Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú um Chomhpháirtíochta Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus tíortha Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice

Comhaontú um Chomhpháirtíochta Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus tíortha Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh (AE) 2016/1623 maidir leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch a shíniú agus a chur i bhfeidhm go sealadach idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus stáit CCE CFDA, den pháirt eile

Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus stáit CCE CFDA, den pháirt eile

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH AGUS LEIS AN GCOMHAONTÚ?

Tá sé mar aidhm leo forbairt a spreagadh trí chaidrimh saorthrádála a bhunú idir an tAontas Eorpach (AE) agus na sé thír lena mbaineann.

PRÍOMHPHOINTÍ

Cuimsítear i gComhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (CFDA):

  • An Bhotsuáin
  • Leosóta
  • Mósaimbíc
  • An Namaib
  • An Afraic Theas agus
  • Eswatini (an tSuasalainn roimhe seo).

Treoshuíomh ar son na forbraíochta

  • Is comhaontú neamhshiméadrach é an comhaontú. Ráthaíonn an tAontas Eorpach go mbeidh an Bhotsuáin, Leosóta, Mósaimbíc, an Namaib agus Eswatini in ann margadh AE a rochtain saor ó dhleacht* agus saor ó chuóta*. Tugann sé rochtain fheabhsaithe ar an margadh don Afraic Theas le hais ná mar a bhí sa chomhaontú roimhe sin chomh maith.
  • Ní cheanglaítear leis an gcomhaontú seo ar thíortha CFDA an rochtain mhargaidh arna deonú orthu ag AE a mheaitseáil. Féadfaidh an CFDA taraifí a choimeád ar tháirgí áirithe chun iad a chosaint ó iomaíocht idirnáisiúnta.
  • Féadfaidh tíortha an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch (CCE) dleachtanna allmhairithe a mhéadú má mhéadaíonn allmhairí ó AE chomh mór nó chomh tapa sin go bhfuil baol ann go gcuirfidh siad isteach ar tháirgeadh intíre.
  • Ní féidir le AE fóirdheontais onnmhairithe talmhaíochta a úsáid.
  • Cuirtear éagsúlú eacnamaíoch chun cinn sa chomhaontú trí dhleachtanna allmhairithe a laghdú ar tháirgí “idirmheánacha”, amhail síolta, leasúcháin agus innealra, agus é mar aidhm go mbeadh táirgí den sórt sin níos inrochtana d’fhiontraithe na hAfraice.

Táscairí tíreolaíochta

  • Tá ceart eisiach ag táirgeoirí táirgí traidisiúnta in AE a bhfuil cáil orthu ar fud an domhain, e.g. táirgí fíona agus bia, chun a n-ainmneacha traidisiúnta a úsáid san Afraic Theas.
  • Tá cosaint ag roinnt táscairí tíreolaíocha as an Afraic Theas ar mhargadh AE, cosúil le cineálacha difriúla fíona agus tae rooibos.

Forbairt inbhuanaithe

  • Éilítear ar gach páirtí seasamh le caighdeáin shóisialta agus chomhshaoil.
  • Bunaítear nós imeachta comhairliúcháin leis an gcomhaontú le haghaidh saincheisteanna comhshaoil nó saothair agus sainítear leis liosta cuimsitheach de réimsí comhair idir na comhpháirtithe d’fhonn forbairt inbhuanaithe a chothú.

Eisceachtaí (maoluithe) ar rialacha tionscnaimh

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/882 ón gCoimisiún maidir leis an maolú ó na rialacha tionscnaimh atá leagtha síos i bPrótacal 1 a ghabhann le CCE CFDA-AE maidir le tuinníní Colgacha ullmhaithe nó caomhnaithe cheannteideal CC 1604, a mhonaraítear as tuinníní Colgacha neamhthionscnaimh faoi Cheannteidil CC 0302 nó 0303, arna dheonú don Namaib laistigh de chuóta bliantúil 800 tona méadrach.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH AGUS AN CHOMHAONTAITHE?

Ag feitheamh ar theacht i bhfeidhm an chomhaontaithe idir AE agus CFDA ar fad, cuirfear an comhaontú i bhfeidhm go sealadach ón 10 Deireadh Fómhair 2016 i leith idir an tAontas Eorpach agus an Bhotsuáine, Leosóta, an Namaib, an Afraic Theas agus Eswatini mar a tugadh le fios san fhógra (féach na doiciméid ghaolmhara thíos) agus ón 4 Feabhra 2018 i leith idir an tAontas Eorpach agus Mósaimbíc (féach na fógraí ábhartha faoi “doiciméid ghaolmhara” thíos).

Tá Airteagal12(4) fágtha ar lár as an gcur i bhfeidhm sealadach, ina ndéileáiltear le tacaíocht Bhallstáit AE do chomhar forbartha sa CCE CFDA, a raibh feidhm leis cheana féin.

Tá feidhm le Cinneadh (AE) 2016/1623 ón 1 Meitheamh 2016.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Saor ó dhleacht. Díolmhaithe ó dhleacht a íoc.
Saor ó chuóta. Gan aon teorainn ar líon na n-earraí a allmhairítear nó a onnmhairítear.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Cinneadh (AE) 2016/1623 ón gComhairle an 1 Meitheamh 2016 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit CCE CFDA, den pháirt eile (IO L 250, 16.9.2016, lgh. 1-2).

Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus stáit CCE CFDA, den pháirt eile (IO L 250, 16.9.2016, lgh. 3-2120).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2017/882 ón gComhairle an 23 Bealtaine 2017 maidir leis na maoluithe ó na rialacha tionscnaimh atá leagtha síos i bPrótacal 1 ghabhann leis an gComhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit CCE CFDA, den pháirt eile (IO L 135, 24.5.2017, lgh. 15-17).

Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit CCE CFDA, de pháirt eile (IO L 38, 10.2.2018, lch. 1).

Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an Chomhaontaithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Stáit CCE CFDA, den pháirt eile (IO L 274, 11.10.2016, lch. 1).

Fógra maidir le cur i bhfeidhm san Aontas Eorpach an carnadh dá bhforáiltear faoi mhír 3 agus faoi mhír 7 d’Airteagal 7 de Phrótacal 1 a ghabhann le Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíocht CFDA-AE, Stáit CCE ACC eile agus tíortha agus críocha thar lear an Aontais Eorpaigh (IO C 407, 12.11.2018, lch. 8).

Fógra maidir le liosta na n ábhar de thionscnamh na hAfraice Theas agus nach féidir iad a allmhairiú isteach san Aontas Eorpach saor ó dhleacht agus saor ó chuóta, nach mbeidh feidhm ag an gcarnadh dá bhforáiltear faoi mhír 2 d’Airteagal 4 de Phrótacal 1 a ghabhann le Comhaontú um Chomhpháirtíocht Eacnamaíocht CFDA-AE maidir leo (IO C 407, 12.11.2018, lgh. 5-7).

Nuashonraithe 09.09.2021

Top