Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Táirgí fíona cumhraithe

Táirgí fíona cumhraithe

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, agus lipéadú ar tháirgí fíona cumhraithe

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis sonraíochtaí táirgí fíona cumhraithe.
  • Tá sé mar aidhm leis ardleibhéil cosanta tomhaltóirí, barántúlachta táirge, trédhearcachta margaidh agus iomaíochta córa a áirithiú.
  • Tá feidhm aige maidir leis na táirgí fíona cumhraithe go léir a chuirtear ar an margadh san Aontas Eorpach (AE), cé acu ar táirgeadh iad i mBallstáit AE nó i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad, maille leis na táirgí a tháirgtear san Aontas Eorpach lena n–onnmhairiú.

PRÍOMHPHOINTÍ

  • Leagtar síos leis an rialachán rialacha sonracha um chur i láthair agus um lipéadú maidir le táirgí fíona cumhraithe, a bhfuil feidhm acu i dteannta le rialacha eile i Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 maidir le faisnéis bhia a sholáthar do thomhaltóirí (féach an achoimre).
  • Tá 3 phríomhghrúpa i dtáirgí fíona cumhraithe, ina gcuimsítear catagóirí amhail vermouth, sangria agus glühwein:
    • fíon cumhraithe *
    • deochanna cumhraithe de bhunadh fíona* agus
    • manglam táirgí fíona cumhraithe*.
  • Ní mór táirgí fíona cumhraithe a tháirgeadh i gcomhréir leis na ceanglais, na srianta agus na tuairiscí atá leagtha síos in Iarscríbhinn I agus Iarscríbhinn II a ghabhann leis an rialachán seo.
  • Le gníomh tarmligthe arna ghlacadh ag an gCoimisiún Eorpach, forlíontar an rialachán le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/670, lena leagtar amach na próisis táirgthe údaraithe maidir le táirgí fíona cumhraithe a fháil.
  • Cuimsíodh sa rialachán ar dtús creat dlíthiúil chun tásca geografacha táirgí fíona cumhraithe a chosaint. Le Rialachán leasaitheach (AE) 2021/2117, áfach, cuid de phacáiste athchóirithe an chomhbheartais talmhaíochta do 2023-2027, simplíodh an córas um thásca geografacha (TGanna) le haghaidh fíonta, baineadh an scéim TG le haghaidh táirgí fíonta cumhraithe ó raon feidhme Rialachán (AE) 251/2014, agus cumascadh an scéim leis an scéim le haghaidh táirgí talmhaíochta agus earraí bia faoi Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012, ina gclúdaítear deochanna alcólacha cheana féin (féach an achoimre).
  • Aisghaireadh leis an rialachán Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 roimhe seo.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 28 Márta 2015. Tá feidhm ag Airteagal 36(1) agus (3) ón 27 Márta 2014, áfach, chun an aistriú ó Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 roimhe seo a éascú.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Fíonta cumhraithe. Deochanna ina bhfuil 75% ar a laghad den toirt iomlán ina dtáirgí fíniúna. Tá neart alcóil idir 14.5% agus 22% toirte iontu. Sampla díobh is ea fíon mormónta.
Deochanna cumhraithe de bhunadh fíona. Deochanna ina bhfuil 50% ar a laghad den toirt iomlán ina dtáirgí fíniúna. Tá neart alcóil idir 4.5% agus 14.5% toirte iontu. Samplaí díobh is ea sangria agus glühwein.
Manglaim táirgí fíona cumhraithe. Deochanna ina bhfuil 50% ar a laghad den toirt iomlán ina dtáirgí fíniúna. Tá neart alcóil idir 1.2% agus 10% toirte iontu.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Feabhra 2014 maidir le sainmhíniú, tuairisc, cur i láthair, lipéadú agus cosaint tásc geografach ar tháirgí fíona cumhraithe agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1601/91 ón gComhairle (IO L 84, 20.3.2014, lgh. 14-34).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 251/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/670 ón gCoimisiún an 31 Eanáir 2017 lena bhforlíontar Rialachán (AE) 251/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis próisis táirgthe údaraithe maidir le táirgí fíonta cumhraithe a fháil (IO L 97, 8.4.2017, lgh. 5-8).

Rialachán (AE) Uimh. 1151/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Samhain 2012 maidir le scéimeanna cáilíochta do tháirgí talmhaíochta agus do bhia–earraí (IO L 343, 14.12.2012, lgh. 1-29).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1169/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le soláthar faisnéise bia do thomhaltóirí, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1924/2006 agus Rialachán (CE) Uimh. 1925/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, agus lena n–aisghairtear Treoir 87/250/CEE ón gCoimisiún, Treoir 90/496/CEE ón gComhairle, Treoir 1999/10/CE ón gCoimisiún, Treoir 2000/13/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2002/67/CE agus Treoir 2008/5/CE ón gCoimisiún agus Rialachán (CE) Uimh. 608/2004 ón gCoimisiún (IO L 304, 22.11.2011, lgh. 18-63).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 16.06.2022

Top