EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bainc Náisiúnta le haghaidh Spreagtha agus an Plean Infheistíochta don Eoraip

Bainc Náisiúnta le haghaidh Spreagtha agus an Plean Infheistíochta don Eoraip

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht ón gCoimisiún COM(2015) 361 final: Ról na mBanc Náisiúnta le haghaidh Spreagtha sa Phlean Infheistíochta don Eoraip

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO?

Mínítear ann ról na mBanc Náisiúnta le haghaidh Spreagtha (BNSanna) agus na n-ardán infheistíochta maidir le tacú leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip (PIE) de chuid AE. Tá sé d’aidhm le PIE an fás i ngeilleagar na hEorpa a thosú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Pacáiste beart is ea PIE chun an infheistíocht phoiblí agus phríobháideach i ngeilleagar AE a chur ar fáil. Is é an Ciste Eorpach úr le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha(CEIS) an phríomhionstraim chistiúcháin don infheistíocht seo, ina gcuimsítear ranníocaíochtaí ó na hearnálacha poiblí agus príobháideacha. Déantar ranníocaíochtaí ó CEIS ó thíortha AE tríd na BNSanna go príomha.

Sainítear BNSanna mar chomhlachtaí dlíthiúla a tugann faoi ghníomhaíochtaí airgeadais a dtugann tír AE sainordú dóibh chun gníomhaíochtaí forbartha nó cur chun cinn a dhéanamh. D’fhéadfadh cineálacha éagsúla BNSanna a bheith ann agus féadfaidh tíortha aonair AE a chinneadh cibé ar cheart BNS a bhunú nó nár cheart, agus a chruth agus a chineál a chinneadh.

Déanann an teachtaireacht an méid seo a leanas:

soláthraítear soiléireacht agus prionsabail treorach inti maidir le conas BNS úr a bhunú amhail na príomhghnéithe a chuirfear i reachtanna BNS;

tugtar treoir inti maidir le comhoiriúnacht lerialacha AE um státchabhair. Ós rud é go bhfuil BNSanna maoinithe go príomha ag an Stát, ba chóir go ndíreofaí iontu go príomha ar chliseadh margaí a fheabhsú, agus dá réir ní bheidh buntáiste iomaíoch thar rannpháirtithe margaí príobháideacha acu;

leagtar amach conas is féidir le BNSanna ó thíortha AE éagsúla dul i gcomhar le chéile agus oibriú leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) chun ardáin infheistíochta a bhunú lena gcomhthiomsaítear cistí agus lena n-éascaítear comh-infheistíocht, a dhéanann infheisteoirí príobháideacha go háirithe, in earnálacha faoi leith (e.g. bonneagar nó éifeachtúlacht fuinnimh) nó i réigiúin faoi leith;

mínítear conas a d’fhéadfaí maoiniú BNSanna a thabhairt le chéile le cistí BEI agus cistí eile e.g. an fhéidearthacht ról na BNSanna i gcur i bhfeidhm chláir AE agus CEIS atá bainistithe go lárnach a leathnú.

CÚLRA

An Plean Infheistíochta (an Coimisiún Eorpach)

Plean Infheistíocht don Eoraip (an Banc Eorpach Infheistíochta)

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — Ag oibriú le chéile le haghaidh fostaíochta agus fáis: ról na mbanc náisiúnta le haghaidh spreagtha (BNSanna) sa phlean infheistíochta don Eoraip (COM(2015) 361 final an 22.7.2015)

GNÍOMHARTHA GAOLMHARA

Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Lárionad Comhairliúcháin maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus (AE) Uimh. 1316/2013 — An Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lgh. 1–38)

Nuashonraithe 10.11.2015

Top