Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bratchlár an Aontais Eorpaigh um fhostaíocht agus um beartas sóisialta: EaSI

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Ciste Sóisialta na hEorpa Plus – CSE+ (2021–2027)' for an updated information about the subject.

Bratchlár an Aontais Eorpaigh um fhostaíocht agus um beartas sóisialta: EaSI

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um fhostaíocht agus um nuálaíocht shóisialta (EaSI)

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

Bratchlár is ea Clár an Aontais Eorpaigh um fhostaíocht agus um nuálaíocht shóisialta (EaSI) 2014-2020 lena bhféachtar le cur le cur chun feidhme Eoraip 2020, lena n–áirítear a príomhspriocanna, treoirlínte comhtháite agus tionscnaimh shuaitheanta, trí thacaíocht airgeadais a sholáthar i leith chuspóirí an Aontais maidir le hardleibhéal fostaíochta cáilíochta agus inbhuanaithe a chur chun cinn, cosaint shóisialta dhóthanach fhónta a áirithiú, eisiamh sóisialta agus an bhochtaineacht a chomhrac, agus feabhas a chur ar dhálaí oibre. I ndiaidh fhógra Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, lena leagtar amach treoirlínte maidir le tacaíocht do mhargaí saothair agus do chórais leasa atá cóir agus dea-fheidhmiúil, is uirlis riachtanach é EaSI chun cuidiú leis an gCoimisiún gné shóisialta AE a neartú.

Bunaítear Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta leis an rialachán seo. Féachtar le EaSI le fás agus le poist a bheidh inbhuanaithe agus fadtéarmach a sholáthar, le héagsúlachtaí idir Ballstáit AE a laghdú agus le míchothromaíocht shóisialta a laghdú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Le EaSI tugtar le chéile trí chlár AE a bhí á mbainistiú ar leithligh idir 2007 agus 2013: an clár um fhostaíocht agus um dhlúthpháirtíocht shóisialta (Progress), Seirbhísí Eorpacha Fostaíochta (EURES) agus an tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin Eorpach. Ó Eanáir 2014 i leith, tá na cláir sin ina gcuid de thrí ais EaSi. Tacaíonn siad leis an méid seo a leanas:

Mairfidh EaSI ón 1 Eanáir 2014 go dtí an 31 Nollaig 2020 agus is é €919 milliún an buiséad domhanda don tréimhse sin.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 21 Nollaig 2013.

CÚLRA

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lgh. 238-252)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1301/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1304/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013, Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013, Rialachán (AE) Uimh. 223/2014, Rialachán (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh 541/2014/AE agus lena n–aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lgh. 1-222)

Rialachán (AE) 2016/589 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Aibreán 2016 maidir leis an líonra Eorpach seirbhísí fostaíochta (EURES), rochtain oibrithe ar sheirbhísí soghluaisteachta agus comhtháthú breise ar mhargaí saothair, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 492/2011 agus Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 (IO L 107, 22.4.2016, lgh. 1-28)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 15.11.2019

Top