This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU annual growth survey 2015
Suirbhé Bliantúil Fáis an Aontais Eorpaigh 2015
Suirbhé Bliantúil Fáis an Aontais Eorpaigh 2015
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
Suirbhé Bliantúil Fáis an Aontais Eorpaigh 2015
I ndiaidh na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais a tharla in 2007-8, tá an tAontas Eorpach (AE) ag díriú anois ar bhorradh a chur faoina gheilleagar lag. Ina Shuirbhé Bliantúil Fáis 2015, leag an Coimisiún Eorpach cur chuige comhtháite amach maidir le tacú le cruthú post agus AE a chur ar ais ar bhealach fáis inbhuanaithe.
GNÍOMH
Cumarsáid ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta, chuig Coiste na Réigiún agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta: Suirbhé Bliantúil Fáis 2015 (COM(2014) 902 final an 28.11.2014).
ACHOIMRE
I ndiaidh na géarchéime eacnamaíche agus airgeadais a tharla in 2007-8, tá an tAontas Eorpach (AE) ag díriú anois ar bhorradh a chur faoina gheilleagar lag. Ina Shuirbhé Bliantúil Fáis 2015, leag an Coimisiún Eorpach cur chuige comhtháite amach maidir le tacú le cruthú post agus AE a chur ar ais ar bhealach fáis inbhuanaithe.
CAD A DHÉANTAR SA CHUMARSÁID?
Leagtar amach chur chuige AE maidir le borradh a chur faoin bhfás bunaithe ar infheistíocht, athchóirithe struchtúracha agus beartais fhioscacha lena gcothófaí an fás sa Suirbhé Bliantúil Fáis 2015.
PRÍOMHPHOINTÍ
Spreagadh don infheistíocht
Ó bhí géarchéim airgeadais 2007-8 ann, tháinig laghdú thart ar EUR 430 billiún ar infheistíocht in AE. Chun infheistíocht a ghríosú, lainseáil an Coimisiún plean ina gcuimsítear:
Tiomantais d’athchóirithe struchtúracha
Tá athchóiriú agus nuachóiriú ar gheilleagair AE tábhachtach maidir le fás a thabhairt ar ais in AE. Cuideoidh athchóirithe struchtúracha i roinnt réimsí go mór leis an sprioc seo.
Féachaint do fhreagracht fhioscach
Tá gá le beartais fhioscacha i dtíortha AE atá saincheaptha don staid náisiúnta. Ní mór an fás san fhiachas rialtais a aisiompú. Ní mór do struchtúir chaite agus ioncaim Rialtas tacú leis an bhfás agus infheistíocht. Ní mór dul i ngleic le calaois agus imghabháil cánach chomh maith.
Rialachas eacnamaíoch Eorpach a chuíchóiriú
Leis an Suirbhé Bliantúil Fáis 2015 lainseáladh timthriall bliantúil an rialachais eacnamaíoch Eorpaigh (seimeastar Eorpach), ina gcuimsítear faireachán na mbeartas fioscach, maicreacnamaíoch agus struchtúracha ar leibhéal Eorpach. Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún an rialachas sin a chuíchóiriú agus a neartú. Ba chóir go neartódh sé sin úinéireacht náisiúnta an phróisis athchóirithe agus ba chóir go neartódh sé cur i bhfeidhm na n-athchóirithe riachtanacha.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach leathanach gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh um an Suirbhé Bliantúil Fáis.
Nuashonraithe 08.05.2015