Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Cúnamh airgeadais don Ghréig

Cúnamh airgeadais don Ghréig

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 maidir le faireachas eacnamaíoch agus buiséadach a neartú i dtíortha an limistéir euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha airgeadais ag bagairt orthu

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/338 maidir le síneadh ar an bhfaireachas feabhsaithe don Ghréig

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1192 maidir le gníomhachtú an fhaireachais fheabhsaithe don Ghréig

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN AGUS CAD É A CHUIMSÍTEAR SA CHÚNAMH AIRGEADAIS DON GHRÉIG?

  • Tá Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 deartha chun faireachas eacnamaíoch agus buiséadach a neartú do thíortha an limistéir euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais.
  • Fuair an Ghréig tacaíocht airgeadais ó thíortha an limistéir euro agus ón gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta (CAI) chun déileáil lena deacrachtaí airgeadais agus lena dúshláin eacnamaíocha ó mhí na Bealtaine 2010 go dtí Lúnasa 2018. I ndiaidh thabhairt i gcrích rathúil an chláir um thacaíocht cobhsaíochta an 20 Lúnasa 2018, rinneadh an Ghréig a chomhtháthú go hiomlán i gcreat an tSeimeastair Eorpaigh um chomhordú an bheartais eacnamaíoch agus shóisialta. Ag an am céanna, rinneadh an creat um fhaireachas feabhsaithe * a ghníomhachtú don Ghréig arna sholáthar le Rialachán 472 de 2013.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Maidir leis an gcéad chlár coigeartaithe:
    • d’fhógair an Grúpa Euro é an 2 Bealtaine 2010;
    • soláthraíodh €52.9 billiún as in iasachtaí déthaobhacha ó bhallstáit an limistéir euro don Ghréig faoi Shaoráid Iasachta na Gréige;
    • thug CAI thart ar €20 billiún eile ar iasacht.
  • Maidir leis an dara clár coigeartaithe:
    • d’fhaomh an Grúpa Euro é an 9 Márta 2012 agus mhair sé go dtí go ndeachaigh sé in éag i Meitheamh 2015;
    • soláthraíodh iasachtaí €141.8 billiún as ó bhallstáit an limistéir euro tríd an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (SCAE);
    • thug CAI thart ar €12 bhilliún eile ar iasacht.
  • Maidir leis an tríú clár coigeartaithe:
    • cuireadh tús leis an 19 Lúnasa 2015 agus tugadh i gcrích go rathúil é an 20 Lúnasa 2018 faoi mar a bhí beartaithe:
    • soláthraíodh iasachtaí suas le €86 billiún as ón SCE.
  • Sula bhféadfaí tús a chur le caibidlíochtaí leis an Aontas Eorpach maidir le téarmaí an tríú cláir choigeartaithe, b’éigean don Ghréig aontú leo an méid seo a leanas:
  • Ina theannta sin, d’aontaigh an Ghréig:
    • inbhuanaitheacht fhioscach a chur ar ais trí na córais CBL agus pinsin a athchóiriú agus imghabháil cánach a chomhrac;
    • cobhsaíocht airgeadais a chosaint trí bhainc a athchaipitliú (i.e. a gcuid fiachais agus cothromais a athstruchtúrú) agus a gcuid rialachais a neartú;
    • athchóirithe a chur chun feidhme ina gcuirtear fás geilleagrach, cruthú post, iomaíochas agus infheistíocht chun cinn;
    • an stát agus riarachán poiblí a nuachóiriú, go háirithe trí éifeachtúlacht an chórais bhreithiúnaigh a fheabhsú agus dlús a chur faoin gcomhrac i gcoinne an éillithe.
  • Nuair a tugadh an tríú clár coigeartaithe i gcrích go rathúil, ghlac an Coimisiún Eorpach Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1192 lenar gníomhachtaíodh faireachas feabhsaithe eacnamaíoch agus buiséadach don Ghréig, a tháinig i bhfeidhm an 21 Lúnasa 2018. Foilsíodh an chéad tuarascáil um fhaireachas feabhsaithe maidir leis an nGréig i mí na Samhna 2018 agus an dara ceann i mí Feabhra 2019. Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/338 síneadh tréimhse an fhaireachais fheabhsaithe ar feadh tréimhse 6 mhí eile ón 21 Feabhra 2019.

    Ar an 5 Meitheamh 2019, foilsíodh an tríú tuarascáil um fhaireachas feabhsaithe don Ghréig.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá feidhm leis ón 30 Bealtaine 2013.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Faireachas feabhsaithe: creat iarchláir arna oiriúnú don Ghréig i bhfianaise na géarchéime seanbhunaithe agus na dúshláin atá le sárú. Tacóidh sé le leanúint, cur i gcrích, agus seachadadh athchóirithe a comhaontaíodh faoin gclár, ar aon dul leis na gealltanais a rinne údaráis na Gréige trí dhlúthmhonatóireacht ar an gcás eacnamaíoch, fioscach agus airgeadais agus a theacht chun cinn.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le neartú ar an bhfaireachas eacnamaíoch agus buiséadach ar Bhallstáit sa limistéar euro a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha acu nó a bhfuil deacrachtaí tromchúiseacha ag bagairt orthu i ndáil lena gcobhsaíocht airgeadais (IO L 140, 27.5.2013, lgh. 1-10)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 472/2013 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2019/338 ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2019 maidir le síneadh ar an bhfaireachas feabhsaithe don Ghréig (IO L 60, 28.2.2019, lgh. 17-19)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1192 ón gCoimisiún an 11 Iúil 2018 maidir le gníomhachtú an fhaireachais fheabhsaithe don Ghréig (IO L 211, 22.8.2018, lgh. 1-4)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1411 ón gComhairle an 19 Lúnasa 2015 lena bhfaomhtar clár coigeartaithe eacnamaíoch na Gréige (IO L 219, 20.8.2015, lgh. 12-16)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1181 ón gComhairle an 17 Iúil 2015 maidir le cúnamh airgeadais gearrthéarmach an Aontais a dheonú don Ghréig (IO L 192, 18.7.2015, lgh 15-18)

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/1182 ón gComhairle an 17 Iúil 2015 lena bhfaomhtar clár coigeartaithe na Gréige (IO L 192, 18.7.2015, lch. 19)

Nuashonraithe 24.07.2019

Top