This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU action for the European Capitals of Culture 2020 to 2033
Gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) le haghaidh Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa 2020 go 2033
Gníomhaíocht de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) le haghaidh Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa 2020 go 2033
Cinneadh Uimh. 445/2014/AE:
Le tionscnamh ECoC sonraítear éagsúlacht fhlúirseach na gcultúr san Eoraip agus na gnéithe comónta a chomhroinneann siad trí dhá chathair a ainmniú gach bliain chun an teideal sin a ghlacadh.
Gach bliain, liostaítear dhá thír de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) san fhéilire atá leagtha amach sa chinneadh, agus bronntar an teideal ar chathair amháin ó gach tír. Gach 3 bliana féadfar tríú cathair ó Chomhlachas Saorthrádála na hEorpa (CSTE) / ón Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), ó thír is iarrthóir nó ó thír is iarrthóir ionchasach a ainmniú chomh maith.
Seoltar an comórtas don teideal 6 bliana roimh ré agus ainmnítear ECoCanna 4 bliana roimh an imeacht.
Is é painéal saineolaithe neamhspleácha a dhéanann an próiseas roghnúcháin dhá chéim sna tíortha lena mbaineann:
Ar bhonn mholadh an phainéil, ainmníonn an tír AE lena mbaineann cathair amháin chun an teideal a bheith aici agus beidh 2 mhí ag an gCoimisiún Eorpach ansin chun liosta na gcathracha atá ainmnithe mar ECoCanna a fhoilsiú. Úsáidtear próiseas den chineál céanna chun cathracha a ainmniú ó thíortha is iarrthóirí nó ó thíortha is iarrthóirí ionchasacha, ach sa chás sin beidh an Coimisiún freagrach as an ainmniú.
A luaithe is a ainmnítear na cathracha, tugann an painéal treoir agus tacaíocht dóibh agus a gcuid clár á n–ullmhú acu. Le linn na tréimhse seo, cuireann na cathracha tuarascálacha ar dhul chun cinn isteach go rialta agus freastalaíonn a n–ionadaithe ar chruinnithe faireacháin go rialta.
I bhfianaise phaindéim COVID-19, lena leasaítear Cinneadh (AE) 2020/2229 aithnítear go raibh sé deacair, mura raibh sé dodhéanta, cuspóirí na gníomhaíochta, lena nglactar leis soghluaisteacht, turasóireacht, eagrú imeachtaí agus rannpháirtíocht an phobail a bhaint amach, maidir leis na ECoCanna a ainmníodh le haghaidh 2020. Mar sin leasaítear leis an féilire atá i gceangal le Cinneadh Uimh. 445/2014/AE chun:
Ainmníodh na cathracha seo a leanas mar ECoCanna ó 2022 go 2025.
Aisghairtear Cinneadh Uimh. 1622/2006/CE le Cinneadh Uimh. 445/2014/AE.
Ó lár na 1980í, nuair a seoladh tionscnamh ECoC den chéad uair, tugadh aitheantas méadaithe do ról an chultúir i gcathracha mar chatalaíoch don chruthaitheacht, don chomhtháthú sóisialta agus críochach, don fhostaíocht agus don fhás.
Cinneadh Uimh. 445/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an lena mbunaítear gníomhaíocht de chuid an Aontais le haghaidh Phríomhchathracha Cultúir na hEorpa don tréimhse 2020 go 2033 agus lena n–aisghairtear Cinneadh Uimh. 1622/2006/CE (IO L 132, , lgh. 1-12)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh Uimh. 445/2014/AE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
nuashonrú is deireanaí