Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Staidreamh déimeagrafach

Staidreamh déimeagrafach

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Féachtar leis comhchuibhiú agus soláthar sonraí maidir leis an daonra, agus le hócáidí tábhachtacha a bhaineann leis an daonra, a rialú.
  • Leagtar síos ann na nithe seo a leanas: sainmhínithe coiteanna, na hábhair a chumhdaítear agus saintréithe an eolais atá de dhíth, an raon, na critéir cháilíochta, na spriocdhátaí tuairiscithe agus na torthaí cé go ndéanfaidh tíortha AE na sonraí a chomhthiomsú trí fheidhm a bhaint as a gcuid foinsí agus cleachtas náisiúnta féin, áfach.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cén fáth gur staidreamh tábhachtach é seo?

  • 1.

    Tá meastacháin daonra d’ardcháilíocht riachtanach do phróiseas daonlathach an AE, .i. tá siad tábhachtach maidir le hualú vótaí a ríomh, vótáil trí thromlach cáilithe sa Chomhairle san áireamh. Ón 1 Samhain 2014 ar aghaidh, sainítear tromlach cáilithe mar seo a leanas: 55 % ar a laghad de bhaill na Comhairle, agus 15 díobh ann ar a laghad, a dhéanann ionadaíocht do thíortha a chuimsíonn 65 % ar a laghad de dhaonra AE (“tromlach dúbailte”).

  • 2.

    Déantar measúnú fadtéarmach ar inbhuanaitheacht airgeadais phoiblí thíortha AE bunaithe ar réamh-mheastacháin daonra Eurostat; i measc nithe eile, réamh-mheastacháin a éilíonn amshraith thráthúil, chruinn, iontaofa agus chomhsheasmhach maidir leis an daonra, le breitheanna agus le básanna, mar aon le foshuíomhanna fónta a bhaineann le forbairt thodhchaíoch torthúlachta, ionchais saoil agus sreafaí imirce.

  • 3.

    Déantar an dul chun cinn maidir le straitéis an AE um fhorbraíocht inbhuanaithe a mheas le tuarascáil faireacháin Eurostat, tuarascáil ina mbaintear feidhm as amshraitheanna maidir le cóimheasa scothaoise agus cleithiúnais, le rátaí torthúlachta agus le hionchas saoil in AE.

  • 4.

    Baintear feidhm as sonraí déimeagrafacha réigiúnacha chun treochtaí a mheas a bhaineann le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críche a bhaint amach.

Leagtar síos le Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 205/2014 coinníollacha aonfhoirmeacha i ndáil le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1260/2013 maidir le miondealú ar shonraí (.i. imdhealú), le spriocdhátaí agus le hathbhreithnithe ar shonraí.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 30 Nollaig 2013.

CÚLRA

Chun tuilleadh eolais a fháil féach:

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Samhain 2013 maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach (IO L 330, 10.12.2013, lgh. 39-43)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 205/2014 ón gCoimisiún an 4 Márta 2014 lena leagtar síos coinníollacha aonfhoirmeacha i ndáil le cur i bhfeidhm Rialacháin (AE) Uimh. 1260/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh déimeagrafach Eorpach, i ndáil le miondealaithe ar shonraí, le spriocdhátaí agus le hathbhreithnithe ar shonraí (IO L 65, 5.3.2014, lch. 10-26)

Nuashonraithe 03.08.2016

Top