EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
EU Aid Volunteers
Saorálaithe Cabhrach an Aontais Eorpaigh (AE)
Saorálaithe Cabhrach an Aontais Eorpaigh (AE)
This summary has been archived and will not be updated. See 'Clár an Chóir Dlúthpháirtíochta Eorpaigh 2021–2027' for an updated information about the subject.
Saorálaithe Cabhrach an Aontais Eorpaigh (AE)
Faoi Rialachán an Aontais Eorpaigh (AE) seo, cuirtear an tionscnamh um Shaorálaithe Cabhrach an AE ar bun, ar léiriú inbhraite ar luachanna daonnúla AE é, léiriú a chuireann le cumas AE cabhair dhaonnúil atá bunaithe ar riachtanais a chur ar fáil agus tacaíocht a thabhairt d'athléimneacht na bpobal leochaileach.
GNÍOMH
Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil ('An Tionscnamh um Shaorálaithe Cabhrach an AE')
ACHOIMRE
Ceapadh an tionscnamh um Shaorálaithe an AE lena chur ar chumas daoine de mhuintir na hEorpa, a thagann ó chúlraí éagsúla, a ndlúthpháirtíocht a thaispeáint i gcomhair le híospairtigh na dtubaistí (tubaistí nádúrtha nó tubaistí a tharlaíonn de bharr ghníomhaíocht an duine lasmuigh d'AE).Trí hullmhú do thubaistí, trí rioscaí tubaistí a laghdú, agus trí na naisc idir fóirithint, athshlánú agus fhorbairt a dhaingniú, féachann an tionscnamh le cumas AE, ar fud an domhain, a mhéadú chun:
Na rannpháirtithe
Tá saoránaigh AE atá 18 mbliana d’aois nó níos sine in ann páirt a ghlacadh sa tionscnamh. D'fhéadfadh saoránaigh ó raon stát gaolmhar, lena n-áirítear tíortha is iarrthóirí agus tíortha comhpháirtíochta de chuid bheartas Comharsanachta na hEorpa páirt a ghlacadh ann chomh maith.Tá an rannpháirtíocht bunaithe ar chomhaontuithe déthaobhacha idir AE agus na tíortha neamh-AE sin a thugann tacaíocht airgeadais i leith an tionscnaimh chomh maith.
Oiliúint a chur ar shaorálaithe agus iad a imlonnú
Faoin tionscnamh seo, cuirtear oiliúint ar fáil do shaorálaithe agus eagraítear socrúcháin le heagraíochtaí daonnúla dóibh, bunaithe ar riachtanais na dtíortha tairbhíocha.
Sna cláir oiliúna ullmhaítear Saorálaithe Cabhrach AE roimh a n-imlonnú agus tugtar cabhair dóibh le scileanna agus inniúlachta sainiúla a ghnóthú arna leagan síos sa Chreat Inniúlachtaí.
Áirítear iad seo a leanas ar na hinniúlachtaí, mar shampla:
Tá sé beartaithe tús a chur le himlonnú Shaorálaithe Cabhhrach AE i dtús 2016. Ní dhéanfar saorálaithe a imlonnú ar oibríochtaí a dhéanfar i gcomhthéacs coinbhleachtaí armtha.
Conradh um Imlonnú
Sular dtosaíonn siad, ní mór do shaorálaithe Conradh um Imlonnú a shíniú leis an eagraíocht seolta. Áirítear ar an gconradh caighdeáin amhail sonraíocht ról na saorálaithe, bainistíocht feidhmíochta, dálaí oibre, iompar ionchais agus cumais foghlama.
Eagraíochtaí seolta agus óstála saorálaithe
Ní mór d'eagraíochtaí seolta agus óstála saorálaithe a léiriú i bhféinmheasúnú go bhfuil beartas nó cleachtas i bhfeidhm acu chun na riachtanais is gá a chomhlíonadh maidir le saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach AE ina gcumhdaítear na caighdeáin agus na nósanna imeachta uile arna leagan síos sa reachtaíocht. Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar an bhféinmheasúnú mar chuid den mheicníocht um dheimhniú. Ní féidir ach le heagraíochtaí deimhnithe páirt a ghlacadh sa tionscnamh.
Tionscnaimh náisiúnta agus idirnáisiúnta um obair dheonach a chomhlánú
Féachtar le deireadh a chur le tionscnaimh dhúbailte leis an tionscnamh um Shaorálaithe Cabhrach AE, agus lena chur le tionscnaimh agus le gníomhaíochtaí eile AE, chomh maith le tionscadail náisiúnta agus idirnáisiúnta.
Obair dheonach ar líne
Mar mhalairt ar obair dheonach a dhéanamh thar lear, féadfaidh saorálaithe páirt a ghlacadh sa tionscnamh trí obair dheonach a dhéanamh ar líne sa bhaile.
An buiséad
Tá buiséad EUR 147.9 milliún ag an tionscnamh um Shaorálaithe Cabhrach AE don tréimhse 2014-2020. Baintear feidhm as an gcistiúchán seo chun saorálaithe a roghnú, chun oiliúint a chur orthu, agus chun iad a imlonnú. Bainfear feidhm as é chomh maith ar mhaithe le forbairt acmhainní in eagraíochtaí óstála i dtíortha tairbhíocha agus ar mhaithe le bearta tacaíochta.
TAGAIRGÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 |
25.4.2014 |
- |
Ionchorpraíodh leasuithe agus athruithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (AE) Uimh.375/2014 sa bhuntéacs. Is chun críocha faisnéise amháin atá an leagan comhdhlúite seo.
GNÍOMHARTHA GAOLMHARA
Rialachán Tarmligthe (AE) Uimh. 1398/2014 ón gCoimisiún an 24 Deireadh Fómhair 2014 ina leagtar síos na caighdeáin maidir le saorálaithe is iarrthóirí agus Saorálaithe Cabhrach AE (IO L 373, 31.12.2014, lgh. 8-23)
Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 1244/2014 ón gCoimisiún an 20 Samhain 2014 ina leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 375/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an Cór Saorálach Eorpach um Chabhair Dhaonnúil (“an tionscnamh um Shaorálaithe Cabhrach AE”) (IO L 334, 21.11.2014, lgh. 52-83)
Nuashonraithe 17.09.2015