This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Farmers in the Aegean islands - EU support
Feirmeoirí sna hOileáin Aeigéacha - tacaíocht AE
Feirmeoirí sna hOileáin Aeigéacha - tacaíocht AE
Feirmeoirí sna hOileáin Aeigéacha - tacaíocht AE
Tá rialacha speisialta ag an Aontas Eorpach (AE) chun cuidiú leis an talmhaíocht sna hoileáin bheaga Aeigéacha atá thíos le tosca geografacha agus eacnamaíocha.
GNÍOMH
Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Márta 2013 lena leagtar síos bearta ar leith don talmhaíocht i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach agus lena ndéantar Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 ón gComhairle a aisghairm.
ACHOIMRE
Tá rialacha speisialta ag an Aontas Eorpach (AE) chun cuidiú leis an talmhaíocht sna hoileáin bheaga Aeigéacha atá thíos le tosca geografacha agus eacnamaíocha.
CAD A DHÉANTAR SA RIALACHÁN SEO?
Ceadaíonn sé do shocruithe speisialta a fhéachann le cúiteamh a thabhairt do na hoileáin seo as na deacrachtaí atá rompu mar thoradh ar a suíomh iargúlta. Tá dhá chuspóir aige:
Ráthaíocht a thabhairt faoi sholáthar do na hoileáin níos lú de tháirgí atá riachtanach le caitheamh nó le próiseáil ag an duine, chomh maith le hionchuir talmhaíochta, ar chostas a chúitíonn as a leithlisiú.
Leanúnachas agus forbairt ar tháirgeadh áitiúil a chinntiú san fhadtéarma.
PRÍOMHPHOINTÍ
Bainistiú agus buiséad
Cinneann an Ghréig ar an leibhéal geografach cuí ag a mbunófar an clár agus cuireann sí é faoi bhráid an Choimisiúin d’fhaomhadh. Gach bliain, tá suim EUR 23.93 milliún (nach féidir níos mó ná EUR 7.11 milliún a úsáid mar chistiú do shocruithe speisialta soláthair) ar fáil ó bhuiséad AE, mar atá leagtha síos in Airteagal 18(2) agus (3) den rialachán.
Socruithe speisialta soláthair
Má aontaítear leo seo, déantar iad a dheonadh ar an gcoinníoll go gcuirtear tionchar an bhuntáiste eacnamaíochta ar aghaidh chuig an úsáideoir deiridh, is é sin, mar is cuí, an tomhaltóir i gcás táirgí a ceapadh lena chaitheamh go díreach, an próiseálaí deiridh nó an pacáisteoir i gcás táirgí atá ceaptha do na tionscail próiseála nó pacáistithe, nó feirmeoirí i gcás táirgí a úsáidtear mar bhia ainmhithe nó mar ionchuir talmhaíochta.
Ríomhtar go bhfuil an buntáiste cothrom le suim an chúnaimh. Féadfaidh an t-údarás bainistíochta a iarraidh go ndéanfaí urrús a lóisteáil atá cothrom le suim an bhuntáiste.
Bearta chun tacú le táirgí talmhaíochta áitiúla
Féadfaidh an clár bearta a áireamh chun cuidiú le táirgí talmhaíochta a tháirgeadh, a phróiseáil nó a dhíol sna réigiúin is forimeallaí .
Féadfaidh gach beart gníomhaíochtaí éagsúla a áireamh. Do gach gníomh, ní mór don chlár sainmhíniú a thabhairt, ar a laghad, ar na tairbhithe, na coinníollacha incháilitheachta agus an t-aonad den mhéid cúnaimh atá leithdháilte ar an ngníomh sin.
Seiceálacha agus pionóis
Déantar táirgí a bhfuil socruithe speisialta soláthair ann dóibh a sheiceáil nuair a théann siad isteach sna hoileáin bheaga Aeigéacha, agus freisin nuair a dhéantar iad a easpórtáil nó a sheoladh. Mura gcloítear leis na rialacha, féadfaidh na húdaráis an buntáiste a bronnadh ar oibreoirí (i.e. feirmeoirí agus comhlachtaí ar leo feirmeacha) a aisghabháil agus a gclárúchán a chur ar fionraí / a aisghairm go sealadach.
Déantar bearta chun tacú le táirgí talmhaíochta áitiúla a fhíorú trí sheiceálacha riaracháin agus ar an bpointe. Má dhéantar íocaíocht éagórach, tá iachall ar an tairbhí an tsuim atá i gceist a aisíoc.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Ón 21 Márta 2013. Déantar Rialachán (CE) Uimh. 1405/2006 a aisghairm le Rialachán (AE) Uimh. 229/2013.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach cláir POSEI agus bearta ar leith i bhfabhar na n-oileán beag Aeigéach ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin Eorpaigh.
TAGAIRTÍ
Gníomh |
Teacht i bhfeidhm |
Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
Rialachán (AE) Uimh. 229/2013 |
21.3.2013 |
- |
Nuashonraithe 16.03.2015