Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha Nós Imeachta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí

Legal status of the document This summary has been archived and will not be updated. See 'Rialacha nós imeachta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí' for an updated information about the subject.

Rialacha Nós Imeachta an Mhaoirseora Eorpaigh ar Chosaint Sonraí

Ó 2004 i leith, d’fhás an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí ó chomhlacht beag a raibh dhá bhall foirne agus rúnaí amháin ann go dtí comhlacht a bhfuil breis is 50 nduine ag obair ann anois. Atheagraíodh an institiúid sa bhliain 2010, agus teacht in aois a bhí i gceist di nuair a glacadh le Rialacha Nós Imeachta sa bhliain 2012.

ACHT

Cinneadh Uimh. 2013/504/AE ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí maidir le Rialacha Nós Imeachta a ghlacadh.

ACHOIMRE

Is údarás neamhspleách maoirseachta an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí (MECS) a chinntíonn go mbíonn meas ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Aontais Eorpaigh (AE) ar shonraí pearsanta agus ar phríobháideacht. Leagtar amach a chumhachtaí i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 maidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an AE agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin. Tá 3 phríomhról aige:

  • Maoirseacht:bíonn air a chinntiú go ndéantar sonraí pearsanta bhaill foirne an AE agus daoine eile a phróiseáil go dleathach ag institiúidí agus ag comhlachtaí an AE. Ní mór meas a bheith ag rialaitheoirí sonraí ar a n-oibleagáidí, amhail sonraí pearsanta a phróiseáil chun na críche sainiúla dlisteanaí arna sonrú nuair a bailíodh iad, agus chun na críche sin amháin. Bíonn cearta infheidhmithe ag an duine is ábhar do na sonraí (a phróiseáiltear a shonraí), amhail an ceart chun eolais faoi phróiseáil na sonraí agus an ceart chun sonraí a cheartú. Ní mór Oifigeach Cosanta Sonraí inmheánach a bheith ag institiúidí/comhlachtaí uile an AE. Déanann MECS imscrúdú chomh maith ar ghearáin a fhaightear ó dhaoine aonair a cheapann go ndearnadh a gcearta maidir le sonraí pearsanta a shárú ag institiúid nó ag comhlacht an AE.
  • Comhairliúchán: cuireann MECS comhairle ar an Choimisiún Eorpach, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an Chomhairle Eorpach maidir leis an tionchar a bhíonn ag dréacht-dlíthe nua ar chosaint sonraí agus maidir le ceisteanna eile a bhaineann le príobháideacht saoránach. Déanann MECS dlúthfhaireachán ar an athbhreithniú atá á dhéanamh ar an chreat dlíthiúil um chosaint sonraí.
  • Comhar: comhoibríonn MECS le húdaráis eile um chosaint sonraí chun cur chuige comhsheasmhach maidir le ceisteanna cosanta sonraí a spreagadh ar fud na hEorpa. Is é an tairseach lárnach um chomhar le húdaráis náisiúnta maoirseachta ná Meitheal Airteagail 29.

Ghlac MECS le Rialacha Nós Imeachta sa bhliain 2012. Athluaitear sna rialacha seo a lán de na prionsabail a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus leagtar síos iontu chomh maith rialacha mionsonraithe maidir leis na nithe seo a leanas: próisis inmheánacha chinnteoireachta, róil na maoirseoirí agus an bhoird bainistíochta, eagrú agus oibriú na rúnaíochta, beartú, riarachán inmheánach agus oscailteacht agus trédhearcacht na hinstitiúide.

Cúlra

Ó bunaíodh MECS sa bhliain 2004, tháinig mórathruithe ar an chomhthéacs dlíthiúil, eacnamaíoch agus teicneolaíochta. Leagadh síos an chosaint sonraí mar phrionsabal ginearálta dhlí an AE i gConradh Liospóin, agus cuireadh béim le roinnt cinntí i gCúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar an tábhacht a bhaineann le cosaint príobháideachta agus le cosaint sonraí mar bhunchuid phróiseas cinnteoireachta an AE.

TAGAIRTÍ

Acht

Teacht i bhfeidhm

Spriocdháta don trasuí sna Ballstáit

Iris Oifigiúil

Cinneadh 2013/504/AE

18.12.2012

-

IO L 273, 15.10.2013, lch. 40

ACHT GAOLMHAR

Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairlemaidir le daoine aonair a chosaint i ndáil le próiseáil sonraí pearsanta ag institiúidí agus ag comhlachtaí an Chomhphobail agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den[Iris Oifigiúil L 8, 12.1.2001, lch. 1]. chineál sin[Iris Oifigiúil L 8, 12.1.2001, lch. 1].

Nuashonrú is déanaí: 27.06.2014

Top