Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Deireadh a chur le bochtaineacht agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach

Deireadh a chur le bochtaineacht agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2014) 335 final) — Saol maith do chách: ón bhfís go comhghníomhaíocht

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT?

  • Féachtar léi le rannchuidiú le seasamh an Aontais Eorpaigh (AE) i gcaibidlíochtaí idirnáisiúnta ar Chlár Oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe.
  • Is é is aidhm le Clár Oibre 2030 tiomantas an phobail idirnáisiúnta deireadh a chur le bochtaineacht agus tacú le forbairt inbhuanaithe a neartú.

PRÍOMHPHOINTÍ

Príomhchuspóirí

  • Tugtar tuairisc sa teachtaireacht ar na príomhphrionsabail, na réimsí tosaíochta agus na spriocanna féideartha le haghaidh clár oibre comhtháite nua arna eascairt as na comhdhálacha Spriocanna Forbartha na Mílaoise, Rio +20 agus Monterrey.
  • Ba cheart go gcuirfeadh na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe le creat nua idirnáisiúnta a thiocfaidh i gcomharbas ar Spriocanna Forbartha na Mílaoise i gcomhthéacs comhpháirtíochta domhanda nua idir na tíortha uile, chomh maith leis an tsochaí sibhialta (mar shampla, saoránaigh ag gníomhú le chéile) agus leis an earnáil phríobháideach.

Prionsabail

  • Ba í fís AE do Chlár Oibre 2030 (le linn na céime caibidlíochta sular nglacadh leis) gur cheart go mbeadh sé d’aidhm aige deireadh a chur leis an dianbhochtaineacht agus an domhan a chur ar bhóthar inbhuanaithe, rud a chinnteodh saol maith do chách faoi 2030.
  • Ba é seasamh AE le linn na gcaibidlíochtaí gur gá go mbeadh Clár Oibre 2030:
    • bunaithe ar na trí ghné a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe: an ghné shóisialta, comhshaoil agus eacnamaíoch;
    • domhanda ó thaobh a uaillmhéine de agus infheidhme maidir leis na tíortha uile;
    • bunaithe ar úinéireacht náisiúnta, agus comhthéacsanna náisiúnta éagsúla, inniúlachtaí agus leibhéil forbartha á gcur san áireamh;
    • bunaithe ar chearta agus duine-lárnach.

Réimsí tosaíochta agus spriocanna

  • Díríodh na réimsí tosaíochta arna sainaithint ar rannchuidiú le plé domhanda a bhí ag tarlú laistigh de Ghrúpa Oscailte Oibre NA ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe. Áiríodh ar na réimsí tosaíochta seo:
    • an bhochtaineach,;
    • an éagothroime,
    • an tsláinte,
    • slándáil an tsoláthair bhia,
    • oideachas,
    • comhionannas inscne,
    • uisce agus sláintíocht,
    • fuinneamh inbhuanaithe,
    • obair chuibhiúil,
    • fás cuimsitheach agus inbhuanaithe,
    • tomhaltas agus táirgeadh inbhuanaithe,
    • bithéagsúlacht,
    • díghrádú talún, agus
    • farraige agus aigéin.
  • Theastaigh ó AE chomh maith go dtabharfadh Clár Oibre 2030 aghaidh ar cheartas, comhionannas agus cothromas, dea-rialachas, daonlathas agus smacht reachta, chomh maith le sochaithe síochánta agus saoirse ón bhforéigean.

Na hacmhainní airgeadais riachtanacha a shlógadh

I bhfianaise na ndúshlán, ní mór úsáid iomlán a bhaint as na hacmhainní atá ar fáil:

  • 1.

    acmhainní inmheánacha trí bheartas cánach agus riarachán a fheabhsú, sreafaí aindleathacha agus éilliú a chomhrac agus bainistíocht ar acmhainní nádúrtha a fheabhsú;

  • 2.

    tacaíocht idirnáisiúnta chun acmhainní breise a rochtain agus infheistíocht, amhail foirmeacha éagsúla airgeadais a chumasc;

  • 3.

    earnáil phríobháideach chun tacú le fás cuimsitheach agus inbhuanaithe.

D’iarr AE ar thíortha AE an sprioc 0.7 % dá n-olltáirgeacht náisiúnta atá tiomanta do chúnamh oifigiúil forbartha faoi 2015 a dheimhniú.

CÚLRA

Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Saol maith do chách: ón bhfís go comhghníomhaíocht (COM(2014) 335 final, 2.6.2014)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún — Saol maith do chách: Deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus todhchaí inbhuanaithe a thabhairt do shaol an lae amárach (COM(2013) 92 final, 27.2.2013)

Nuashonraithe 12.12.2016

Top