Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Plean um poist agus um fhás don Ghréig: cistí AE faoi réim

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.

Plean um poist agus um fhás don Ghréig: cistí AE faoi réim

ACHOIMRE AR:

Tús nua le haghaidh post agus fáis sa Ghréig – COM(2015) 400 final

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN TEACHTAIREACHT SEO?

Tugtar an Plean um Poist agus um Fhás don Ghréig ar an teachtaireacht seo agus tugtar achoimre inti ar chur chuige a chabhróidh leis an nGréig a mhór a dhéanamh de chistí an Aontais Eorpaigh (AE) suas go dtí 2020.

Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach oibriú le húdaráis na Gréige sa tréimhse ama sin chun leas a bhaint as €35 billiún ar a mhéad a chabhróidh le hinfheistíocht agus le gníomhaíocht eacnamaíoch a mhaoiniú, rud atá ríthábhachtach chun ligean don Ghréig fás eacnamaíoch a bhaint amach arís.

PRÍOMHPHOINTÍ

Gheofar an €35 billiún a chuirfear ar fáil don Ghréig suas go dtí 2020 ó na foinsí seo a leanas:

an Ciste Comhtháthaithe (€3.25 billiún);

Ciste Sóisialta na hEorpa (€3.7 billiún);

an Tionscnamh Fostaíochta don Ógra (€172 mhilliún);

an Ciste Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (€4.7 billiún); agus

an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (€389 milliún).

Ina theannta sin, bainfidh an Ghréig leas go fóill as cláir AE amhail Fís 2020, óna bhfuair tionscail nuálaíochta Ghréagacha maoiniú de thimpeall €160 milliún le linn na chéad bliana den tréimhse ama 2014-20 .

Mar bheart eisceachtúil agus de bharr staid uathúil na Gréige, tá sé molta ag an gCoimisiún leachtacht láithreach ó chistí AE a fheabhsú ionas gur féidir infheistíochtaí a dhéanamh anois, infheistíochtaí a chuirfidh le fás agus le cruthú post.

Úsáidfear an €35 billiún chun na gcríoch seo a leanas:

infheistíochtaí le haghaidh raon leathan earnálacha i ngeilleagar na Gréige;

dífhostaíocht agus bochtaineacht a chomhrac agus coinníollacha sóisialta a fheabhsú;

taighde, nuálaíocht agus oideachas a fheabhsú;

talmhaíocht agus iascaigh a thacú; agus

tionscadail fuinnimh, iompair agus chomhshaoil.

Cuirfidh Seirbhís Tacaíochta um Athchóiriú Struchtúrtha de chuid an Choimisiúin Eorpaigh tacaíocht theicniúil ar fáil le haghaidh athchóirithe agus cuir i bhfeidhm. Cruthaíodh an tseirbhís sin chun tacaíocht shaincheaptha theicniúil a chur ar fáil do na tíortha AE.

CÚLRA

D’imigh géarchéim fiachais náisiúnta na Gréige, a thosaigh i ndeireadh na bliana 2009, go han-chrua ar phobal na Gréige. Tá iomaíochas agus táirgiúlacht na Gréige an-lag anois de bharr na géarchéime (toisc ráta dífhostaíochta an-ard) agus tá easnamh an-mhór poiblí ag an tír. Tá tacaíocht AE de dhíth chun cabhrú le hathchóirithe a chur i gcrích go hiomlán sa Ghréig, amhail riarachán poiblí a fheabhsú; éilliú, sciúradh airgid agus calaois a chomhrac; agus cúram sláinte a fheabhsú. Táthar ag súil leis go gcabhróidh na hathchóirithe sin, agus infheistíochtaí nua, le rathúnas eacnamaíoch a athbhunú sa Ghréig.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún: Tús nua maidir le poist agus fás sa Ghréig (COM(2015) 400 final an 15.7.2015)

Nuashonraithe 23.11.2015

Top