Radacú foréigneach a chomhrac — ról earnáil na hóige
ACHOIMRE AR:
Conclúidí — ról earnáil na hóige i gcur chuige comhtháite trasearnála chun radacú foréigneach daoine óga a chosc agus a chomhrac
CAD IS AIDHM LEIS NA CONCLÚIDÍ?
Tugtar chun suntais iontu an tábhacht a bhaineann leis an obair don óige*, le gníomhaíochtaí deonacha agus cultúrtha agus leis an spórt chun freastal ar dhaoine óga a cheapann go bhfuil siad imeallaithe nó atá imeallaithe agus a d’fhéadfadh a bheith i mbaol a radacaithe.
PRÍOMHPHOINTÍ
-
Is é is aidhm leis na conclúidí a chinntiú go bhfuil agus go mbeidh an tAontas Eorpach (AE) ina thimpeallacht atá cuimsithe ar bhonn sóisialta do gach duine óg ar acmhainn thar barr iad dár sochaithe.
-
Ní mór na bagairtí agus na contúirtí a chruthaítear leis an radacú foréigneach do dhaoine óga a aithint, a chosc agus gníomhú dá réir trí bhearta luath-idirghabhála, éifeachtacha agus iomlánaíocha, lena n-urramófar a n-éagsúlacht chultúrtha.
-
Léirítear iontu an dóigh a bhféadfadh radacú foréigneach tarlú i ngeall ar dhaoine óga a bhíonn thíos le hidirdhealú, náiriú, eisiamh, éagóir, easpa ionchas agus mothú frustrachais. Cuirtear béim iontu ar an tábhacht a bhaineann le tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha, piaraí agus páirtithe ábhartha eile maidir le tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt dhearfachféiniúlachta daoine óga .
-
Athdhearbhaítear iontu conas a fhéadfaidh earnáil na hóige, i gcomhar leis an earnáil oideachais agus earnálacha ábhartha eile, ról ríthábhachtach a ghlacadh i gcur chuige comhtháite trasearnála chun radacú foréigneach a chosc, go háirithe sna luathchéimeanna, mar seo a leanas
-
tacaíocht a thabhairt do dhaoine óga ina bhforbairt agus ina ngníomhaíochtaí,
-
prionsabail dhaonlathacha agus iolraíocha, cuimsiú agus saoránacht ghníomhach a chur chun cinn, agus
-
díriú ar thosca diúltacha amhail idirdhealú agus easpa ionchas a théann i gcion ar shaol daoine óga.
Iarrtar sna conclúidí ar thíortha AE bearta a dhéanamh, ar nós:
-
oibriú ar chur chuige comhtháite trasearnála ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil chun freastal ar dhaoine óga atá i mbaol an radacaithe fhoréignigh trí chomhar a chur chun cinn idir earnáil na hóige, an earnáil oideachais, agus earnálacha ábhartha eile;
-
an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an obair don óige mar pháirtí i gcomhghuaillíochtaí agus i líonraí a iniúchadh agus a chur chun cinn ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;
-
ról earnáil na hóige a aithint agus a threisiú chun tacú le daoine óga (a mbealach a dhéanamh chuig an aosacht agus áit sa tsochaí, freastal ar dhaoine óga atá i mbaol an radacaithe fhoréignigh, obair dheonach a spreagadh etc.).
Iarrtar iontu ar thíortha AE agus ar an gCoimisiún Eorpach:
-
feabhas a chur ar a gcomhar i gcomhroinnt eolais agus cleachtais trí oibriú le chéile i gcomhthéacs AE, lena n-áirítear an Grúpa Saineolaithe don tSaoránacht Ghníomhach agus chun Imeallú agus Radacú Foréigneach a Chosc, an Grúpa Saineolaithe maidir le Digitiú agus an Líonra don Fheasacht ar an Radacú, agus le tíortha neamh-AE ábhartha agus le Comhairle na hEorpa chun eolas agus dea-chleachtas a roinnt maidir leis an radacú foréigneach a chosc, lena n-áirítear trí úsáid a bhaint as na meáin shóisialta, as frith-insintí* agus as obair dhigiteach don óige.
-
malartú faisnéise agus dea-chleachtas a mhéadú agus treoirphrionsabail a fhorbairt maidir le líonraí a bhunú le haghaidh cur chuige comhtháite agus trasearnála;
-
forbairt na nithe seo a leanas a spreagadh:
-
idirphlé agus frith-insintí éifeachtacha chun tacú le tuismitheoirí, deartháireacha agus deirfiúracha, piaraí agus daoine eile a bhíonn i dteagmháil le daoine óga atá i mbaol an radacaithe fhoréignigh; agus
-
modúil oiliúna agus oideachais d’oibrithe don óige mar bhonn d’ábhair oideachasúla le húsáid ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;
-
na nithe seo a leanas a chur chun cinn agus tacaíocht a thabhairt dóibh chun feabhas a chur ar an eolas maidir le scóip, bunús, tosca cosanta, cúiseanna, agus dinimic chognaíoch agus mhothúchánach an radacaithe fhoréignigh:
-
seimineáir idir piaraí d’oibrithe na hóige, saineolaithe, lucht déanta beartas agus taighdeoirí,
-
taighde maidir leis an radacú foréigneach a scaipeadh.
Iarrtar iontu ar an gCoimisiún:
-
a chinntiú go ndéanfar torthaí an Ghrúpa Saineolaithe don tSaoránacht Ghníomhach agus chun Imeallú agus Radacú Foréigneach a Chosc a scaipeadh a mhéid is féidir. Leis na torthaí sin, cuirtear treoir inúsáide ar fáil d’oibrithe don óige, d’eagraíochtaí na hoibre sóisialta agus do ghairmithe i gcomhthéacs comhoibritheach comhtháite maidir le conas dul i bhfeidhm ar dhaoine óga — agus conas oibriú le daoine óga — atá i mbaol an radacaithe fhoréignigh.
-
smaoineamh ar an dóigh is fearr le leas a bhaint as cláir éagsúla AE amhail Erasmus+, an Eoraip Chruthaitheach agus an Eoraip ar son na Saoránach chun cuimsiú sóisialta daoine óga ó chúlraí éagsúla a chur chun cinn.
CÚLRA
Leis na hainghníomhartha a rinneadh le déanaí i roinnt tíortha AE agus an méadú tuairiscithe ar an bhfuathchaint agus ar an bhfuathchoireacht, ar an mbolscaireacht agus ar an tseineafóibe fhoréigneach, tarraingítear aird ar a thábhachtaí atá sé go ndéanfaidh gach earnáil sa tsochaí, lena n-áirítear earnáil na hóige, a cion féin faoi seach, chun radacú a chomhrac agus an chobhsaíocht shóisialta a chinntiú agus timpeallacht dhearfach shábháilte a chinntiú do dhaoine chun fás aníos ann.
Tuilleadh faisnéise:
* PRÍOMHTHÉARMAÍ
Obair don óige: cumhdaítear raon leathan gníomhaíochtaí faoin obair don óige (e.g. gníomhaíochtaí sóisialta, cultúrtha, oideachais, spóirt agus polaitiúla) a dhéanann daoine óga agus a dhéantar do dhaoine óga tríd an bhfoghlaim neamhfhoirmeálta agus neamhfhoirmiúil.
Frith-instintí: gníomhaíochtaí cumarsáide lena dtéitear i gcoinne, go díreach nó go hindíreach, na n-insintí antoisceacha ar líne nó as líne, lena n-áirítear frith-fhíorais, ar bhonn níos fíorasaí.
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Conclúidí ón gComhairle agus ó Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile laistigh den Chomhairle, maidir le ról earnáil na hóige i gcur chuige comhtháite trasearnála chun radacú foréigneach daoine óga a chosc agus a chomhrac (IO C 213, 14.6.2016, lgh. 1-5)
Nuashonraithe 28.11.2016