Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An Cruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla: gníomh daonnúil a neartú

An Cruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla: gníomh daonnúil a neartú

ACHOIMRE AR:

COM(2015) 419 final: Comhpháirtíocht dhomhanda le haghaidh gníomh daonnúil éifeachtach agus ar bhonn prionsabail

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO?

  • Cuirtear i láthair inti straitéis AE agus moltaí daingne chun gníomh daonnúil a athmhúnlú mar ullmhúchán don Chruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla in 2016.
  • Is iad na príomhchuspóirí sa teachtaireacht comhpháirtíochtaí ar fud na cruinne a thógáil agus a threisiú d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh ar na prionsabail choiteanna maidir le beatha a shábháil, fulaingt a chosc / a mhaolú agus dínit an duine a chothú.

PRÍOMHPHOINTÍ

dháthosaíocht fhoriomlána sa straitéis:

  • 1.

    gníomh daonnúil ar bhonn prionsabail, agus

  • 2.

    gníomh éifeachtach daonnúil.

Faoi na tosaíochtaí sin, tá seacht réimse gnímh.

Réimsí gnímh faoin gcéad tosaíocht:

  • Luachanna daonnúla a athdhearbhú :
    • dínit, ionracas, agus dlúthpháirtíocht, chomh maith le prionsabail dhaonnúla;
    • oibleagáidí faoin dlí idirnáisiúnta; agus
    • an tiomantas obair dhaonnúil a choinneáil as féin ó chláir oibre polaitiúla.
  • Rochtain ar chúnamh daonnúil a áirithiú: ba cheart do rialtais agus go ghníomhairí daonnúla seachadadh na cabhrach daonnúla i limistéir ghéarchéime a éascú.
  • Cosaint a chur i gcroílár na freagartha daonnúla: toisc go bhfágann géarchéimeanna daonnúla an pobal ar a gcuirtear isteach leochaileach do dhrochíde agus do dhúshaothrú, ba cheart cosaint a chomhtháthú go córasach i bhfreagairt dhaonnúil.

Réimsí gnímh faoin dara tosaíocht:

  • Comhdhearcadh domhanda ar ghnéithe bunúsacha d’éifeachtacht dhaonnúil: creat coiteann maidir le measúnachtaí riachtanas a chruthú, caighdeán agus torthaí, agus cuntasacht i dtaca le pobail atá buailte.
  • Coimhdeacht agus dlúthpháirtíocht: nuair a fhorbraítear comhpháirtíochtaí idir gníomhairí áitiúla, náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta cuidíonn siad chun idirghníomhú agus idir-inoibritheacht a chothú d’fhonn bearnaí agus forluití a íoslaghdú.
  • Maoiniú leordhóthanach agus éifeachtúil:
    • a áirithiú go gcaitear gach euro den chúnamh ar an mbealach is éifeachtúla;
    • an bonn deontóirí a leathnú.
  • Comhpháirtíocht leis an bpobal forbartha: ba cheart go mbeadh cabhair dhaonnúil agus comhar forbartha níos idir-nasctha d’fhonn a bheith ag coinne le géarchéimeanna daonnúla, ullmhú ina gcomhair, agus freagairt dóibh.

CÚLRA

Tá méadú thar cuimse ar ghéarchéimeanna daonnúla le 25 bliain anuas. Bíonn tionchar ag na géarchéimeanna sin, ina measc coimhlintí, tubaistí nádúrtha, agus leochaileacht shóisialta agus eacnamaíoch, ar bheagnach 80 milliún duine. Idir an dá linn, ní leor an maoiniú agus an cúnamh chun freastal ar an éileamh ar riachtanais dhaonnúla.

D’iarr Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe go dtionólfaí Cruinniú Mullaigh Domhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla chun dul i ngleic leis na treochtaí uafásacha sin. Tionóladh an Cruinniú Mullaigh an 23-24 Bealtaine 2016 in Iostanbúl. Mar cheannaire domhanda in iarrachtaí daonnúla ar fud an domhain, táthar ag súil go mbeidh ról lárnach ag AE sa chruinniú mullaigh seo.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle — I dTreo an Chruinnithe Mullaigh Dhomhanda maidir le Cúrsaí Daonnúla: Comhpháirtíocht dhomhanda le haghaidh gníomh daonnúil éifeachtach agus ar bhonn prionsabail (COM(2015) 419 final an 2.9.2015)

Nuashonraithe 24.11.2015

Top