Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Ráthaíocht AE le haghaidh tionscadal de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta lasmuigh de AE

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'A Eoraip Dhomhanda — an Ionstraim AE um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta' for an updated information about the subject.

Ráthaíocht AE le haghaidh tionscadal de chuid an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta lasmuigh de AE

 

ACHOIMRE AR:

Cinneadh Uimh. 466/2014/AE lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta i gcoinne caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas

CAD IS AIDHM LEIS AN GCINNEADH?

Soláthraítear leis ráthaíocht AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta (BEI) le haghaidh caillteanais ar bith a thabhódh sé ó thionscadail um maoiniú lasmuigh de AE.

Leasaíodh é le Cinneadh (AE) 2018/412 lena ndearnadh méadú €5.3 billiún ar iasachtú BEI faoi ráthaíocht AE. As an méid sin, tá €3.7 billiún curtha ar leataobh i gcomhair tionscadal sna hearnáil phoiblí (€1.4 billiún) agus sna hearnáil phríobháideacha (€2.3 billiún) chun dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce.

PRÍOMHPHOINTÍ

Maidir leis an ráthaíocht:

  • tá feidhm léi maidir le hiasachtaí BEI, ráthaíochtaí iasachta agus ionstraimí fiachais ar an margadh caipitil* le haghaidh infheistíochtaí i dtíortha incháilithe;
  • ceanglaítear léi ar ghníomhaíochtaí um maoiniú BEI cloí le cleachtais fhónta baincéireachta;
  • clúdaítear inti oibríochtaí BEI a síníodh idir an 1 Aibreán 2014 agus an 31 Nollaig 2020. Féadfar í a shíneadh go huathoibríoch ar feadh 6 mhí eile mura gcomhaontaítear ráthaíocht úr;
  • tá sí teoranta do 65 % den mhaoiniú iomlán arna leithdháileadh;
  • ní hionann í agus níos mó ná €32.3 billiún;
  • cuimsítear inti;
    • €3.7 billiún i gcomhair tionscadail san earnáil phoiblí agus san earnáil phríobháideach chun dul i ngleic le cúiseanna agus iarmhairtí na himirce;
    • 25 % ar a laghad d’oibríochtaí um maoiniú BEI maidir le gníomhaíochtaí ar son na haeráide;
    • uasteorainneacha le haghaidh réigiúin agus tíortha geografacha éagsúla;
  • cuimsítear inti “ráthaíocht chuimsitheach” (ina gclúdaítear gach neamh-íocaíocht le BEI) agus “ráthaíocht riosca pholaitiúil” (ina gclúdaítear neamh-íocaíochtaí mar gheall ar neamh-aistriú airgeadra, ar dhíshealbhú, ar chogadh nó ar easumhlaíocht shibhialta, ar shárú ar chonradh).

Le bheith incháilithe i leith ráthaíocht AE, ní mór go soláthrófaí breisluach agus tacaíocht le gníomhaíocht um maoiniú AE i leith:

  • forbairt na hearnála príobháidí áitiúla, go háirithe fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna);
  • bonneagar sóisialta agus eacnamaíoch, lena n–áirítear iompar, fuinneamh agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide;
  • maolú a dhéanamh ar an athrú aeráide agus oiriúnú dó;
  • athléimneacht eacnamaíoch fadtéarmach na ndídeanaithe, na n–imirceach agus na bpobal óstach agus idirthurais;
  • Leasanna ginearálta AE, amhail a bheartais sheachtracha, chomhshaoil agus um ghníomhú ar son na haeráide;
  • comhtháthú réigiúnach i measc tíortha, lena n–áirítear go sonrach comhtháthú eacnamaíoch idir tíortha réamh-aontachais agus tairbhithe, tíortha Comharsanachta agus Comhpháirtíochta agus AE;
  • tíortha i mbéal forbartha chun an bhochtaineacht a laghdú trí fhás cuimsitheach agus dul chun cinn inbhuanaithe eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta a spreagadh;
  • prionsabail an comhionannas inscne, prionsabail na trédhearcachta pá agus prionsabail an phá chomhionainn.

Sna hiarscríbhinní sainítear na tíortha neamh-AE a d’fhéadfadh a bheith incháilithe, agus atá incháilithe, i leith maoiniú BEI faoi ráthaíocht AE.

Leis an gCoimisiún Eorpach:

  • nuashonraítear, le BEI, na treoirlínte teicniúla réigiúnacha reatha laistigh de 1 bhliain ó theacht i bhfeidhm an chinnidh;
  • tuairiscítear ar bhonn bliantúil do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir le hoibríochtaí um maoiniú BEI faoin gcinneadh;
  • soláthraítear tuarascáil mheastóireachta faoin 30 Meitheamh 2019. Áirítear leis sin ionchur le haghaidh síneadh féideartha le ráthaíocht AE agus cuirfear tuarascáil eile ar fáil faoin 31 Nollaig 2021;
  • tá an chumhacht aige, ón 8 Aibreán 2018, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

Maidir le BEI:

  • comhoibríonn sé leis an méid seo a leanas:
    • an Coimisiún agus an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí chun sineirge idir a mhaoiniú agus acmhainní buiséadacha AE a uasmhéadú;
    • institiúidí airgeadais Eorpacha agus idirnáisiúnta eile chun éifeachtúlacht a mhéadú, rioscaí a chomhroinnt agus dúbláil fhéideartha a sheachaint.
  • déantar measúnú agus monatóireacht ar thionscadail infheistíochta, agus dícheall cuí á fheidhmiú, go háirithe ar chaighdeáin chomhshaoil, shóisialta agus chearta an duine;
  • cuirtear an fhaisnéis maidir lena oibríochtaí um maoiniú uile ar fáil go poiblí ar a shuíomh gréasáin;
  • diúltaítear tionscadail a bhféadfadh baint a bheith acu le sciúradh airgid, maoiniú sceimhlitheoireachta, seachaint, calaois nó imghabháil cánach;
  • tugtar fógra go pras do OLFA, an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise má bhíonn amhras air go bhfuil calaois, éilliú, sciúradh airgid nó gníomhaíocht neamhdhleathach eile ann.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN CHINNIDH?

Tá feidhm leis ón 11 Bealtaine 2014.

CÚLRA

  • Le ráthaíocht AE féadfaidh BEI maoiniú fadtéarmach a chur ar fáil de réir téarmaí mealltacha i gcomhair tionscadal lasmuigh de AE nach mbeadh comhoiriúnach le hinghlacthacht BEI seachas sin, agus rioscaí a rachadh i gcion ar chosaint BEI dá sheasamh creidmheasa á gcosc. Cuirtear ar chumas an bhainc leis sin a rátaí iasachtaithe a choinneáil chomh íseal agus is féidir.
  • Soláthraítear an ráthaíocht ó bhuiséad AE faoin sainordú iasachtaithe sheachtraigh idir an Coimisiún agus BEI. Tacaíonn sé sin le gníomhaíocht BEI i dtíortha réamh-aontachais, i dtíortha Comhpháirtíochta agus Comhpháirtíochta, san Áise, i Meiriceá Laidineach agus san Afraic Theas.
  • Maidir le tréimhse reatha an tsainordaithe iasachtaithe sheachtraigh, ráthaigh AE €27 billiún d’oibríochtaí BEI ar dtús. Rinneadh méadú €5.3 billiún air sin i Márta 2018, a bhfuil €3.7 billiún de faoi choinne tionscadail phoiblí agus phríobháideacha chun dul i ngleic leis an imirce.
  • Tá an méadú sin ina chuidiú le Plean Infheistíochta Seachtraí (EIP) AE a chur chun feidhme lena bhféachtar le dul i ngleic le bunchúiseanna na himirce agus spriocanna forbartha inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bhaint amach.

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Ionstraim fiachais ar an margadh caipitil: margadh inar féidir le rialtais agus cuideachtaí maoiniú a thiomsú trí urrúis fiachais a thrádáil, lena n–áirítear bannaí corparáide nó rialtais.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Cinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ó AE don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas (IO L 135, 8.5.2014, lgh. 1-20).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh 466/2014/AE a chorprú sa bhunghníomh. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le gníomhaíocht sheachtrach BEI 2016 le ráthaíocht bhuiséadach AE (COM(2017) 767 críochnaitheach, 15.12.2017)

Doiciméad Inmheánacha Oibre an Choimisiúin a ghabhann leis an doiciméad Tuarascáil ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le gníomhaíocht sheachtrach BEI 2016 le ráthaíocht bhuiséadach AE (SWD(2017) 460 críochnaitheach, 15.12.2017)

Nuashonraithe 03.12.2019

Top