tuilleadh a dhéanamh chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhéadú agus chun cabhrú le tomhaltóirí a n-ídiú fuinnimh a laghdú; is féidir le teaghlaigh agus le tionscal na hEorpa srian a chur lena gcuid billí ach a n-éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú sa bhreis; cabhrófar chomh maith le fuinnimh agus le hairgead a choigilt trí aird níos mó a thabhairt ar éifeachtúlacht fuinnimh agus táirgí á ndearadh, ar theicneolaíochtaí nua agus ar iompraíocht tomhaltóirí;
  • chun leas a bhaint as an mhargadh inmheánach agus as scóip laghduithe ar chostas, ní mór go ndéanfadh Ballstáit AE forbairt bhreise ar bhonneagar fuinnimh na hEorpa, go ndéanfaidís soláthairtí fuinnimh agus bealaí soláthair a mhalartú agus go gcinnteoidís go labhrófaí d’aon ghuth ar son na hEorpa agus iad i mbun díospóireachtaí le mórchomhpháirtithe fuinnimh;
  • ní mór go ndéanfadh an AE agus Ballstáit AE measúnú breise ar chostais agus ar chleachtais eangacha fuinnimh agus go gcuirfidís i gcomórtas níos mó iad.

Nuashonraithe 01.08.2014

Top