EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52014DC0332

Timpeallacht oibre atá sábháilte agus sláintiúil

Stádas dlíthiúil an doiciméid Tá an achoimre seo curtha sa chartlann agus ní dhéanfar nuashonrú uirthi, toisc nach bhfuil an doiciméad a bhfuil sí ina hachoimre air i bhfeidhm a thuilleadh, é sin nó toisc nach léiriú ar chúrsaí mar atá i láthair na huaire í.

Timpeallacht oibre atá sábháilte agus sláintiúil

Déantar athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh san Aontas Eorpach (AE) maidir le timpeallachtaí oibre atá sábháilte agus sláintiúil, sainaithnítear na dúshláin atá fós le sárú agus leagtar straitéis amach i gcomhair 2014-2020.

GNÍOMH

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Creat Straitéiseach AE i ndáil le Sláinte agus Sábháilteacht ag an obair 2014-2020 (COM(2014) 332 final, an 6 Meitheamh 2014)

ACHOIMRE

CAD A DHÉANTAR SA TEACHTAIREACHT SEO?

Déantar athbhreithniú ar an dul chun cinn a rinneadh san Aontas Eorpach (AE) maidir le timpeallachtaí oibre atá sábháilte agus sláintiúil, sainaithnítear na dúshláin atá fós le sárú agus leagtar straitéis amach i gcomhair 2014-2020.

PRÍOMHPHOINTÍ

In ainneoin laghdú suntasach a bheith tagtha ar líon na dtionóiscí agus cosc níos fearr ina leith, ní mór tuilleadh feabhais a chur ar shláinte agus sábháilteacht ag an obair in AE:

Gach bliain, faigheann níos mó ná 4 000 oibrí bás de bharr tionóiscí ag an obair agus tarlaíonn tionóiscí tromchúiseacha do bhreis is 3 mhilliún oibrí.

Deir timpeall is 25 % d'oibrithe go bhfuil a sláinte agus sábháilteacht i mbaol mar gheall ar a gcuid oibre.

Is do-ghlactha é airde na gcostas de bharr saoire bhreoiteachta a bhaineann leis an obair.

Sa teachtaireacht, moltar clár gníomhaíochtaí i gcomhar le tíortha AE agus páirtithe leasmhara eile, lena mbeidh seacht gcuspóir straitéiseacha:

1.

ról AE a neartú maidir le tacú le straitéisí náisiúnta;

2.

é a fhágáil níos éasca reachtaíocht maidir leis an tsábháilteacht agus an tsláinte ag an obair a chur i bhfeidhm, go háirithe i gcás gnólachtaí beaga,

3.

reachtaíocht a chur chun cinn agus a fhorfheidhmiú ar bhealaí níos fearr ag tíortha AE;

4.

an reachtaíocht atá ann cheana féin a shimpliú;

5.

dul i ngleic le saincheisteanna a eascraíonn as an bhfórsa saothair a bheith ag dul in aois, rioscaí nua ag teacht chun cinn agus galair a bhaineann leis an obair a chosc;

6.

feabhas a chur ar bhailiú staidrimh agus faisnéise maidir le tionóiscí agus drochshláinte a bhaineann leis an obair; agus

7.

comhordú níos fearr ar iarrachtaí AE agus iarrachtaí idirnáisiúnta agus comhoibriú níos fearr le heagraíochtaí idirnáisiúnta.

Mar aon le rialacha nua nuair is cuí, molann an Coimisiún gur chóir modhanna eile a úsáid freisin, amhail tagarmharcáil, malartú an dea-chleachtais, ardú feasachta, noirm dheonacha agus uirlisí TF atá éasca le húsáid.

Spreagtar tíortha AE chun leas a bhaint as Cistí Struchtúrtha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIEanna) le linn na tréimhse 2014-2020 chun cúnamh a thabhairt maidir leis na haidhmeanna sin.

Geallann an Coimisiún Eorpach go ndéanfaidh sé dlúthmhonatóireacht agus measúnú ar an dul chun cinn.

CÚLRA

Tá sé ina sprioc straitéiseach ag an gCoimisiún Eorpach timpeallacht oibre atá sábháilte agus sláintiúil a áirithiú do bhreis is 217 milliún oibrí in AE. Toisc gurb iad na rioscaí céanna tríd is tríd a bhaineann le sláinte agus sábháilteacht oibrithe ar fud AE, tá ról soiléir aige maidir le cuidiú chun dul i ngleic leis an tsaincheist ar shlí níos éifeachtaí.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

Nuashonraithe 30.09.2015

Barr