EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Bearta cosanta trádála a oiriúnú i ndiaidh rialú EDT

Bearta cosanta trádála a oiriúnú i ndiaidh rialú EDT

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2015/476 maidir leis na bearta a fhéadfaidh AE a ghlacadh tar éis tuarascáil a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide EDT maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

PRÍOMHPHOINTÍ

Go sonrach, féadfaidh an Coimisiún Eorpach:

  • an beart a bhfuil easaontas ann faoi a aisghairm nó a leasú; nó
  • glacadh le haon bheart speisialta cur chun feidhme eile a mheastar go bhfuil sé iomchuí sna himthosca chun cloí le tuarascáil EDT;
  • más iomchuí, bearta dá leithéid a chur ar fionraí nó athbhreithniú a dhéanamh orthu.

Bíonn éifeacht ag na bearta a nglactar leo faoin rialachán seo ón dáta a thagann siad i bhfeidhm de ghnáth.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ó 16 Aibreán, 2015 ar aghaidh.

CÚLRA

Má mheastar sa rialtas de bhall EDT go bhfuil comhaontú nó gealltanas leis an Eagraíocht Dhomhanda Trádála á shárú ag ball EDT eile, tarchuirfear an díospóid chuig Comhlacht um Réiteach Díospóidí an EDT.

* PRÍOMHTHÉARMAÍ

Bearta frithdhumpála: bearta, m.sh. dleachtanna sonracha, a chuirtear i bhfeidhm ar allmhairithe “táirgí dumpáilte” isteach in AE, .i. táirgí a allmhairítear isteach in AE ar phraghas atá níos ísle ná an praghas a ghearrtar orthu sa mhargadh intíre.

Bearta frith-fhóirdheontais: bearta, m.sh. dleachtanna frithchúitimh (lena gcuirtear éifeachtaí diúltacha fóirdheontas ó éifeacht), a fhorchuirtear ag AE ar allmhairithe fóirdheontais agus a dhéanann dochar mar sin don tionscal AE a bhfuil an táirge céanna á dhéanamh aige.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2015/476 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir leis na bearta a fhéadfaidh an tAontas a ghlacadh tar éis tuarascála a ghlac Comhlacht um Réiteach Díospóide EDT maidir le hábhair frithdhumpála agus ábhair frith-fhóirdheontais (IO L 83, 27.3.2015, lgh. 6-10)

Nuashonraithe 13.02.2017

Top