EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52000DC0191

Straitéis dhomhanda AE um chúnamh agus breathnóireacht maidir le toghcháin

Straitéis dhomhanda AE um chúnamh agus breathnóireacht maidir le toghcháin

 

ACHOIMRE AR:

Teachtaireacht (COM(2000) 191 críochnaitheach) maidir le cúnamh agus breathnóireacht AE i dtaca le toghcháin

Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE)

CAD IS AIDHM LEIS AN TEACHTAIREACHT AGUS LE HAIRTEAGAL AN CHONARTHA?

Féachtar sa teachtaireacht le líne beartais chomhtháite a shainiú maidir le cúnamh toghcháin* agus breathnóireacht toghcháin* AE trí chur chuige straitéiseach agus modheolaíoch, ag cur san áireamh ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí roimhe seo.

In Airteagal 2 de CAE leagtar amach luachanna AE maidir le meas ar dhínit an duine, saoirse, daonlathas, comhionannas, an smacht reachta agus meas ar chearta an duine, lena n–áirítear cearta daoine ar ghrúpaí mionlaigh iad.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tá ceart gach uile dhuine páirt a ghlacadh i rialtas a dtíre cuimsithe i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine (DUCD). I gcás toghchán, teastaíonn sraith chuí rialacha reachtacha agus rialála le haghaidh dea-rialachais. Chun meas ar an smacht dlí a áirithiú, teastaíonn riarachán trédhearcach agus cuntasach ina leith chomh maith, go háirithe maoirseacht agus monatóireacht neamhspleách. Tá sé riachtanach do shaoránaigh go gcuirfí ar an eolas iad i rith an phróisis toghcháin agus go mbeadh siad páirteach i rith an phróisis toghcháin. Tá glacadh idirnáisiúnta leis na critéir atá leagtha amach sa DUCD maidir le bailíocht na dtoghchán a ndearnadh breathnóireacht orthu. Ní foláir nó go mbeidh toghcháin saor, cóir, fíor, go dtionólfar ar bhonn tréimhsiúil iad agus go dtionólfar le ballóid rúnda iad.

Bunaítear tacaíocht AE le haghaidh chearta an duine, daonlathais agus an smachta reachta leis na conarthaí AE. Sonraítear go soiléir in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go bhfuil AE bunaithe ar phrionsabail amhail saoirse, daonlathas, meas ar chearta an duine agus an smacht reachta, arb iad na luachanna bunúsacha atá ag gach tír AE. Glactar misin um thoghcháin mar chuid de shainordú AE.

Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí roimhe seo

Déantar athbhreithniú sa teachtaireacht ar na ceachtanna a foghlaimíodh ó mhisin AE maidir le cúnamh agus breathnóireacht toghcháin a rinneadh idir 1993 agus 2000:

  • teastaíonn straitéis chomhtháite ón AE sa réimse sin;
  • ní mór a bheith cúramach i misin bhreathnóireachta agus gan próisis toghcháin neamhdhleathacha a dhlisteanú;
  • ní foláir nó go mbunófaí comhar níos fearr le grúpaí breathnóirí baile agus oiliúint níos fearr a chur orthu;
  • teastaíonn cúnamh agus breathnóireacht le haghaidh roinnt toghcháin réigiúnacha agus áitiúla chomh maith;
  • teastaíonn misin thaiscéalaíocha sular ndéanfar cinneadh misin bhreathnóireachta a dhéanamh;
  • ní mór misin bhreathnóireachta a choinneáil i bhfeidhm fada go leor chun gach céim de na próisis toghcháin a chumhdach;
  • cleachtadh cigilteach is ea é toghcháin a mheasúnú agus ba chóir go dtiocfadh moltaí le haghaidh bearta amach anseo as;
  • ba cheart d’urlabhraithe misin réamhráiteas a dhéanamh i gcónaí i ndiaidh vótála agus gan fógairtí deiridh a dhéanamh ach ag deireadh an phróisis toghcháin;
  • ba cheart do ghníomhairí AE sa réimse labhairt d’aon ghuth i gcónaí;
  • ní mór nós imeachta cinnteoireachta AE a shoiléiriú agus a réasúnú;
  • teastaíonn beartas comhtháite agus trédhearcach um maoiniú;
  • ní mór comhordú idir an Chomhairle, an Coimisiún agus Parlaimint na hEorpa a neartú;
  • ní foláir nó go mbeidh comhordú le gníomhairí idirnáisiúnta bunaithe ar chomhpháirtíochtaí;
  • ní mór misin AE a dhéanamh níos infheicthe;
  • ní foláir nó go dtiocfaidh na hacmhainní daonna a bhaineann le breathnóireacht agus cúnamh toghcháin leis na cuspóirí polaitiúla;
  • bheadh foirmle luathaithe i gcomhar chinnteoireacht AE inmholta;
  • chuirfí feabhas ar mhisin le modhanna inchomparáide chun breathnóirí a earcú;
  • ba cheart oiliúint níos fearr agus treoir sa réimse a thabhairt do bhreathnóirí AE.

Moltaí don todhchaí

Léirítear go soiléir sa teachtaireacht go dteastaíonn ar AE straitéis maidir le cúnamh agus breathnóireacht toghcháin a ghlacadh:

  • lenar féidir cinntí de réir cáis a dhéanamh;
  • ina gcuirtear chun cinn forbairt struchtúr náisiúnta inbhuanaithe;
  • ina gcuirtear chun cinn iolrachas ar an leibhéal polaitiúil agus sa tsochaí shibhialta áitiúil;
  • ina spreagtar comhpháirtíocht idir eagraíochtaí Eorpacha agus eagraíochtaí neamhrialtasacha agus breathnóirí áitiúla.

Ba cheart cinneadh maidir le misean AE um breathnóireacht toghcháin a sheoladh a bheith bunaithe ar mheastóireacht ar an misean a bheith inmholta, inmharthana agus úsáideach. Dhréachtaigh an Chomhairle critéir maidir leis sin, atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an teachtaireacht seo. Liostaítear san iarscríbhinn seo chomh maith na coinníollacha a cheanglaítear ar bhreathnóirí chun a bheith ábalta a gcuid oibre a dhéanamh.

Leis na critéir seo a leanas d’fhéadfaí bonn a sholáthar maidir le cinneadh a dhéanamh faoi chúnamh toghcháin a sholáthar:

  • iarratas ar chúnamh ó rialtas na tíre aíochta;
  • comhaontú ginearálta na bpríomhpháirtithe polaitiúla agus páirtithe eile;
  • cláir AE um monatóireacht nó um fhorbairt pholaitiúil a bheith ann;
  • achar ama dóthanach;
  • saoirse gluaiseachta;
  • rochtain ar fhaisnéis;
  • sábháilteacht na foirne cúnaimh theicniúil.

I ndiaidh theacht i bhfeidhm Chonradh Liospóin agus chruthú na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), tá SEGS rannpháirteach go gníomhach i misin maidir le breathnóireacht toghcháin, i ndlúthchomhar le seirbhísí inniúla an Choimisiúin (an tSeirbhís um Ionstraimí Beartais Eachtraigh, atá comhlonnaithe le SEGS).

Maidir le misin a mhaoiniú, tá staidéar á dhéanamh ar bhealaí éagsúla chun cinntí a luathú agus a shimpliú maidir le cistí a chur ar fáil agus caiteachas a chur chun feidhme.

Meastar sa teachtaireacht go soláthraítear bonn maith sna critéir um roghnúchán a comhaontaíodh (Iarscríbhinn IV) agus cód iompair bhreathnóirí AE (Iarscríbhinn III) le haghaidh breathnóirí a earcú.

Treoirlíne le haghaidh ratha

Le go n–éireoidh le misin chúnaimh agus bhreathnóireachta, moltar sa teachtaireacht na gnéithe seo a leanas a chur san áireamh:

  • sainordú soiléir a dhréachtú le haghaidh an mhisin;
  • tosú le misean taiscéalaíoch i gcónaí;
  • aonad réimse toghchán AE ina bhfuil príomhfhoireann atá freagrach as comhordú a chur ar bun;
  • cúnamh teicniúil a chur isteach sa réimse ag céim sách luath;
  • tuarascálacha rialta faoi mhisin a sholáthar;
  • oiliúint a chur ar bhreathnóirí uile AE ag baint úsáid as clár oiliúna coiteann;
  • oibriú le heagraíochtaí eile chun oiliúint a chur ar bhreathnóirí;
  • breathnóirí fadtéarmacha a imlonnú 2 mhí roimh lá na vótála agus iad a choinneáil go dtí go réiteofar díospóidí toghcháin ar bith;
  • a áirithiú go gcloíonn gach breathnóir leis an gcód iompair.

Chun measúnú a dhéanamh ar thoradh toghcháin, moltar sa teachtaireacht na critéir atá leagtha amach in Iarscríbhinn III a úsáid.

Chun feabhas a chur ar infheictheacht ghníomhaíochtaí toghcháin AE, moltar an méid seo a leanas sa teachtaireacht:

  • faisnéis maidir leis na gníomhaíochtaí sin a chur ar fáil ar an idirlíon;
  • caidreamh maith a bhunú leis na meáin;
  • ábhar poiblíochta ábhartha a úsáid; agus
  • infheictheacht a chuimsiú i gcomhaontuithe le comhpháirtithe eile.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cúnamh toghcháin: tacaíocht ábhair agus theicniúil le haghaidh próisis toghcháin, lena n–áirítear cúnamh maidir le creat dlíthiúil toghchán a bhunú, páirtithe polaitiúla nó vótálaithe a chlárú agus maidir le hoideachas agus oiliúint chathartha a sholáthar do bhreathnóirí agus d’iriseoirí áitiúla. Tá cúnamh toghcháin ina chomhlánú ar bhreathnóireacht toghcháin.
Breathnóireacht toghcháin: beartaithe chun:
  • daonlathas a chomhdhlúthú,
  • próisis toghcháin a dhlisteanú,
  • muinín an phobail a fheabhsú,
  • calaois a dhíspreagadh,
  • meas ar chearta an duine a neartú agus
  • cur le réiteach coinbhleachtaí.

Tá sé bunaithe ar phrionsabal an chumhdaigh iomláin, ar phrionsabal na neamhchlaontachta, ar phrionsabal na trédhearcachta agus ar phrionsabal na gairmiúlachta.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar an Aontas Eorpach — Teideal I — Forálacha comhchoiteanna — Airteagal 2 (IO C 202, 7.6.2016, lch. 17)

Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cúnamh agus breathnóireacht AE maidir le toghcháin (COM(2000) 191 críochnaitheach, 11.4.2000)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 8 Bealtaine 2008 maidir le misin AE i dtaca le breathnóireacht toghcháin: cuspóirí, cleachtais agus dúshláin don todhchaí (IO C 271E, 12.11.2009, lgh. 31-38)

Conclúidí ón gComhairle maidir le cúnamh agus breathnóireacht toghcháin — preaseisiúint na Comhairle Forbartha, lgh. I-V, 31 Bealtaine 2001 (Ní sé foilsithe san IO)

Rún ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Cúnamh agus Breathnóireacht AE i dtaca le Toghcháin (IO C 343, 5.12.2001, lgh. 270-277)

Nuashonraithe 02.03.2018

Barr